Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Father Matt Horgan, P.P., M.R.I.A.

Title
Father Matt Horgan, P.P., M.R.I.A.
Author(s)
Ó hArgáin, Maitiú,
Compiler/Editor
T.de R
Composition Date
1839
Publisher
(B.Á.C.: Cuallacht Chuilm Cille, 1913)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



I. Dán chum an uasail léigheanta, R. Saintil,
deichmí, an céad lá 1839.



Beannacht dhuit, a Shaintil chóir,
mar do fuair Maecén ón bhfáidh,
ní bhfuil eile a cCorcha seóil.
aon do dhéinfeadh gniomh níos fearr.



Atá tú méinn, go huasal, árd,
ós cuimhne riot ar an ollamh,
ortsa béidh a mheas go bráth,
asé an bárd atá ad mholadh.



Áthrighe glé, iad so am chomhair,
lán do bheóir na Fódhla is fearr,
riamh aon tráth, ní raibh san Róimh
fíon caecúb is blasda breagha.



Romhán ceart aseadh tú féin,
Shaintil, mar Mhaecén árd,
nár dhearmad ar chor an éigis,
gan seas Bheoir chur ar a clár.



II. An dara dán, chumh an uasail léigheanta,
R. Saintill.



Saintil! is baodhach an Éigse dhíot,
Ón ttabhartas fuair sé uait lá aon,
Dá áthrach chóir, tá lán do dheagh-bheóir.
Ar a Sigle bhí, go soilléir, an aois,
Is ó nách ró-bhaodhach is cóir bheith ort.



An éigse truagh, chomh binn ná fuil
Amhail tú féin, mar Maecénas
Do mholadh thú fíor, is sin ó chroidhe,
Na dhuain go caoin, go ttuilfhir meas.
Saintil go bráth, gan gábhadh, ad leas.


L. 68


B 1835 19L
U Maitiú Ó hArgáin

Feadh na Mumhan ba sgéala truagh,
mar cuireadh ann ar an tsluagh.
do thuit amach an tocht' lá déag
do Dheithmhi, ar Chlann bhocht Gaodhal.
Do chionn na diolaidís sraith trom
le Ryder Dubh, an Cléireach cam,
sior-shraith Teampuil, Deithchughadh dhaor,
ná fuil follas i ndlighe Dé.
Baintreacha agus mná aosda.
i nGuirt ruaidh, cruinnighid le chéile,
ar Lá Nodlag, déanaid cuinne
chum gol dubhach, i ndiaidh a gcloinne.
IS fógraid uatha mallacht trom
do thuitim ar an gCléireach cham,
ar Cholleith leis, is Bagley bhaogh,
le ruathar orra is sgrios aon lae.
Caoinimíd le deóra guirt,
is caoinimíd go deó, an sgrios
san nGuirt ruaidh, thuit go déanach
ar a daoine, bhí go créachtach.
Ba chréachtach é, ba ghointeach a táir
ar dhaoine bhochta, gan osadh le faghbháil,
gan chosnamh aca, gan arm ná éide.
do dhíonfadh iad ar Chléir gan daonacht.
Nách truagh ar fad, nách creach go bráth,
óga Gaodhal bheith fann ar lár.
a ccrú dhorta go follas don tsaoghal,
do chionn Deithchughadh tá 'crádh Éirionn.
Nách truagh an sgéal, nách mór an táir,
atá le fada ar Innis fáil;
acha gan chreideamh, gan chroidhe daonnacht,
le eanga is truagh iad, Clanna Gaodhail bhocht.
Díog na Cléire, Rydir docht,
gan cúis do theasg na daoine bocht',
le arm Uilliam, a ccrú gan cuimse,
san nGuirt Ruaidh do mhairbh na daoine.



