Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Séamus MacCuirtín ro chan ar Uilliam mac an Ghabhann uí Bhriain

Title
Séamus MacCuirtín ro chan ar Uilliam mac an Ghabhann uí Bhriain
Author(s)
Mac Cruitín, Séamas,
Compiler/Editor
C.Mac an Bh
Composition Date
1848
Publisher
(B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha, 1910)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Séamus Mac Cuirtín ro chan ar Uilliam mac an Ghabhann Uí Bhriain.



A chruit Chinn Choraidh cháidh
ionmhuin liom do chomhbháidh
Ag moladh fearta Bhriain gan béim
a shéan a theaghlach 's chaithréim
Músgail fós a shéad na ríogh
taithniomh tré t-aséirighe
óir maireann fós aithghein do chrú
dar cóir do théadaibh do ghléasadh
Cidh thréig mo theas an leanán laoidh
le m'chine cian ba chaomhnuidhe
Cidh tláth na tréighthe fuaireas féin
ní lughaide leatsa mo dheigh-mhéin
Ní lughaide fós bunudhas mo dhuan
ó cheap na riogh fuair bláth bioth-bhuan
Fíoraon follus fial gan sgáth
iar n-éirighe in Éirinn a ndeagh-thráth
Fine ar Banbadh gur fiú
glan-ghéag da geinealach do dhíreadh
Caomhnadh calma cáidh da thír
léirghas lonnrach d'fhuil Eibhir
Cidh mór do'n treibh sin tháinic fós
fuair flaitheas feidhm agus fomós
Na réimheas féin go gasda grinn
ó theacht a sinnsear go h-Éirinn
Acht cheana cidh gur mór an modh
ní táire túis mo thagaradh
'Ná aon don dáil a d'imthigh roimhe
ó Luighiodh meann go Brian Bóroimhe
Dá bhrígh sin cuirim cuimhne dán
ar dháimhibh gaodhail go h-iomlán
A chrú na n-eigsibh séan mo shian
d'Uilliam loinn-mheanamnach ó Bhriain
Bile buacach bláthmhar beó
d'fhíor-fhuil Dáil cCais na dtrom-slógh.
Tíreach tréightheach feartach fidh
mileadh marthannach mór-chroidheach
Is mór an modh cur síos ar fhlaith
dá dhúthaigh dháileas an uile mhaith
Blath-chroidhe buan-tseasmhach da cheart
neamhspleadhach le formad ná foirneart.
Tráth ba chlaoithe Clár Luirc caomh
'sa buidhion á briseadh gan iontaobh
Uaisle Gaodhal i ccarcar Gall
is slabhruidhe Sagsan na dtímcheall.
An tráth sin, is sinn traochta tláth
tig reall na ruibhne le rógh-bhláth
Ag músgladh meanma 'san tslógh
is ag fuasgladh Banbadh ó anró.
Ó shoin anuas níor thréig an saoi
cúis na h-Éireann an aon tslighe.
Go seunaidh Críost a ghníomh sa ghuth
go dtógaidh i ó anachruth.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services