Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Liam Ó Duinnín cct.

Title
Liam Ó Duinnín cct.
Author(s)
Ó Duinnín, Liam Cct.,
Compiler/Editor
Ó Duinnín, Liam
Composition Date
1834
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1926)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


LIAM Ó DUINNÍN CCT.



A fharaire ghlain eagnaidhe 's a bhráthair gaoil,
Is easmailteach faid mhairfir-se 's is náireach daoibh
T'athair maith do dhearmad gan trácht id scríobh,
An maireann sé nó an ndeachaidh sin ar lár san chill.



Ba cheanamhail do ghlacadh sibh, 's ba ghrádhmhar caoin,
'S do chaitheadh libh i leabhraibh gan fán gan fuigheall,
Ód leanbh duit ar bhaclain do mháthar mín,
Gur thaistealais tar fairrge id lán-fhear groidhe.



A rúin 's a chumainn 's a chuisle ghil chaoin mo chléibh,
Is dubhach liom sibh-se do dhruidim tar tuinn i gcéin;
Tabhair le tuigsint go bhfuilir imshníomhach 'nár dtaobh
'S gan cúl an chollaigh bheith agat led mhuinntir féin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services