Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Páis ár dTighearna

Title
Páis ár dTighearna
Compiler/Editor
P. Ó C.
Composition Date
1822
Publisher
(B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha, 1910)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



PÁIS ÁR dTIGHEARNA.



Dobhí san taraingreacht Mac Dé do theacht san t-seanreacht
Do thúirleangan a mbroinn Mhuire ógh naomhtha na ceannsacht'.
Trí ráithe dobhí Mac Dé a mbroinn na Maighdine Muire,
Mar ar ghlac colann daonna chum bheith 'n-A Dhia is n-A dhuine.
Dorug an óigh a hAon-mhac a stábla san mBeitil
Gan caill a hóghacht dí fein 'n-a dhiaidh, roimhe, ná an uair sin.
Cionnus do b'fheídir dhí bheith n-a hóigh is 'n-a máthair mhic i
n-éinfheacht?
Mar nach le geineamhuin daonna ghaibh É acht le hoibriughadh an Spioraid
Naomhtha.
Sin mar tháinig ar an ttalamh Aon-mhac an Athar neamhdha
Do bhreith buadh ar an diabhal 's ag fuasgladh Clainne Ádhaim.
Do sgaipeadh Leis an dorchadas. Do shoillsig lonnradh A ghrása
d'fhóir na peacaigh bhochta ó'n diabhal is ó n-a sglábhdhacht.



Labhram anois go hathchumair ar phoncaibh prinsiopálta A pháise,
Ár tTiagharna Iosa Críost do shaor sinn má's áil linn.
Gach ar fhuiling is gach a ndeárnuigh ann gach áit is tír 'n-ar ghaibh
Cia an sgriptiúir mar adeir Eoin 'n-a ttoillfeadh fá dheoigh a leat?
Dá bhrígh sin is nách béinn liosda do'n tí le 'r mian 'n-a mheabhair a
bhfághail
Tugadh gach críostuidhe fá deara gach príomh-phonc chanaim go haith-ghearr.
A chríostuidhe dhílios na ndeighbheart agail Críost gidhbé thú,
Toradh A shochair leat do roinn ag smuaineadh fá leith ar gach pongc.
Ní bhfuil smaoineamh ar bith le fighir na cruise go dian
Is fearr dobheir buadh ar ár neascaradh. Námhaid an anma as é an diabhal.
Smuain mar dobhí Críost 's A dheisgiobail uile 'n-A fhochair
Tráthnóna Diardaoin na Comaoineach, 's gach n-aon díobh gur ionnail a chosa.
Smuain do'n dara pongc mar d'órdaigh Críost uasal
Sacraimin na haltórach mar bheatha spiordálta bhiothbhuanda.
d'fhoillsigh Críost san pongc úd líonmhaire A ghrádh' do na peacaigh
Ag tabhairt A chuirp naomhtha féin mar bheatha spiordálta d'á n-anam.
Meadhaig mar d'imthigh Críost go lubhghort Getsamaini
Mar a ndearrnaig urnuighthe fá thrí. An t-aingiol d'Á chómhfhuracht
tháinig.
Annsúd do chuir Críost d'Á chorp allus fola an tan do smaoin
Ar ghéirghreada A mhór-pháise. A pheacaigh ghránda tuig ad' chroidhe,
Ná dearmuid póg Iúdais do Chríost, 's mar do thréigeadar A dheisgiobail
É,
Mar do gabhadh is do ceangladh leis na hIúduighibh Aon-mhac Dé.
Smuain mar dorugadar leo É go teagh Ainias a ccéadóir
Mar ar buaileadh an bhos Air ann go n-iomad dímheas is easonóir.
Dorugadh É'go tteagh Chaipias, 's dotugadh Mac Dé dhó ann
Chum A chéasda gan cháirde. Bad truagh an cás thar ár cceann.
Dorugadar É do láthair Phíolaid. Áirdbhreithiomh do b'é a ghairm.
Badh dhaor a choiste annso 's a ghárda chumh fios d'fhághail ar
A bheatha.


