Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seachrán Srianach, 1642

Title
Seachrán Srianach, 1642
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Floinn, Donnchadh
Composition Date
1642
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1953)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Seachrán Srianach, 1642.



1. Murchadh Ó Briain ó Chinn Choradh,
fer dar chóir cosnamh Gaoidheal,
ag cur 'na n-aghaidh tharla:
ní hamhlaidh sin do síleadh.



2. Sluagh Gall ag an mbarún mBrianach -
seachrán srianach dá ríribh! -
agus Iarla Cuain an Chaisleáin
ag gabháil le clanna Mílidh.


L. 20


3. Cócaire ag goid na feola
uaidh féin, ní móide a tharbha -
dála Murchaidh fón Mumhain:
níor chubhaidh d'fhior 'anma.



4. Ag cur i n-aghaidh fear nÉireann
do Mhurchadh chéibh-fhionn chúl-chas,
'na aon i n-aghaidh phobail,
dó níor obair dhúchais.



5. Do b'fhearr a gcur re chéile
's na meoir shéimhe do shíneadh -
ordóg i n-aghaidh glaice
mur atá is maicne Mílidh.



6. Iarraim ar an aon-Dia fíre,
ó 'sé do-ríne ar saoradh,
go dtuga sé do Mhurchadh
leas a anma do dhéanamh.



7. A Mhurchaidh, fiafraigh d'Íobheall
ban-fháidh fíre do shleachta,
an mbiaid Goill díleas díbhsi
ag cur chríche ar bhur n-eachtra.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services