Créad do dhéinfeadh a mná feasda,
acht bheith ag bualadh a mbánghlaca,
a ndiaidh na bhfear nár chaill a gcáil,
do thuit go fann, le arm námhad.
Nách iongna ár ccroidhe ná pléasgann,
nách iongna ár n'uchc ná raobann,
le deora guirt is éimh a mná,
le meud, le creach an trom áir.
Beidh Rath Chormuic fada ag géur-ghol,
Uibh Liatháin agus Fear Maighe Féine,
tá an tír uile is Corcach Mumhan,
ag caoine an áir sa bhfeirg dá chionn.
Beidh an laoi go bráth i gcumha,
is beidh Abha Mhór ag gol go dubhach,
i ndiaidh na Laochra, a samhail fíor
ní dhearcfamáid go deó arís.
Ruider Dubh is Colleith cruaidh,
is Baglei baoth chuir ar an tsluagh,
mallacht a leinbh is mallacht a mná
go ttuitidh orra, go leanaidh go bráth.


L. 69


Rith is ruathar, creach gan faosamh
go ttuitidh gan osadh ar Colleith chreachtach,
ar Ridir leis, gan clann dá ccaoine,
ná dá ttionach, le céile guidhmíd.
díoth is donas is dochar na ndéigsúd
a cCocytus doimhinn, go rabhaid da dtraochadh
go dtuitidh ann, go luaith fá bhrón,
gan faghbháil fuasglaidh orra go deó.
Gach naon uile, go leanaidh iad síos
go Tartarus dubh, i gceasnuidhe gan fuighil.
chuir ar na mbocht, dá ttorca gan faosamh
go bráth go bhfanaid gan aiseag don tsaoghal.


L. 74


B 1836c 19L

THE WIDOW OF MATEHI.
A DIRGE.
January 8th, 1836.



Éisdidh liomsa, is doilbh sgéal,
is deórach mé a mbrón go fíor,
mo chroidhe atá i riochtaibh pléasg,
ó! mar táim anois gan bhrigh.
mo chéile d'éag
ó lámhacc an phléir,
is beidh go luaith ar feódh san ccíll.



'San Aoine aniu an tochtmhadh lá
do Januar, le solus rae,
na faolchoin tháineadh chuir an áir
is díothúghadh fíor dhom féin.
cuir uaig chléireach
chruaidh gan daonacht
Rin dílleachtaidhthe díom gan speis.



Os minic chlois mé an dubh-fhiach
fó an tteaghlach, insan ngleann,
an catcheann san oidhche 'glaodhach,
a ttásg chomhartha inár ccionn,
mífhortún é,
is follus léir,
go ndeinfidh ar mo ghrádh an feall.



A chomharsana nach meise an truagh,
ón bhfeall rinsiad go moch laoi,
atá mo chroidhe chomh dubh le gual,
ó tháinig Hudson dubh an fheill,
dfág é gan luaill,
mo cheasnuidhe chruaidh,
leam thriar dilleacht coidhche chaoi.



Cé cuirfeadh dom an garraidhe a gcóir?
cé dheinfeadh an foghmhar san am is cleacht?
cé bhainfeadh dhom go luaith an mhóin
no thógfadh liom mo mhuirir lag?
ó tá sé ar feódh,
gan éirghe deó,
ó nách domhsa é an tróm chreach.



Ós cuimhne liom gur me do léirigh
is chóraigh é na léine uaimhe,
dá gheill bhí sí ar mo chéile,
ba gheille liom a ghéaga buan.
acht tá sé tréith,
ó lámhacc an phléir,
le Hudson dubh do thuit gan luaghaill.



Ós truagh me go deó dá rádh
gur baintreabhach me ón lá so amach,
mo thriar dilleacht, mo chlann ghrádhach,
a mbrón beidh choidhche ó an ccreach,
ó thuit go faon,
le lámhacc an phléir
do raobh a bheól sa shnódh ar fad.


L. 75


Ní dearmad dhom ar feadh mo shaoghail,
an maine lamhacc mo chéile chaoin
idir mo lámha thuit sé a néag
eo air m'iorradh a chrú gan níghe.
ag seo an spré,
san comhartha cléibh,
bheidh ar m'éadach go rach do chill.



Ní fhágfhad neanntóg ar a uaimh,
ina bhfuil sé sínte tréith,
do ghnáth beidh mé leam dhilleacht thruagh,
ag úrnaigh ar a shon chumh Dé.
gur b'é mo chríoch,
ní fada an mhoill,
go mbeidhmíd sínte leis san ccré.