L. 63


Do chuir Píolaid go hIoruad Críost. Do chuir Ioruadh
geil-éadach uime A chorp dobhí lán do naomhthacht. Mar fhonmhóid
Fé dorinne sin. Do chuir Ioruadh Mac Dé thar ais chumh
Phíolaid áirdbhreitiomh ba chlaon Mar ar cuireadh coir bhréige
Air, is d'iarr na Iúduighidh le crochadh É. Dochuaidh an cine
Iúduighidh go huis a ccomhairle ar Chríost go heasumhal.
Do cuireadh coir bhréige Air is fiadhnuise bhréige d'á dearbhughadh
Do ceangladh do'n phiolóir É le córdaoí caola lán-chruadha.
'S nách truagh sin ar son an duine díol Mhic Mhuire os comhair an
t-sluaigh
Do buailedh tuille is cúig mhíle buille do na sgiuirsibh dobhí ro-ghéar
Chum sinne shlánughadh ó gach díth ar chorp soillseach Aon-mhic Dé.
Do cuireadh púicín ar aghaidh is iad uile d'Á bhualadh, 's d'Á léasadh,
Is d'á iarraidh Air a innsint dóibh cia aca féin dodheineadh A bhualadh,
Do cuireadh coróin spíona ar A cheann, is deilgne tholl A fheoil go cnámh
As sin go hinchinn ionnus gur shíl an fhuil ó bhathas go sáil.
A pheacaidh ar a bhfuil daillchiach smuain mar dobhí súile Chríost
D'á ndalladh le rith na fola do shíleadh ó bhathas A chinn.
Do thaisbeáin Píolaid Críost d'éis A sgiuirsighthe do'n phobal
'S A choróin spíona ar A cheann. “Ag so an duine,” ar sé go follus.
Do chuir Píolaid Aon-mhac Dé ar láimh A námhad d'Á chur chum báis.
Do nigh a lámha ar a shon sin chum a neimhchionnta do thaisbeáint.
Smuain a pheacaidh na locht mar do shéan Peadar Críost
Trí huaire ria gairm an choiligh is gur ghlac chuige le deor aitrighe.
A thruagáin atá le cian ag séanadh Mhic Dé na ndúl
Fill thar ais mar dorinne Peadar fó chuing chneasta is glacfuig tú.
Tráchtam ar an ní ccéadna ag smuaineamh mar d'iomchuir Críost
An chros chéasda ar A ghuaillibh go Cnoc Calbhair mar a raibh a suighe.
Do thuit Críost fá'n ccroich le hiomad an bhfuaine agus síobhail,
Is d'fhág fíghir aighthe san mbrat do chuimil Bheronica d'Á ghnúis.
Dofuair easonóir mhór is teinnios ag tarraing A éadaigh d'A chneas
Is É ceangailte n-A créachtaibh, féach féin ar thruagh an bheart.
Do láthair an phobail dorinneadh sin tré 'r athnuadadh na créachta
Dorinneadar na sgiuirsí Air chum bheith ag síleadh i n-éinfeacht.
Do ceangladh cosa agus lámha Chríost 's do síneadh ar an ccrann ccéasda
Gan truagh, gan taise, gan cás, le tairngíbh garbha géara.
Do shracadar A chlidh ó chéile 's do hosgladh A thaobh go fíor,
As ar shíl fuil is uisge a ndiaigh na sleagh do sgoilt A chroidhe
A bhfacathas san domhan mór díol Mhic De ar aoinneach
A ccroich trí huaire beo a bhpéin mhóir d'Á shír-chéasadh?



Ag so na heascháirde dobhí ag Críost a n-aimsir A pháise.
Ba truagh A dhíol 's A neimhchion 's A thaircuisne ag námhaid.
An chéad eascaradh dobhí ag Críost Iúdas do reic É le cách,
Do dhíol É ar deich bpinginne fichead 's do bhraith É fós d'A námhaid.
Na saighdiúirí do ghaibh É, amus do bhuail an bhos go lóin,
Nicodémus mar an ccéadna, iad le chéile do badh námhaid.
Na hIúduighigh do chuir coir bhréige Air is fiadhnuise bréige gan
mheabhrughadh,
Dotháinig ann aighidh an Éinmhic dá dhaora le dearbhughadh;


L. 64


An dream d'fhoilig A aighidh, do ghaibh do dhóirnibh Air 's do bhosaibh;
Iorruadh dorinne Faoi fonmhóid 's go leor sgige agus magaidh;
Píolaid dorug breith bháis Air, na céasdúnaigh dorinne a sgiuirse
Do chuir coróin spíne ar A cheann 's do chéas É fó thuirse,
Gaduidhe na láimhe clídh ann A fhochair ar thaobh na cruise
Thug aitis Dó go géar; 's do ghuidh Mac Dé ar a son uile.



