Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uilliam Ó h-Iarluighthe, cct.

Title
Uilliam Ó h-Iarluighthe, cct.
Author(s)
Ó hIarlaithe, Liam,
Composition Date
1760
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1928)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Níl agam do ghréithre an tsaoghail co n-a mheabhlaligh
Adadamh le mbréugfuinn béith na mogall bhfannlag
Acht acfuinn is tréinrith, léim is cloch do theannlac
Is labhairt go séimh do réir na bhfocal seannda.



Nó maide do ghléas ar éill dheis shocuir leabhar-chruibh
Do'n daraigh ghil éadtroim éasga bhoirbh sheainn-chlis,
Racaireacht séimh ar théadaibh chuireas gall-phuirt
Is aithris ar thréithibh Chéin mic Conaill Gabhra.



Cá fearrde mé gan bheith clé ar ghunna dhá luadh,
Cá fearrde mé gur mé léighfeadh gach seana-phár cruaidh,
Cá fearrde mé bheith tréitheach ar ghaisge lá an tsluaigh,
Is nach áil le béith anois mé gan talamh d'fághail uaim.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services