Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tuirse

Title
Tuirse
Author(s)
Ó Coileáin, Seán,
Compiler/Editor
Seán Ó Coileáin
Composition Date
1817
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1925)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



TUIRSE.



I meadhón oidhche na suan sidhe
An tan chodlaid cách go sóghail,
Bím-se an tráth soin fá dhíth,
Go cásmhar ag caoi mo dheor.



Ar éirghe maidne do'n ghréin
Ní thugann chugham suan 'ná sógh;
Is ní bhfaighim saoirse ó'm phéin
'Ná sosadh, ar dteacht do'n ló.



Ar ascnamh dí i meadhón laoi
Ní scaireann sí suim mo cheoigh,
Is ar ndul i n-a leabaidh do luighe
I n-anacradh bím 'na deoidh.



Tar, a Bháis, tré dhaonnacht tím,
Réidh mo cheasnaí, réidh mo ghleo,
Réidh mé ó chathaibh an tsaoighil;
Ní bhfuil m'fhortacht sonn go deo!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services