Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Clampar

Title
An Clampar
Author(s)
Ó hAllmhuráin, Tomás,
Composition Date
1844
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1926)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A Rí do-chíos go cruinn ó fhlaitheas
Gach smaoineamh cealgach sanntach,
Is do dhíbir sinn aníos ó'n mbaile
'Na mbíodh saoirse, fearann is ceannsacht,
Go Beárna na Gaoithe neimhe is gailige,
Ó shíonta fairrge feannta;
Tárrthuigh sinn ó choimheascar achrainn,
Dlighe, agus bheartaibh an Chlampair!



I mBeárna na Gaoithe ag suidhe chum margadh
Is sinn do mealladh i n-annracht,
Ba ghrádhmhar sinn, ba chaoin, ba charthannach
Síodamhail, leanbaidhe, ceannsa.
Ga geárr arís, an uair críochnuigheadh ceangal,
Do bhí againn atharrach damhsa:
I n-áit an tsíoda bhíonn 'san gcalicó
Scíord an feannaire Clampar.



I mBeárna na Gaoithe do-chím gach anacra;
Is innte stadann an t-ampladh,
is gnáthach claimhe gan liaghas ar chapaill ann,
laoi ní mhaireann na gamhna;
An t-eallach lag-bhríoghach ann, caoire sceabacha,
Daoine i n-easba 'san tSamhradh;
Meathann an síol, ní thigheann an bheatha ann,
Dlighe bhíos fairsing, is Clampar!



Ní'l baintreabhach lag-bhríoghach ná íocaidhe fearainn
Ná daoine dealbh ar ghann-stoc,
Ó Chill Íomadh aníos do'n Eanach,
Nó arís ó'n gCathair go Ceann Tuirc,


L. 29


Nach screadamm de shíor ar Rígh na bhflaitheas,
Ar impidhe maitheas do'n cheanntar,
É thuitim le haill i n-aoirde mara
Nó'n phíp do chnagadh ag an gClampar"!



A Lachtín chroidhe 'sa Naoimh ró-bheannuighthe,
Ó's naimhde leat-sa gach ainspioraid,
Is fada do bhí tú i gCill na bhFear Buidhe,
Is innte bheannuigh tú teampall;
Screadaim ó chroidhe ort, guidhim is gairim thú,
Saoir sinn feasta ó amhgar,
Scaip-se nó scaoil, pé slighe i n-ar maith leat,
As croidhe do thearmain, Clampar.



Ceangal.
Is é Clampar an ainspioraid is danardha gníomh,
Is é an ceann é 'bhfuil cam-choir is cealg 'na chroidhe;
Tá'n fann-lag i dteannta bhíos gabhtha 'na líon,
Is beidh feannta gan amhras ag cleasaibh cham' dlighe.



Dlighe foighde go bhfaghaimíd an fhoireann 'tá bocht,
'Tá ag rainnt leis an gcladhaire dubh danardha bocht,
Badh shaidhbhre dhúinn luighe amuigh fá dhuille na dtor
'Ná 'san gCill seo d'ár saighdeadh ag cloiginn na n-olc.



Is olc iad tréithe claona cuirpe an chinn,
'S is olc an chéim do'n tSaor bhocht tuitim 'na líon;
Is olc an féicheamh é, is ní furast a dhíol,
'S is olc go léir gach féith is cuisle 'na chroidhe.



Croidhe sanntach na gcam-chor is na milis-bhréithre,
Neimh is neannta air, cidh sleamhain bog fé chochall bréige é;
Ní gann-stoc ná tamhas bocht 'tá i n-ionad céille
Ins an gceann so an Chlampair, acht iomad céille.



Éigceart do thréigfinn is do theithfinn ó chinn,
Is mo léan-chreach, dá mbéinn mear do b'fhearra fó thrí
Téarnamh do'n Éigipt ag obair do'n rígh,
'Ná pléidhe leis i bhféilteachta Mhuire is Mhíchíl.



A Mhíchíl naomhtha ghlégil, a chara is 'annsacht,
Le mín-stair bréige claona cama má thamhaisir,
Geallaim, a thréithe claona cama má thamhaisir,
Gur maith í do bhéim, nó réabfaidh a shranga fé Chlampar!



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services