Ag so na hionaid mar shiubhail Críost ann aimsir A pháise.
Is daor do cheannaigh Sé peacaigh, Aon-mhac an Athar Neamhdha.
An chéad ionad tigh na proinne ann ar ionnuil cosa A dheisgiobal
Is Iúdas féin mar iad cé reic é gan choigil;
An lubh-ghort nó 'n garadha ann ar chuir De an t-allus fola;
As sin go Ierúsalem cruaidh-cheangailte go doilbh
Badh truagh sin díol agus oighidh. Ágh na soillse soithimh
Mar do-bhéadh mac-tíre go díreach d'á shracadh idir shíothchonairt;
Tigh Anas is Caipheas, badh truagh ionnta A fháilte;
Agus pálás Riogh Iorruadh i n-a bhfuair tarcuisne agus táire;
Teagh Phiolaid an t-áirdbhreithiomh; an t-sráid tré 'r iomchuir an chroich
Go sliabh Calbhair mar ar chéasadh É. Ar ár sonna go léir an toisg.
Lámha na Maigdine Neamhdha ar a leagadh as an ccrann ccéasda
Tar eis A cnámha as a n-altaibh do dhian-tharraing as a chéile.
Dia hAoine do thuit amach Aon-mhac Dé do chéasadh,
Tré ar rugadh buadh an diabhail is d'osgail na flaithis naomhtha.
An tuambadh ann ar hadhlacadh É 's do hionadaibh mar an gcéadna
'S an t-Ifrionn as ar shaor is as ar thug ó bhruid na hathracha naomhtha.



Ag so na pianta ba truime d'fhuiling ár tTighearna Críost
Ar feadh aimsire A pháise A dó-dhéag áirighthe a líon.
An chéad phian n-A anam glormhar tré thuirse mhóir is le himsniomh
Tré dhamnughadh Iúdais do bhraith É agus mar an gcéadna do dhíol;
An chine Iúduigheach do chomh-oibrigh chum A churtha cum báis,
Loighead tairbhe A pháise i na a sochar d'iomad againne le faillith
ghnáith.
An dara pian i n-A chorp d'éis na sgiuirseadha d'Á ghearradh.
As na cneadha dorinneadh Air do shileadh fuil go talamh.
An treas phian i n-A cheann dá chreachtadh leis an ccoróin spíona.
In-A chnámhaibh an ceathramhadh feacht do tharraing as A n-altaibh le
díoghaltas.
Ann A aghaidh an cúigeadh pian ann ar chaitheadh seileadha le dímheas,
In-A shúile líonadh le fuil ó dheilgne na coróine spíne,
In-A bhéal do searbhag le diomblas, in-A láimh dheis agus chlídh,
In-A dhá chois do tolladh mar iad, 's A thaobh do ghoin an t-sleagh go
croidhe.



Ag so an dream do chuidigh le hÍosa Críost Aon-mhac Dé
Ann aimsir A pháise 's A theinnis, 's do chomhfhurtaigh go minic É.
Ar dtúis an tAthair Neamhdha thug grása agus cumas
Dá liacht pian agus cneadh dofuair an pháis go foighideach d'fhulang;
An t-aingiol do chomhfhurtaigh É, is Muire Maighdean A Mháthair.
Muire Magdaléan mar an ccéadna, Muire Cleophe is Muire Sáloim.


