Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Poet's Manuscript

Title
A Poet's Manuscript
Author(s)
Mac Conmara, Donnchadh Ruadh,
Compiler/Editor
Walsh, Paul
Composition Date
1758
Publisher
(Má Nuadhat: Cuallacht Chuilm Cille, 1927)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


DONNCHADH MHAC CONMARA CT.



An chéad lá don mhíos Júine Aois Chríosd 1758.



Gealluim si dhíbh si nar ghabhadh Práag
S go mairid a mílidh s gur teann táid
Do fearadh go fíochmhar a ndeabhadh le fírnimh
S do greadadh an Rígh le Count Duán.



As tapaidh an t-amus gur Brún áig
S an taca nar mheata an Prionsa árd
Do gearradh na mílte do glanadh an trínsi
Do sgaipeadh s do sgaoileadh a bhfann-námhuid.


L. 44


Ta an barra air tír leó agus togha an ágha
S ni taisi air mín-mhuir le longbháthadh
Ta Sagsona thíos de gan tapa ionna taoisig
Gan laga ar a buidhean acht ag canrán.



Ta tóirneach air bóchna agus foghuil ghnáith
Agus gheóbhthar poll dóighte sa gcomhlán
Airgfidh Laoiseach a mbailte s a dtíortha
Agus casfuig an Stíobhard go ceann áir.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services