Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Thall is i bhFus

Title
Thall is i bhFus
Compiler/Editor
Móin an Lín
Composition Date
1822
Publisher
(B.Á.C.: Cuallacht Chuilm Cille, 1916)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



1.
Aoibhinn do lucht an eolais mar is dóibh is aithnid Dia,
An cnoc is aoirde is é is fuaire cé gurab uaidh is giorra an ghrian.



B 1820lsc 19T
2.
A Chríost na n-abstal do dhealbhuigh spéartha ar dtúis,
Do chruthuigh flaithis is talamh re saor-thoil dúinn,
Sinn-ne ó dhealbhais eatortha i ndaorbhroid chumhaing,
Mínigh feasta linn t'fhearg is réidhigh ár bpúnc.



Sinn fá ndeara gach sgamail dar léigis chughainn,
Fá dhaoirse ag Danaraibh Sacsan gach lae dár mbrúghadh,
Do bhrígh nár leanamar cantann do bhréithre ar dtúis,
Acht líonta do ghangaid gan seasamh dá chéile i rún.



Do bhadhas-sa sealad ar mearbhall céille is iúil,
Go rinnceach, ragairneach, meanmnach, aorach, súghach,
Gan cuimhneamh agam ar aithearrach saoghail am' chionn,
Go h-aois dom' chrapadh 's gur dalladh mé ar aon-rosc súl.



Críoch mo labhartha is gairid go mbéad ar siubhal
I líonta an mhalartaigh mheallas na céadta liom;
An uair is claoidhte marbh mo shean-chorp léigthe i n-úir,
A Chríost na h-agair ar m' anam a saothar súd.



Guidhim go daingean thú, a athair mhic Dé na ndúl,
Guidhim do bhanaltra bheannuighthe taobh leat dlúith,
Guidhim na h-aingil, na h-apstail go léir 'sa n-úird,
Slighe do thabhairt dom eadraibh féin 'san gcúirt.


L. 51


B 1817ls 19T
7.
Atáim ag tuitim ní h-ionann is riamh anois,
Mar sgáil gan fuinneamh, gan mire, gan rian, gan rith,
I ndiaidh gach turais dá dtugas le mian mo chuirp,
Noch d'fhágfad curtha 'na chonablach piast fá'n lic.



Fáth mo thuirse nár thuigeas go mbéinn mar sin
An tráth ba mhinic mé ar mire thar riaghlailbh chirt,
Gan tábhácht san ionad 'na bhfuilim ag triall anois,
Acht tabháirneach, imirtheach, tuilte do chliathaibh chlis.



Lucht ráis le mire ní fhuilingid srianta is spuir,
Is táid ar buile agus tuigsin is ciall acu,
Ag trághadh is ag tuitim go bhfuilid gach bliadhain dá dtig,
Mar bhláith na coille nó luisne do shliabh 'na rith.



D'fhás am' chuisleanna uisge is do liath mo stuith
Táinig daille orm chuireas mé siar is soir,
Tráth am' fhurtacht ní tugtar dam liaigh ar bith
Is fearr ná tusa mhic Mhuire is a Dhia atá ar nimh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services