Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A West Limerick Anthology No.4 (Séamas Ó Caoindealbháin)

Title
A West Limerick Anthology No.4 (Séamas Ó Caoindealbháin)
Author(s)
Ó Caoindealbháin, Séamas,
Compiler/Editor
de Bháll, Tomás
Composition Date
1854
Publisher
(B.Á.C.: Sign of the Three Candles, 1937)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Madan aoibhin aorach go seasgair is mé am aonar
Ar leaba chluthar ghréisghlam go h-éignairc am luighe
Do dhearcas aindir néamrach mhómhuil gheanamhail caoin mhaordha
Ghruadh chorcra chnisghléigheal fras dhéarach leam thaobh.
Bhí dlaoighthe grinn na slaodaibh léi síos go frinnseach dréimrach
Go búclach casda péarlach tiugh craobh fholtach buidhe
A dreach ar dhath na ccaora trí shneachta aon oidhche pléireacht
'Sa dhá chioch chruinne ghéara cheann chaola gan thímheal.



Do bhíog mo chroidhe tream néalta is ghaibh creatha is uabhan cléibh mé
Tan d'amharcas an chaoin bhruingeal dhéadgheal leam thaoibh,
A dearca cruinne chlaona mar réalte seaca air aer ghlan
'Sa mala ghearra chaoltais mar ghléith tharaing pinn.
A leabhair chroibh badh ghléire chuir gréis air bhrata daora
Sionnaig, bruic is béithribh leóghain faolchoin is gríbh
An eilit mhaoil 'sa céile is na gadhair na bhfiadhach ar saothair
Fearainn breaca is géise agus gleair chearca fraoith.



Tráith mhúsgal mé as mo neultaibh is tapa freas do léimeas
M'imeagla do thréig me, is ró théarnaig mo bhrígh
Is d'fhiosras don raeltin go cneasta caoin a nGaodhéilge
Cúis a caoi 'sa géarghuil nó ar bhaoghalach dham í.
Nó ar cheachtair í do bhéithibh, an ubhail a plé ré chéile
Nó an aindir chailce Céarnait chuir gleair roith air linn
Dá bhithin sin gur saorach a hanachra 'sa daorbhroid
Ó mheilt na brón na haonar an éiric a gnímh.



Nó an dá deasga fríth go faonlag a ttreas na cclaoidheamh an saorfhlath
Achtair grí mear tréightheach gníomh eachtach mac Príomh.
Nó an mhascalach chaoin mhaordha d'fhúig clanna Gaoidheal faoi dhaorsmacht
Ag cama shliocht na méirleach do thréig creidiomh Xrt
Nó an ala bhean chneas ghléigeal do chuaidh air ceal ó Éamhan
Le gean is cumann cléibhe agus léirshearc do Naois
Nóan aidir thog mac Néil leis go barr na Binne air éign
Fódhla chriona nó Éire nó chéile Mhic Coill.



d'fhreagair sí go gaosmhar a tteanga ghrinn na Gaodheilge
Is dúbhairt gurb í ba chéile í mhic Gréine na ndraoi
Bhí anacra le tréimheas aige saithe thruail an Bheárla
Da creimeadh agus da créime, da céasa is da cnaoi -


L. 60


Aig sin fáth mo gheárghuil (ar sí) do saoithibh Éirionn
'Sa líomhnadh chím air Ghaodhil bhocht' dhá séide tar tuinn
Dá ccrochadh agus dá naolchur ag breunshliocht Mhartain chraosaig
Agus faire oidhche is lae ortha aige claon Lomaraighe.



Le fearta is congnamh an Aon Mhic fuair peanaid croise is céasa
Beidh Gallachaoin go tréithlag faoi Fhéile na Naoimh
Is lomasgrios na Féinne ag gach Lomaire feill éirigh
Dá bhfuil a bhFearan Éibhir mar aon re na síol
Níl Swadléir na Qacer Solas Nuadh ná Presbetérian
Lorgaire na méirleach do shéan creidiomh Xrt
Ná caithfidh stríocadh is géile do reacht is riaghail na cléire
'Sa mbíobla tacair bréige do thréigion gan mhoill.



Do réir mar luadar fáige sruithe suadh an dáimhe
Do tharangair go fáidh-ghlic air dhála gach aois
Beidh an sguaine coinlbháite nár grádhaig an tÁbhe Máire
Go hanacrach di-cháirdeach da gcáible aige Gaoidhail
Beith Gearóid Agharthar ag Sátan mar aon le Piaras Báile
Sibéal glas is mála uirthi lán do bhíodhluighe
Tiobóid leamh 'sa bhráithre a chléamhnaighthe 'sa cháirde
Ceangailte do Mhártan 'dir Chseaghan is Hannraoi.



Aicim air Mhac Mháire mhómhuil mharthanac chaoin chráibhtheach
d'fhulaing pian is crádh ghoin na pháise 'nár dtaoibh
Ár ccreidiomh Geinarálta bheith seasamhach a n-árdmheas
Agus reachta is dlighthe Mhártain gan cháirde do chlaoigheadh
An ghrathan choinealbáite-si, dionarbadh tar sáile
Go dealbh bocht dícháirdeamhail gan áitriomh gan tígheas
Is gach Eaglaiseach fáthach ró ghrádhaig an Mhaighdean Ghrásmhar
Bheith ceanasach a cClárluirc gan spleádhachas dá naímhaid.



'Eoghain chaomh ghil í Chaomhánaigh a shuaircfhir uallach fháidhghlic
Do phreimh shliocht uasal ársa agus d'árd fhlatha gnímh
A bhláith 'sa phlúr na dáimhe ort aicim go caomraidhtheach
Má amarcais an dán so, ná cain mise thríd;
Ach ceartaig é agus bláthig, is do rannagrinn leis táthig
Agus stiuirig soir chum Seághain é go hÁth na nglaslíog
An t-éigeas clisde fáthach séimh fhriotalach ioldánach
Agus sgriosigídhe síol Mhártain ná grádhan buime Chriost.



An Ceangal.
Mo chúmha mo cheasna mo mhairig is crádh mo chroidhe
Mo phúir mo pheanaid mo dhanaid is fath mo chaoi
Sliocht Lúitear chalcaig an aicme nách grádh le Críosd
Go súgach seasgair a bhfearannaibh ársa Ghaoidhal.
An t-Ath. de Bháll a sholáthruigh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services