An cléireach gheall go ttabharadh díol
dom thriar dilleachtaidhthe óg,
ní tógbháil choidhche fiacha feill
uaidh súd, chuir seinn uile a mbrón.
a dhéirc 'sa dhiol
da chomhdhaltaighe,
chuir sé dár ndíoth go moch san ló.



Nách cosmhail é le mactíre,
an cléireach dubh a measg na n'uan,
dá n'éirleach leis do ló is d'oidhche,
do chionn Rátha ag Ghaodhail is truagh.
dfhág mo chéile chaoin
go fann gan bhrígh,
an tsraith do dhíol le cléireach chruaidh.



Och! tá mo chroidhe ró-thinn ó bhrón,
agus ó dheóra is dall mo shúil,
atá an chnaoidhteacht ann mo shnódh,
ní eólach dham an tslighe le siubhal.
aon tsuaimhnis sógh
ní bhfaghfad go deó,
go gcuirfidhear mé re n'ais san úir.


L. 76


B 1834 19L

BRÁDH-CHAOINE PHILIB CHROS SONN.
LE MNÁ BOCHTA NA BUIRRINNE.
Aois Críosd, 1834 Oct.



Caoinimíd, is ní gan áthas
Pilib Cros, a gcarcair sáighte,
giúisdís briste na síothcháine,
a gCorcaig Mumhan, fuair sé náire.
Náire an aonaigh dhuitsi guidhmíd,
do chuir cuffaí chruaidh ar dhílleacht,
shladais ar fhiadfhis feadh ar dtíre,
chreachais bochtáin, an uchlán choidhche.
Coidhche is náireach dhuit é innsint,
gur cuireadh tú don mhuillin ag mínmheilt,
ó sgiobadh lachan ó dhoras gach tighe leat.
málaí olla is iorradh na hoidhche.
San oidhche an ló, dhuit náire shaoghalta,
do dhíol an cat ar ní gan éifeacht,
an gaibhrín liath, is íad gan bhéile,
an bhaintreabhach bhocht sa clann le chéile.
Dá dhíolais fós, a réich le croidhe dubh,
an clóuta garbh do ghlanadh ár ttroighthe,
do thraochais marbh, gan anfadh an chaoire
ón mbaintreabhach dhealbh, gan bainne na hoidhche.



Sgaoilte tá an léun go leanaidh
tú, phróchadóir, ar feadh do bheatha,
nár theidhir slán go bráth ón gcaithir,
acht éag gan cléir go fuar ad charcair.
A gcarcair, a Philib, go rabhair go saoghalta,
sgrios ar do bhuidhean, nár choisg do claonta,
má tá agat cloinn, gan meabhair éifeacht
ag aon díobh, ár nguidhe le chéile.
Asé thuillis uainn, ó chlann ár ccloinne,
mallacht throm bheith choidhche ad choinne,
ós tú do chreach ár nógmhuirir,
is chuir sinn uile gan teach ná fuithin,
Gan fuithin ná teach ag aon dod shórd,
ag próchadóir ná creachdóir bó,
gan rath ná seun dhiolfadh deó
aon deithchughadh feadh bheidh sé beó
Beó ná marbh nár rachair ó phianta,
annso annsúd, ar feadh na bliadhana,
fiabhras brothail is galar go cíanta
go leanaidh tú, Philib, go aisiog ár bhfiacha.
Fiacha troma go ttuiteadh ad dhrólin,
go aisiog tar ais dár shladais ón ccomharsain,
gan aon rath, gan meas, ná mórtais,
ag foghlaidhe boicht na prochadóiridhe.
Mo dhilleachtaidhe do rin siad riamh,
mo dhuine, chreach tú féin le bliadhan
a mallacht sin is ár mallacht throm
go ttuiteadh ort anuas ad cheann,
Ó'd cheann, ód choluinn, go sgriostar do mhaoine,
go rabhair fíor-lom mar shampla daoine,
ag eachairt déirce agus diolaim
ortha chreachais is íad da dhíol leat.
A Philib Cros, cros is créim ort,
gan meabhair ad cheann, ná neart ad ghéaga,
go léighidh an deithchughadh do mhaoin shaoghalta,
go dtutir a ttreas gan cabhair réitigh.
Ag Cerberus go raibh ort cuffaí,
a ngeimhleach chruaidh ag Phluto shíos,
pian is peannaid, sgalladh mar dhíol,
go bhfaghair mar thuilleamhais, a Philib an fhill.


