Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tAthair Diarmuid Ó Séagha do chan

Title
An tAthair Diarmuid Ó Séagha do chan
Author(s)
Ó Séagha, An t-Athair Diarmuid do chan,
Compiler/Editor
Ó Séagha, An t-Athair Diarmuid
Composition Date
1822
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1929)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An t-Athair Diarmuid Ó Séagha do chan.



A chroidhe na gcealg ní machtnamh duit déistin ort
Tríd an ngalar le marbhthar céad i gcorp,
Smaoin do bheatha is lasaig do shaothar locht,
Is bíodh do threabhar i bparathas Dé mar ghort.



Smaoin gurab aisling flaithios an tsaoghail bhoicht,
Níl duit acht aisdear i n-amharc ní fhéachan ort,
An tí badh neartmhar 'na sheasamh indé ar an gcnoc
Do chidh go hanbhfainneach marbh lag tréith anocht.



Críost do cheannuig an t-anam go daor i gcroich,
Spíon 'na bhathas is tairinge géar 'na bhois,
Fíon-fhuil dhearg ré a bhallaibh go méir a chos
Le bíodhbha i n-aisge ní mheasaim go léigfeadh a lot.



A Mhín-Mhuire aitchim thu, a bhancarad chaomh gan spot
Is aon-luibh chabhartha is cneasuighthe ár gcreacht an chroch,
Is guidhe na h-apstal ag agall chuim Dé ar mo shon
Go dtig dá bhfeartaibh sin m'anamsa 'shaoradh ar olc.



AN FEAR CÉADNA DO CHAN.



A cholann lobhtha do chodalas do shean-sháith féin
I bhflocas bhog gan osna ar bith tré fhearg-chás Dé,
Is doilbhios sin doirteadh fola dá dtuigtheá é
'S go ngoiliomna go follas ar an gcnoc lá an tsléibhe.


L. 52


A cholann thug taithniomh t'aigne don bhláth shaoghalta
Ag ól an leanna 's ag caitheamh gach sáirbhéile
Do spuir ghreanta is do chapaill ag árd-léimnig
'S is olc an charaid dom anaim bhoicht lá an tsléibhe sibh.



Nách uathbhás ort, a cholann chriadh, mar taoi
A thuatáin bhoicht atá 'locadh Dia do ghuidhe,
Ad' chúil chnámh chrosda is brosna píast ad' chlídh
Badh buan bárr t'olc gan fortacht Dia dod' dhíon.



A cholann dhona chorrach chrosda smaoin i dtráth
Docraidh follas-dhorta fola Chríost 'sa chnéadha
Loma-tholladh a chorcair-cosa, a thaobh 'sa lámh
'Sna coraibh dochta noch do fochtar díot san mbás.



A thobair shochair dhoirteas srocha is taoide grás
Na dtonnaibh boga i bhfochair dronga ghnídheas a bhfághail,
Ós follas crosa is corrtha colla síor am dháil,
coisg dola, cosain ortha díol do chnéadha.



Féach an ceann gan ann acht áit na súl
Is féach an dranndal manntach beárnach úd.
A fhir úd thall cé teann do rádh-sa liom
Biaidh do cheann gan amhras lá mar siúd.



Féach i n-áirde an áit 'na mbíodh an tsúil,
Féach san áirse cnámh an chinn gan chlúmh,
Féachan lámh láidir ar díth a lúith,
Is féach 'na dheaidh sin grása ó Rígh na ndúl.



Is fada liom síos do chím mo leabaidh san uaigh,
Is gan eadram is í acht líonbhrat casda go cruaidh,
Screalm rem' thaoibh is na crimhesi a' gearradh mo ghruaidh,
Is aiste nách fillfead go dtigidh lá ghairmthe an tsluaigh.



Mo chruadhtan an t-uaigneas go léir am chionn
Ar chruaidh leaba fuair, 's gan éadach fugham,
Na sluaiste aca 'bualadh na cré lem' chúl,
Is nuair bhualaid go ngluaisid go léir chuim siubhal.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services