Ceathrar ban do bhí ag iarradh uain
an mhuillinn; adubhairt an muilleóir
gibé aca is fearr do mholfadh a
duithche féin gur dí thabharfach túis riartha
MOLADH NA gCÚIGÍ
AN BHEAN CHONNACHTACH CCT:
Is fearr Connachtaicc ná cách
Is liadh dá cclainn is dá gconách
Fir Éirionn bheith ar aon chnoc
Fearr aon neach as Críche Connacht.
AN BHEAN LAIGHEANACH
Is sughach fíorbhfailteach na fir
Mór dá méin is dá misneach
Ní reibh neach riamh le oineach
Gan a leath nó a thrian na Laigheanach.
AN BHEAN ULLTACH
Ubhalla cumhartha clanna Céin
Is Clanna Néill na n-abhall n-ór
Ná samhuil Clann le Clanna Néill
'Sgur deacair druidim ris an muir mhór.
AN BHEAN MUIMHENACH
Ní chuala an chluas gidh borb an bhreath
Ní fhaca an tsúil chóir choinnleach
Níl ó mhac rígh neimhe amach
Aon fhlaith mar mhatha Muimheanach.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11