Truagh mar tá mo cholann chriadh, gan t-sonas gan t-séan;
Ceo ar mo labhra cé do líon, dhiom níor thárluigh beo acht mo bhéal.
Do chuaidh m'éifeacht uile uaim, gan céill gan tuigsin atáim,
Anois ó chuadhmar ar gcúl gan siubhal cos ná lúth lámh.
M'fhuil is m'fheoil d'imthigh uaim, mo threoir, mo bhíodhgadh, mo bhríogh;
Ar bhféachain is truagh mar táim, cual cnámh iar ndéanamh díom.
Ag so, a chuirp, críoch do sgéil, cé ní thuigir ar gach taoibh
Gach fear dá chur i gcomhrain chriadh mar bhiadh cnuimh is darbhdaoil.
do chím fiomchas fúibh, badh hí tfonachas an uaigh;
A fhualáin gan bhláth gan bhrigh, fan go mín a thruagháin thruaigh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11