Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta (Irisleabhar Mhuighe Nuadhat)

Title
Dánta (Irisleabhar Mhuighe Nuadhat)
Author(s)
Úghdar Áirighthe ar Dhearbhadh na h-Eaglaise,
Composition Date
1709
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1927)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Úghdar áirighthe Ar Dhearbhadh na h-Eaglaise.



A fhir cheannasach d'fhuil Ghearaltaigh ó Dhún na bhFlann,
Is ó'n bhfatha ghil mar a gcleachtadar do shinnsear greann,
Aithris dúinn cia an chaibidil n-a bhfuaras ann,
Cead dearbhtha ag an eaglais ar thaobh na nGall.



'Ainnir dhil thug barra leat ó'n árd-fhuil tréan,
Is gasda chirte thánga liom do ráidhte béil,
An eaglais seo cheapamar chun guidhe le Gaedhil,
Gur dhearbhadar gan dearmad i n-aghaidh grása Dé.



'Íosa Críost is aon-Mhic Muire na ngrás,
Do shaor an chine daona agus d'fhuiling an pháis,
Nach éachtach an scéal is nach cruaidh an cás
Easbuig is cléir ag géilleadh do Ghallaibh ar clár.



Ar clár nuair phreabaid siad go priomhláideach,
Leabhair aca ar leathadh is dá spalpadh gan puinn crádhnais,
An dlighe fuair Peadar ó fhlaitheas ó'n Rígh neámhdha,
É aca ar talamh is é stractha 'na ríorádh aca.



Ríorádh is pléaráca ag an eaglais bíonn,
Ar bhochtán dá gcúrsáil ag buaint airgid díobh,
Sparáin dá gcruinneadh nár órduigh Críost,
Is mar bhárr air dul ag áiteamh i gcoinne an rígh.



Ní h-é an rígh tá ar talamh is measa le tréigint dhíbh,
Ach Rígh na bhflaitheas do dhearcas gach claon i n-bhúr gcroidhe.
an té so cheannuigh gach anam dár chúm sa tsaoigheal
lé n-a chuid fola dá dortadh, as aon-chorp Chríost.



A Íosa Críost do chídheas léd shúile trócaireach'
Gach beart do-ghním san tsaoigheal go mío-chórach,
Réidh-se linn an bhuidhean nach dtug na móide
I gcoinne do dhlighe, beir sinn dod' rígheacht glórmhar.



Níl prionnsa ná úghdar ná easbog mór díobh,
'Na thútor do mhúinfeadh a leas do thuataíbh
d'iompuigh i n-aghaidh dúthcas' is thug na mionna tuaithbheal
Nach ar fionntar idir Luther agus Calvin chuadar.



Sin scéal bocht i n-Éirinn gan greann gan sult,
An chléir so nach géillid dá dteampall cirt,
Do léigh a Recantation le dream an uilc,
Do bhí Gaedhealach indé is tá gallda indiu.


L. 36


Is iongna shaoghalta liom féin na sagairt so d'iompuigh,
Nach lasann an spéir 's an talamh fútha
Aitheanta Dé dá raobadh is dá gcur ar gcúlaibh,
Troscadh na naomh dá shéanadh, tá'n creideamh múchta.



Sin aithriste dhuit 'ainnir dhil na ráidhte módhamhail,
Cia an chaibidil a ndeachadh an eaglais ar thaobh na nGall,
Do ghrádh airgead do bhaileadh insa tsaoghal gach am,
I gcúrsa a n-anamna freagrach 's iad féin i gcam.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services