L. 77


Feall is bruid, creach is éigean
ortsa gan mhoill, gan chabhair ód ghaolta,
mar mhillis sinne, mar mhillis céadta,
milleadh anois ort, lead shliocht le céile.
Os críoch dár nguidhe, gan tásg ná tuairisc,
gan cúntas cruinn, cá anfadh ad tfuadach
go Ticheron dubh, go huile lead chuallacht,
go Lá na Breithe a bpeannaid gan fuasgailt.



B 1834 19L
Air, Bacchanalian.
An máilíin do guideadh uaim.



Tá sgéal go déanach chuala
dá léighe insan CCRONICLE.
ar Philib Chros bhí luaidhte
gur buadhadh air gan dearmad.
do chionn cuffaí chruaidh chuir
ar Bhrianach bhí go fearamhail,
do bhainfheadh dhe a ghúna
sa bhfuair do bhárr a dheithchuidhthe.



Ós fada Gaodhail da ccrádh
ag giuistisidhe gan bhreitheamhnas,
gan aca féin le náireamh,
acht priosún, feall agus ceangal ghlais.
gunnaí is cuffaidhe lámha
ag ceangal Gaodhal gan atuirse
is gurab amhla atá le tréimhse,
a nÉirinn do chionn deithchuidhthe.



Do bheadh ár meanmain árd,
dob áthasach gach duine againn,
na méirligh seo ar fán,
is gan éirghe a naon duine aca,
dobheadh againn ór is arán,
is fíon is feóil, gan irriosa
ag bronnadh séad ar dháimh,
's ag riar ár cCléir, mar thuilleadar.



Ós sgéal é seo is meabhair liom,
do cloiseadh le gach duine agaibh,
mar traochadh Pilib feallsa,
ní labhrfad ar a thuille dhe.
acht gluine lán le fonn-cheart,
bíodh a láimh gach fir againn,
sláinte Uí Bhriain gan amhras,
nár chaillidh neart a chuisleanna.



B 1835c 19L
AN BHAINTREABHACH AGUS AN MINISTIR.



An Guth, - Le cian is fios a nÉire.



in the Reporter of Saturday, 18th of April.



Ministir Orange, a halla na shuidhe,
's sona is súgach a réim,
is tímcheall a bhúird bhí a chomhdhaltaidhe
le fleadh is le fíon gan spéis.
ag caitheamh go leór 's ag sloga deagh-
bheóir,
do bhádar, 'na ccleacht, a sgléip,
"Do Romhánaigh brón, nó díthcheannadh dhóibh,
mara ndíolaid ár ndeachuighthe daor.
mara ndíolaid ár ndeachuighthe daor.


L. 78


Ár bpudar ba thirim, do lamhachmair na pléir,
ag teasgadh gach naon linn ráineadh,
Seo, lionaidh gach gluine, go hárd, go léir,
bhúr sláinte si féin do lámhaigh iad.
Siúd mar ba ghnáth linn, le fada ár réim,
asé seo ár ccleachta a nÉirinn,
deithchughadh is feall, beidh aguinn féin,
is fuil dá dortadh gan éiliomh.
is fuil dá dortadh gan éiliomh.



An bhaintreabhach bhocht, shuidh go brónach síos,
gus a gruadh go ráineadh a glún,
is rinn go guirt, go deórach, caoidhe,
agus dubhairt is truagh mé a bpúdhair,
ar sí, is truagh mé a bpúdhair.



