Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saoghal an Duine

Title
Saoghal an Duine
Author(s)
Ó Longáin, Micheál Óg,
Composition Date
1828
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1925)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



SAOGHAL AN DUINE.



Ní'l i n-ár mbeatha acht aisling bheag bhaoth gan bhrígh,
Nó mar luing ag taisteal na mara 's a bréid le gaoith,
Nó fiolar feargach faltanach faobhrach nimhe
Ag imirt a ghaisce gan taise ar an éan mbeag mín.



Nó saighead mar caithtear go hacfuinneach tréin-mhear groidhe
Le díogras dearbh, ná faictear a raon 'san tslighe,
Nó críon-bhláth scagtha ná maireann acht tréimhse bhaoith,
Nó saor-bhogha ceatha ag malairt le spéir na síon.



Nó mar lonnradh leathan bhíos tamall roimh ghréin 'na shuidhe
'San ngeimhreadh seaca, nach fada go dtéid re gaoith;
Nó mar chaise do thagann go slaodach síos,
Nó mar aisling bheag ghearra gan séan gan suim.



Nó oidhche ghearra ná braithtear ag téacht chum cinn,
A's do scaoiltear seacha ar maidin re héirghe laoi;
Nó fuighe gan tathac, nó osna do léigthear linn; -
A's dá bhrígh sin, aitchim, bí id sheasamh chum éaga i síth.



MÍCHEÁL ÓG Ó LONGÁIN,
I nGleann Maghair, 1828.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services