Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tuiridh ar n-Éag Thomáis Uí Allmhuráin .i. an Saor Mór

Title
Tuiridh ar n-Éag Thomáis Uí Allmhuráin .i. an Saor Mór
Author(s)
Mac Cruitín, Séamas,
Composition Date
1844
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1927)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Tuiridh ar n-Éag Thomáis Uí Allmhuráin .i. An Saor Mór.



le Séamus Mac Cruitín.



Táim tinn-leag tláth claoidhte ó chuala tásc
Mná caointhe mo thíre go buartha ag gláim.
Crádh croidhe do lucht laoidhthibh i dTuadh-mhumhain árd
Bás bíogthach an tSaoir bhoicht ba shuairce cáil.



Cáil ceannsacht' is annsacht' do thaithigh Tomás,
Níor ghreann leis An Clampar nó creachadh bochtáin.
Rádh rann suilt le seann-stoc níorbh fada leis tráth,
'S ag lamhchur gach dán glic ba shneasda is ba shámh.



Ba shámh séanmhar an saor é, is ba shultmhar suairc,
Tráth thréigeadh a shaor-chumadh tuiridh gan gruaim,
A lán dréacht ba lán léir dó nárbh fuirist do luadh,
Mo léan-chreach go faonlag é curtha san uagh.



I n-uag chráidhte is truagh an sáir-fhear ba mhaordha modhamhail
d'fhúig dáimhe Chúige Chlár Luirc go faonlag fann,
Gan duan dána i n-uaim cháinte le léigheadh as leabhair,
Ó chuaidh an sáir-fhear Tomás geal d'éag mo lom!



Mo lom léan-ghort togha éigse faoi n' fheartaibh gan bhrígh,
Is suadh saorthach buan briathrach gan focal le sígheadh,
Gan aon de shliocht Éibhir chun m'osnadh chur síos,
Ó d'éag an saor-fhlaith ba shochma chun grinn.



Greann gan gangaid do thaithigh an saor go suairc,
Gan mheang gan aithis do chanadh gach dreácht gan duais,
'Na shláinte sealad dá maireadh gan bhéim, gan bhuairt,
Ba shámh leis glasaibh na nGallaibh do raobadh, anuas.



Anuas ó leagadh sin Sagsanaigh claon gan smacht,
Is gur bhuaidh an Conallach calmmhar an réim thar n-ais,
Ní truagh liom sealad faoi aindis an tréad gan ceart
Is mór gur measa liom lannaire an léighinn do shlad.



Slad ar an mbás a dh'fhág gan bhrígh mo laoch
Gan obair, gan dán, gan fáilte fuinn 'na bhéal.
Ó d'imthigh an dáimh dob' fheárr i gcríochaibh gCéin,
Ní bhfuil agam le rádh acht gur fágadh sinn gan léigheann.



Léigheann is leabhair do chleachtadh an Saor go sítheach
Béarla blasda is Laidin na mbriathra mbinn
An Ghaedhilg ghasta 'na ceachtaibh ba léir do shuidheadh,
'S an Ghréigis ghreanta dob' aithnid dó léigheadh 's do scríobhadh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services