L. 65


Eoin Suibhsgéaluidhe mar aon leo, lán d'imshniomh is do thuirse
Fá pháis dilios Aoin-mhic Dé is do lean É go crann na croise.
d'fhanadar seo uile 'n-A fhochair fá bhun na croise go bhfuair bás;
Is nár thruagh sin Máthair an Éin-mhic d'Á fhéachain a gcruadh-chás.
Dobhí d'Á cháirdibh san am ccéadna Bheronica do ghlan A aighidh,
Simion d'iomchuir greas do'n chroich nuair ba chortha É do'n fhéidhm,
Gaduighe na láimhe deise do chreid Dó 'san ccrann ccéasda
Nicodémus agus Ióseph dorinn' É d'adhlacadh d'éis éaga.



Do labhair Críost san ccroich seacht mbriaithre mar uadhacht déaghannach.
Mar riaghlaibh deighbheatha is deagh-bháis dúinne A cháirde le chéile.
Ar son lucht' É féin do chéasadh do labhair an chéad bhriathar díobh
“Athair ar Sé, maith dhóibh seo óir ní feas dóibh créad doghníd.”
As é A theagasg dúinne san mbriathar so go soiléir
Guidhe ar son ár n-eascaradh, 's a ngrádhughadh uile le deighmhéin,
Labhairt do ghnáth go maith orra, maithfeachas d'iarraidhis is do thabhairt
uainn
Ann aimsir ár mbáis ann gach éagcóir agus gráin-fhuath.
Le gaduighe na láimhe deise do labhair an dara briathar.
Biadh tú maille Riomsa aniugh a bPárathas, is níor bhréag sin.
As é theagaisg dúinne annso labhairt ar neithibh neamhdha
Ár mbeatha do thabhairt suas Párathas mar bhiadh i n-aois d'áitreabh,
Dóthchas mór do bheit againn ann airtiogail nó ann aimsir ár mbáis,
Ár slánughadh is ár ccosnamh tré gach torradh ó n-A pháis.
An treas bhriathar ag labhairt le Muire Ógh A mháthair
Ag rádh “a bhean ag sin do mhac,” le hEoin A dheisgiobal grádhmhar.
Adubhairt fós san mbriathar so ag labhairt go cneasta grádhmhar
Le n-A deisgiobal Eoin arís “ag sin í agat do mháthair.”
As é teagasg dobheir Críost 'sna briathraibh seo le tuigsin
Caondúthracht do bheith d'Á mháthair ár mBaintiagharna Naomh Muire
A tóghadh mar abhcóideadha ar ár son is mar mháthair na ngrás
Ar feadh ár mbeatha ar an saoghal so 's a n-airtiogail déaghannach ár mbáis.
An ceathramhadh briathar “Táim tartmhar.” 'Sé A theagasg leis sin do rádh
Mian lasmhar sláinte anaanma is grádh do ghlacadh uair an bháis.
An cúigeadh briathar le n-A Athair as é do labhair Aon-mhac Dé,
“A Mo Dhia, a Mo Dhia, créad fá 'r tréig Tusa Mé?”
As é A theagasg dúinn annso Dia do ghuidhe gan ár ttréigionn
Choidhche ar feadh ár mbeatha ná fós an airtiogail ár n-éaga
An seismheadh briathar “A Athair tiomnaim Mo spioraid ad' láimh,”
Ag teagasg ár mbáis is ár mbeatha d'fágbháil ar thoil Dé do ghnáith.
An seachtmhadh briathar do labhair atá críochnuighthe go hiomlán
An teagasg dobheir annso, éistighleis a Chlann Ádhaimh.
Adeir linn ár ngnó is ár ttiomna do chríochnughadh roimh uair an bháis
Ionnus nách biadh de chúram orrainn acht aire na n-anam amháin.



Anois do'n dá mhaith dhéag tháinig as páis Íosa Críost.
Glóire do'n Athair síoruidhe an chéad t-sochar tháinig dhióbh.
Onóir íosa Críost féin an dara maith agus foghnamh
Óir do hárduigheadh tré n-A phais É ann onóir, ann ainm, 's a
nglóire.