Ón Orange do theacht, a gcrú an féur.
mar bhí aca gunadh is cloidheamh,
na pléir do lámhacc, mo mhac tá faon,
ó mo mhach! mo aon mhac fíor!
mo aon mhach fíor



dféach a glún agus dubhairt go fochiúin,
ar na Cléireachain mile leun
mallacht na bhfeadhbhadh go leanaidh iad súd.
ó! Thighearna leam ghuidhe anois éisd.
ó! Thighearna leam ghuidhe anois éisd.



B 1820c 19T
IS doilbh do thost, a Éire cháidh,
is dubhach do chlann, fé diombádh,
is tromchroidheach, faraoir, do chléir,
d'iompuigh a nduairceas do ghnáth-réir.
Ná déin iongnadh do mhéid mo bhróin,
ní cluinfear binn-ghuth cruite ceóil,
ní éistfear dán nó suairc-stair seann,
i mbarr mo chnoc nó i mbun mo ghleann.
Ní bheidh siansán seilge nó fuaim,
beidh m' fhior-chlann go síor fá throm-
gruaim.
beidh géar-ghol dian, ó rinn go rinn,
ar feadh oileáin iaththlais Éireann.
Táim gan tsliocht, gan chion, gan charaid,
tréigthe ag gach naon bhí am fharraidh,
cé léighfidh stair na sean Ghaedheal,
ó éag m'aonmhac, mo chreach chruaidh-ghéar?
Mo sgoth, mo bhláth, mo chrádh, mo cheas,
mo shagart suairc ab uaisle meas,
cé mharbhfas olc? cé dhéanfas maith?
ce chuirfeas síol árd-riogh na bhflaith?
Cé stiúrfas cách i slighe na sean?
is truagh baill iar gcaillte a gceann,
is dithmbuan dóigh an tsaoghail táir,
is lúthgáir liom bheith gan lúthgháir.
Níor sheasaimh riamh ar altóir nDé,
fear ba líomhtha, ba úire féith,
dá mbfhéidir d'aingeal fás ar fheabhas,
ba dhual éisteacht le na oideas.



B 1848c 19L
CATHAIR CHONRÍ.



IS dubhach atáim anois dá luadh,
ar shleasaibh Mís, is mé gan treóir,
nách cumas liom ó táim gan lúth,
an chathair árd do dhearcadh deó.



D'fhág mo bhuidhean mé annso tréith,
níl neart agam iad a leanmhaint.
tá an cnoc ró-árd, is mise faon,
dá chionn is éigin annso fanmhaint.



Buadh le Abell, go dtéidh sé slán,
is le Uindél, ná fuil am radharc,
is Uillis féin, tá 'nois go hárd,
sgamal ceóidh thuit air go doimhin.



An grioth féin, faoi néalta dubha,
gan radharc am shúil ó mhéad an cheóidh,
nach fios dom anois cad is déanta liom,
dul dá leanmhaint nó filleadh fós.



IS eagal liomsa gur drochní
do chuir uaim iad, a bhfad tar fóir,
nách bhfeicfead iad go luath arís,
ó's dubh mar oidhche atá an smól.



Táid chomh fada uaimsi a gcéin,
gur cosmhail dóibh bheith faoi dhraoidheacht
ag mnáibh sidhe an duibh shléibhe,
nó fós bfhéidir a nDún Conrí.



Annso fhanfhad go dtig an lá,
go bhfeicfead iad san gconair chóir
ag teacht chugham, ón gcnoc cheannárd,
's nó go dtigid, is adhbhar dobhróin.



A bhuidhe re Dia, dearcaim chugham
na hóga 'teacht, acht táid go tréith.
ní maith, is dóith, tá ionnta siubhal,
is tá siad fós a bhfad a gcéin.


L. 80


IS ar éigin shamhlaighim iad,
atáid arís go doimhin 'san gceó,
is eagal liom a bhfán san tsliabh,
go mbéid ann uaim go teacht don ló.



Ní bhfuil siad ann, is ní teacht dóibh,
ní aon díobh tá ar shleas an tsléibhe,
ní dhearcaim uaim acht sgáile chlódh,
is níl siad fós ag teacht fám dhéin.



