Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dán Maoidhte

Title
Dán Maoidhte
Author(s)
Ó Briain, Pól,
Composition Date
1817
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1931)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



An t-athair Pól Ó Brian. Teugasgóir na Gaoidilge a ccoláiste
Magh-an-Fhuaith chum an tsaoidh Eadbhard Ó Raghallaigh, a mBaile
Athcliath,
Roscnuasóir an nuadhfoclóir etc.




Dán Maoidhte.



Is fada Éire gan dáil grinn,
Gan tuigse duan na mbriathar mbinn,
Gan iúl, gan eolaidh ceart, gan fhios,
Gan treoraidh a ndiamhair a hoideis.



Gach siolla scríobh a h-ughdar áigh,
Uadh chál Clann Mhile a gealtráigh,
Cionnas a bféidir a gceadóir,
A gcoimseadh anois, gan Focalóir.



Dligh na mbréitheamhain nós a reacht,
Cruadh leabar Eisge 'sa néifeacht,
Cnuasachna Seannóir Suairc re snas,
Nach buan, gan eocair a ndaor-ghlas.



Ar labair Tórna, Lúghaidh 's Tadhg,
A dtionol Fodhla na nglas-gheug,
Mac Firbis fós, gé buan a tháin,
'San File Muman-searc Mac Aodhagáin.



An ceathrar oide, nach dual gó
'san ngabail-mhineadh, re lámh-cló,
Tigearnach, Bruadan Móran, Flann,
'Gus Cormac óirdhearc Ó Cuilleanann.



Análac Innse Faithlein féin,
Leabar na sirgceart Naoimh Beinéin,
An giolla Caoimhghin, fá mór meas,
is gac ughdar ársaidh cóimhneas.



Seanchas Fiann ag srianadh Goill,
Psalter Teamhra agus Chaisil,
Buan-réim rioghdha, teac Aodha na mbuadh
Is an teanga líobhtha bidh nuaidh.



Gac naomh uadh Phádruic anasg rann,
Fiech Breandan, agas Damhnann,
Go leor fós, nach éadtrom ré luadh,
De mhór-saothar filidh 'gus glan suadh.



Nach tearc anois an Innis Fáil
Gan treoraidh eolach na gcómhdháil
D'ár bféidir a mhiniughadh go beacht
Gan sanas reím 'iul da' gcoimhreacht.



O's fíor, gan uail, gur céimneadh leat
Cnuasach duar-cheap na gaodaltacht,
Iónais gan oisbhreúg, is dóigh linn
Oirchiste dóimheasta a n-Éirinn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services