L. 66


An treas mhaith dóirse fhlathais dobhí gonuige sin dúnta reomhainn
d'osgail le heochair A chroiche, a Dhia dhil cothaig go fíor ár ttreoir.
Fuasgladh na n-aithreacha naomhtha ó bhraighdeanas a mbruide
An ceathramhadh maith tháinig as páis Aoin-mhic Muire.
An cúigeadh maith táinig as A pháis mar an ccéadna
An fuasgladh dorinneadhle ó'n ndiabhal ar an ccine dhaonna.
An seismheadh mhaith tháinig aisdi fadughadh na hEagailse naoimh
Óir is as páis Chríost na bhfeart do préamhuigheadh go daingion í.
An seachtmhadh maith, brígh éifeacht na Sacramuinteadha uile.
As taobh Chríost amhail tobar naomhtha do shíl a mbrigh subhailceachta
chugainn
An t-ochtmhadh maith brigh gach lóghadh, óir is do thoradh páise Chríost
Táinig gach subháilceadh d'á bhfuil aca agus mar an ccéadna gach brigh.
An naomhadh maith teagasg agus oideas slánuighthe Críost
Tug dúinn san ccrann ccéasda molladh Leis féin do shíor.
An deichmheadh maith inntinn agus fonn do chuireas Críost orrainn
An tan smuaineam mar is cóir ar fhuiling féin d'ár ccosnamh.
An t-aonmhadh mhaith déag neart do threasgairt ár n-éascarrad,
Mar atá an diabhal, an saoghal, 's an cholann chlaon chleasach.
An dara maith déag di tháinig leigheas ann aghaidh a ccatha súd orrainn
Is gach truailleacht d'á ngríosaid sinn, má smuaineam ar pháis Chríost go
hobann.



Dobhí corp Chriost a ttuamba ó Aoine go teacht Domhnaigh,
Is d'éirigh antreas lá sin chum iomláine ár ccabhartha.
Dochuaidh suas 'n-a dhiaigh sin ar neamh go lán-ghlórmhar,
Is do shuigh ar dheasláimh Dé an t-Athair Uile-chómhachtach.
Tiochfaidh arís a nglóire, a ccómhachta, agus a cceannas,
Do thabhairt breitheamhnais rói-chirt ar bheodhaibh is ar mhairbh.
An dream sin dodhéanfas A dheigh-réir ar an ttalamh
Béarfaidh Leis an lá úd ag áithreabh na bhflaithios.
An dream bocht nách deárnaigh, uch is cásmhar a ttarraing
Ag triall leis na diabhlaibh is go bráth biaid a bpeannaid.
Féach nach bliadhanta áirighthe bhías an cháin úd d'á hagairt,
Acht an feadh bhías Dia a ndlóire a mbuan-áitreabh na bhflaithios.
A dhuine meabhruigh féin is ní hé go léir acht roinn
d'ar fhuiling Mac Dé ar do shon, is dochídhfidh tú gur cheannuigh sinn.
D'á bhrigh sin na cuir an iongna gan A réir do dhéanamh mar is dual,
Go n-íocfam Leis ár ccáin ar theacht do lá an chunntais chruaidh.
Ó a Dhia na fíor-daonachta féach féin ar ár ccás
Corruigh na croidhthe atá cruaidh, spadánta, fuar do ghnáth.
Tabhair lín-rith na ndeoradh d'ár súile a Mhic Muire
Andóthchas go bhféadfamaois tré ad' pháisse uch sile.
Nach tannda docht í t'inntinn nach cruaidh do chroidhe a dhuine
Nach mór iongna do dhiombuidheachais 's nach goilir thré isbirt Mhic Muire?
Badh cuibhe dhuine gol ó chroidhe ag smuaineadh ar oighidh Mhic Mairia
A cceann gach maith do-airmhighthe do sgaoil sinn ó shlabhruidhe an diabhail
A cháirde, treigeam an peacadh 's gan fios ag neach ag dul do luighe
Nách ann Ifrionn ar tteacht do'n lá dobhiadh a anam d'á chrádh'n-a dhíol
Guidhmid Éin-Dia na ttrí bpearsan, Athair, Mac agus Spioraid Naomhtha
Sinn do riaghlughadh ann ár mbeatha, is ar uair ár mbáis gan ár ttréigion
Glóire do'n'Athair is do'n Mhac is do'n Spioraid Naomh mar an ccéadna.
Mar dobhí ar ttúis, atá anois, agus bhias le saoghal na saoghal.
Amen.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services