A meanmain atáim go mór arís,
an óg-bhuidhean táid ag teacht am dháil.
ní bhfuil siad anois faoi cheó draoidheacht
ag Conrí, ina chathair árd.



Do ritheas ann go luath na naghaidh,
le congnamh dóibh chum teacht anuas,
do bhí an gleann chomh clochach, doimhin,
agus an aill ó'n tsioc chomh fuar.



do bhrathas iad go lag, gan luaghail,
'sná raibh ionnta siubhal na slighe,
ó bheith le cian 'san gcnoc dóibh shuas,
's gan aca somhaltas bídh ná dighe.



Fiafraighim díbh, an bhfuil sibh saor,
gan baoghal, óna siabhraidhibh?
nó an slán sibh ó gach céim
is dainseur mór, dá bhfuil san tslighe?



IS eagal liom, ón dtrom cheó,
ó shioc na hoidhche, do bhí go liath,
go bhfuil sibh fuar 's fá ocras mhór
óir táimse féin gan deoch ná biadh.



Ós fada dham san áit seo 'siubhal,
le súil go bhfeicinn sibh ag teacht,
óir b'eagal liom sibh dhul amugha
a nuamhaibh dubha na ngleann a bhfad.



A óga is áthas liom a rádh
sibh theacht chugham, is díbh bheith saor
ó chuasaibh aillte, ó dhainsear fáin,
ó shioc na hoidhche is ón spéir.



A Abell, innis dom féin go fíor,
fáth bhur moille, is ná can gó;
a bhfaca sibh an flaith Conrí,
na a inghean, an Bhlanaid óg?



Suidh annso ar bhruach an fhéir-ghlais,
a dtaithneamh gréine is cán gan brón;
cúis bhur laige, mar tá fáth éigin
le bhur mbeag riocht is bhur mbán shnódh.



Ar shuidheachán ghlas do shuidh siad síos,
is labhair Abell go h-aithghearr,
ag cánadh sgéala is iongantaighe,
ar Conrí féin, 'sa inghean bhláth.



An tImtheacht.



Nuair dhearcamar ná raibh ort fonn
sinn a leanmhain tar shleas an tsléibhe,
's go raibh daoine ad' fhochair ann,
is ann ár meabhair ná raibh ort baoghal.



Ní sgarfhaimis leat ar chúis san domhan,
acht an náire dá fhaisnéis dúinn
go bhfillfimís gan cuairt do thabhairt
ar chathair árd an triath Conrí.



An tráth do sgaramar leat san aill,
is gearr nár dheimhin an chonair chóir,
mar tháinic orrainn anceó, go doimhin,
is ar ár radharc do bhí claochlodh.



An oidhche thuit annsin go lár,
níor bhfollas dham anois an tslighe,
Seaghán Uindél uaim ar fán,
mo chara ghnáth ba hosna croidhe



Am aonarán, mé 'siubhal tar fóir,
go raibh mé lag, go raibh mé faon,
níor chumas liom luaghail níos mó,
óir tuirse mhór bhí orm go héag.



Do shuidh mé síos a mbuaireamh mhór,
gan furtacht dfhaghbháil; ní raibh am chionn
mo cháirde Uillis, agus Seaghán,
mór chosmhail dóibh a theacht am shlighe.



Níor bhfada ann do bhíos am shuidhe,
nuair thuit mé síos a ttoirchim suain,
's cá fhad do bhiós annsin am luighe,
níor bhfios dom féin an lá nó uair.



Dúisigheadh mé óm' shuan a dtráth,
le Rioghan álainn, bhí go caoin,
a héide breagh mar shneachta bán,
a roisg mar réilt 'sa clódh gan timheal.



Amhail mín-sgoth dobhí a gruadh,
'sa leaca mhín chómh geal le haol,
a folt fada ar dhath an óir,
'sa com seang, mo mheas, ba chaol.


L. 81


d'éirigheas suas is go hathlámh
d'umhlaigheas féin don Rioghain óg,
dá dtugas searc is grádh go buan,
óir b'íse ainnir na gcuacha nóir.



