Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dáibhí Mac Pádruig Uí h-Iarlaighthe, cct.

Title
Dáibhí Mac Pádruig Uí h-Iarlaighthe, cct.
Author(s)
Ó hIarlaithe, Dáibhí mac Phádraig,
Composition Date
1752
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1928)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Cúis mo leanna-sa an cholann go drúiseamhail dian,
Cúis mo leanna gach galar ag connlughadh am chliabh,
Cúis mo leanna ná leanaim go dlúth thú, a Dhia,
Cúis mo leanna 's is eagal gur pudhaireamhail iad.



Mo chumha, mo dheacair, mo pheannaid bhocht phudhaireamhail phian
Mé ad rúsga ad bhathas go fiosach le tnúth-rún riamh,
Le dúil a chleachtas a mealladh gach brúideamhail mian
Is lúthradh an chealgaire chleasaigh dam' stiúrughadh fiar.



Ní lia ar na trághanaibh gráinne gainmhidhe ar slaod,
Ní lia ar na bántaibh fás ag teacht trí an bhféar,
Ní lia an bláith glas bán ar bharraíbh craobh
Ná a liacht do dháileas táire do cheart-dhlighe Dé.



Dá liacht do ghrása a ghrádh nár admhuigheas féin,
Is dá lia ar na práidhinnibh báis ar cheannuighis mé.
Dá lia ar shliocht Adhámh a gcás cídh clamh claon é
Is dá lia ag ad mháthair gártha do dhleacht-dhlighe am phléidh.


L. 64


A Mhuire gheal mhánla do'n bháb thug súgha as do chliabh
Is do chonnairc an pháis d'fhúig cásmhar tusa 'n-a diaidh,
Cuiridh na gártha am' pháirt go n-umhladh an triath
Mé sgiomradh óm' cháim 'san ard-bhrogh fhionn mé riar.



Ó's sibhse mo ghrádh, mo chonách, mo chnú, mo mhian,
Mo chiste in gach práidhinn, mo sgáth, mo stiúir, mo sgiath,
Go dtuigir gach cás i n-ar gábhadh dhúinn tú mar liaigh,
Is cuiridh leam' chneádhaibh gach plástradh dhúinn, a Dhia.



Cidh stráil dhána mé noch stollas dlighthe is bréirthe an úird
Le plás buirbe, le toirmeasg, le taod, le tnúth,
Le cáim mhonnabair, le formad, le craos, le drúis
'S gur le grádh bronnag dham chum toil mo chuirp an saoghal cumhair.



Bás obann dam na hoibrigh-se, a Dhé na ndúl,
Acht bláth-fhoilcidh mé ó fhochallaibh mo chlaonta ar dtúis,
Fáisg sruthanna as mo rosgaibh-se i n-éiric súd,
Gáir olla dham is do chorcair-chruith mar bhéile ar siubhal.



Ní shilim gach lá tréad' pháis sruth chroidhe na ndeor,
A chumairc dhil ghráidhigh na ngrás, mo mhíle brón,
D'fhuilingis táirnge ad dhearnain is trídhib go beo,
Is na deilgne sáithte i n-ard do chinn mar choróin.



Gach sgige is gach táir ar dháil ó'n ndruing nár fhóghain,
'S an diomblas d'fhághail mar shásamh dighe dod' bheol,
Ad' chlidh ghlain do sáthag thú go hárainn is tríot 'n-a dheoidh,
Do chuireadar tráth chum báis tú a Righ na gcomhacht.



Diúltuighim feasta dam' aimhleas drúis is iulc,
Is diúltuighim feasta do'n charrabhus bhrúideamhail fliuch,
Diúltuighim feasta do thabhairt na mionn gan brigh,
Is diúltuighim feasta do gach peacadh ar ar shiubhlaigh mé.



Umhluighim feasta do'n athair fá stiúir ar neimh,
Is umhluighim feasta dá Arraid-mhac mhúirneach dhil,
Umhluighim feasta go talamh do'n bhúig-spioraid ghlain,
Is umhluighim feasta fa amadh do'n triur gan sgur.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services