Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fáilte agus Comhairle Éirionn dá mac Grádhach .i. Domhnall Ó Conaill

Title
Fáilte agus Comhairle Éirionn dá mac Grádhach .i. Domhnall Ó Conaill
Author(s)
Ó Briain, Pól,
Compiler/Editor
Pól Ó Briain
Composition Date
1815
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1929)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Fáilte agus Comhairle Éirionn dá mac Grádhach .i.
Domhnall Ó Conaill.



Fáilte dhuitse ar dheise slán,
A mhic mo ghrádhsa 'chuaidh thar toinn,
Do chosain meas is clú na ndámh
A chainid dáimh ar éacht na sonn.



Lá dá raibh badh líonmhar mé
I maoin, i spré, i gclú 's i gclann
Faraoir! le fada chlaon mo ghné;
Ní hiongnadh mé bheith tochtach fann.



Is deorach ainiobhach gan bhréag
Do bheinn-se i ndiaidh mo dhalta grinn,
dá gcluinfinn tásg gur dhún an t-éag
Do rosg gan chlaon, ba tuirseach sinn.



'S é fáth mo dhochar gointeach géar
A d'fhágais aon go fann ar lár
Ach tuig gur truagh don t-é nach léir
Gach tuirse tréan do thig ón ár.



Mar sin a chumain shuairc mo chroidhe
Ná tréig an t-slighe 'tá díreach ceart:
Urraim, reacht, is dísleacht riogh;
Ar bhiodhbhaibh do thíre sgaoil do neart.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services