An tan fuaras mo ghuth arís,
's umhal dfhiafraigheas de'n Rioghain shéimh:
Arbh'ise Déirdre do ghrádhaigh Naoise,
Arbh' ise Aoife no Blánaid féin?



Do fhreagair mé a nguth ró-bhinn
an Rioghan chaoin, is é do ráidh,
Mise Blánaid, inghean Conrí,
atá ad chomhair anois a dtráth.



Nuair chonnairc mé go rabhais le héag,
's ná raibh téarnadh ar do chumas,
thángas chughad le do shaoradh
ó dheamhnaibh aeir, is Sidhe na gcnoc,



As iad do chuir an ceó úd ortsa,
is doilbhthe draoidheachta do bhí go dubh,
do chuir ar fán do charaid Seaghán,
atá anois slán 'sag teacht ad fhogus.



Ní dearmad dom Uillis cródha,
atá sé saor mar aon dod bhidhin.
is társa liom don chathair mhór,
go bhfillidh Conrí chughainn tar tuinn.



An Sruth dfhan uait ar chiumhais an tsléibhe,
ní bhfuil aon chomhacht ag sídhthibh air.
's dá dtigeadh sé, mar aon libh féin,
do ghéobhadh fáilte inár gcúirt.



Atá sé anois 'san gconair chóir,
lán do bhrón ag feitheamh libh,
fad is bheidh sibh taisdiol romhaibh,
a stiuir 'sa chuideacht ní misde dhíbh.



Do bfheasachdham, le cian an tráth,
do thaisdiol bheith go Corca-Dhuibhne,
is ná raibh aon dob fhearra cáil
ná tú féin, a gCorca-Luighe.



Tarsa liomsa do'n chathair áird,
le fleadha dfhaghbháil is fíor fáilte,
do gheábhaidh Uillis agus Seaghán
rogha gach bidh is togha gach dighe.



Dob' fhios le cian dham do dheaghcháil,
fáth dar thugas meas is mian duit,
anois ó táir annso am dháil,
labharfaidh mé a gcomhrádh caoin leat.



Chomh luath is chriochnaigh sí an rádh,
do tháinic Uillis agus Seaghán,
phreabh mo chroidhe le meidhir shóláis,
fá a mbeith slán arís am radharc.



Do leanamar an Rioghan bhreagh,
go rángamar do'n árd-bhrugh righe,
ní fhaca riamh, ní raibh le faghbháil,
dún ba mhórdha, dún ba haoibhne.



Do bhí an fleadh léighte ar chlár,
miasa lána, is coirn dighe,
uisge beatha is beóir Mhárta,
is ón Spáinn bhí rogha gach fíona.



Ag freasdal dúinn ní raibh ann aon,
ná ag tabhairt proinne chughainn isteach,
gach ní dá fheabhas, mar ba mhian,
gan gábhadh iarraidh, bhí lé ár nais.



A míre meanmain dúinn go léir,
ag aithris rann a ngnás na bhfile,
tig trácht ar nós na Sean-Ghaodhal,
is ar ár gcuairt a gCorca Dhuibhne.



Ba hamhla dhúinn le hinnsint sgéal
go meadhón oidhche, ba súgach sinne,
ag eisteacht léi a namhrán Gaodhal,
a nguth chomh binn le ceólta sidhe.



Leis an gceól, is fíor le rádh,
do thuit mo cháirde 'na dtrom-shuan,
is tógbhadh iad go leabaidh árd,
acht d'fhán mé féin ag Blánaid shuairc.



Ba mhór mo mheanmainsi an tráth
do fuaras cuireadh shásaigh mé,
dul go seómra álainn breagh
is codladh ann go teacht an lae.



Aon ní eile ní chanfad féin,
acht leis an ngréin má's fíor an rádh,
do dhearcas Uillis agus Seaghán
ar thurtóg fraoich, a gcodladh sáimh.



Nuair dhuisigheas iad, do b'iongnadh leó
créad an fath bheith dhóibh san tsliabh,
tar éis an fhleadh thug Blánaid dóibh,
rogha gach ní da bhfuarsad riamh.



Acht thuigeadar gur cleasa draoidheacht
do tharla dóibhsin, ón tsluagh Sidhe,
's do Bhlánaid óig do bhádar buidheach,
do bhrígh gur shaor sí iad ó dhíth.


L. 82


Dob eagal linn go rabhais lag
ód' choisigheacht mhór ar feadh an lae,
go raibh ort ocras agus tart,
re taobh tu bheith go críona a naois.



Do thángamar araon anuas,
is ní gan duadh, go bun an tsléibhe,
ba mheanmnach, ba háthas mór,
thú bheith buan annsin romhainn féin.



Sin agadsa mo sgéal dobróin,
má thuigeann tú gur mór mo dhíth,
óir beidh mo chroidhesi duairc go deó,
go bhfeicidh mé mo Bhlánaid chaoin.



Fillfidh mé ar m'ais don Dún,
is fanfhad ann ar feadh mo ré,
go bhfeicead í, go dtí am chionn
an Rioghan óg, do b'áille gné.



Acht muna bhfeicead í níos mó,
tigeadh an bás go luath fám dhéin.
óir ón ngrádhso, ní fada beó mé,
muna dtigidh sí dom fhurtacht féin.



Ní fios do aon neach méad mo dhíth-si,
óir rug sí barr ó mhnáibh an tsaoghail,
a sgéimh ba háille, a rosg mar réalta,
a samhail ní fhacas ar feadh mo ré.



Slán le Uindél, mo cara dhílis,
a Uillis, slán leat, ná bíodh ort cás,
a Shagairt, slán leat, is guidh le díogras,
go bhfeicead í sul a bhfagh mé bás.



B 1834 19L
DOCTOR DOYLE.
An Elegy. July 3rd, 1834.



Do thuit an bile dob aoirde fás,
adhbhar bróin go fíor is mairg,
atá sé fann, atá a mbás,
Easbog mórdha Cilli Dara.



A ttaobh nár bhuan a chursa a réim,
a ttaobh a rae ná raibh fada,
dfág a gcuimhne againn, 'na dhiaidh,
méad a chroidhe, a mhian, sa mheabhair.



Raelthan eóluis Theampuil Chriost,
a ngrádh tar fóir do Éire shean,
pillóir mór ar feadh a shaoghail,
ag teagasg dhaoine ar a leas.



Ní raibh aige ór ná iolmhaoin,
múrtha árda ná dún daingean,
a bhfuair sé riamh, do roinn le croidhe
na carthanachta, le gach fíor dhealbh.



A bhfoghluim ghnáth 'sa tteagasg naoimh,
do chaith a rae ná raibh go buan,
beidh Chathairloch a mbrón choidhche,
an Sruth tréan go tréith san úaimh.



Atá na cnoic faoi cheannbhrat cheóidh,
na Stiridh dubha go duairc le aga,
is Sliabh na mBan, beidh docht go deó,
ó thuit príomh Shruth Cilli Dara.



Atá srotha deór le abhainne chaoine,
atá an Neóir go dorcha dubh,
atá an tSiúir a mbrón choidhche,
is asaídh Bharúbhac a ngol nguirt.


L. 83


Atá Liffidh na mbarc gan sógh,
gan gaoth sheoil, is cúis mhairg,
na dearcadh sí arís an leómhan,
ar a shlighe go críochaibh Sacsan.



Ó dheithchughadh dhaor, ag comhrádh linn,
a gcaoibhne ccóir gach naon dubhairt,
"fuaith na nGaodhal di, bráth do shíor
amhail ghrádhann siad ceart comhthrom."



Cé chuirfheadh an cath a naghaidh ár námhad?
cé thógbhadh meirge Éire arís?
cé dhéinidh díon do bhochtaibh fáin,
J.K.L. ó tá san ccill?



Ba ghuirt iad deóra Cléire Críost,
ba bhrónach iad ar feadh a mbeatha,
acht go gcreidid, go ttuigid fíor,
ag righ na Glóire go bhfuil a anam.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services