Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A West Limerick Anthology (Uilliam Mac Gearailt)

Title
A West Limerick Anthology (Uilliam Mac Gearailt)
Author(s)
Mac Gearailt, Uilliam,
Compiler/Editor
de Bháll, Tomás
Composition Date
1824
Publisher
(B.Á.C.: Sign of the Three Candles, 1936)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



I.
A Chuisle chaoin na féithe d'úr sgoith chríon na néigse,
A dhalta dhil na mbéithe fhíor léigheanda gan fuígheall,
A fhlaith do sginn gan daor bheart go follas fíor ó'n saorcheap,
Ghaibh ceannas cíos is géille Aoibh Laoghaire na míghe.
Mo choimirc' ort, a Shéamuis uí Chaomlebháin 's mo chaomhna,
Led rannaibh clisde Gaoidheilge ó's léir dhuitsi a snuíghe;
Tabhair folca fiuchda créimach don chama spruit so am chéasa
Lé ar mhian an creidiomh aonda le n-a mbréagracht do chlaoidheamh.



II.
Mo chúmhadh nach dúbhach an sgéala úr shliocht clúmhail Ghaodhil ghlais
Na bhfearann dúthchais aosda géillé fá chuing,
Gach feallaire Foghlach éithigh gan eagna gan éifeacht
Gan bheachtaightheacht gan naomhthacht gan éirim gan dhiadhacht.
Más caibléir é no gréasuighe tailliúir no úcaire bréide
Is cuma sin má léigheann sé na clé bhíobluíghe,
An spiorad é má shéideann seo 'mach an straic faoi shéirse
'S gur easbol é ma ghéilltear dá bhréag bhladár maoidhimh.



III.
A Íosa Críost, do shaor sinn ó chealg bheart na péiste
Le sgaipeadh fuil do chléibh ghil ar thaoibh cnoic mar íoc,
Agallaimh mar aon riot an t-Athair is an Naomh Spiorad,
Banríoghan ghlan na naomh ngeal is gach aon ann do Ríoghacht
An smúit seo ar siubhal do shéide da dhúthchas dúbhach as Éire.
An ghrathain o'nar théarnaidh do thraochadh gan mhoill
'San eaglais fhíoraonda do leigheas brígh do théxa,
Do chosnamh ar na faolchoin léar méinn iad do dhéill.



IV.
A chara dhil na páirte ó nach acfuineach mo ráidhte
San nguithsi a cheapa dánta bí fádhbharach linn,
Is iomdha ollamh oilthe is dáimhghlic is follas duit a gclár luirc
Is eól duit an Caomhánach is ó Dómhnaill ó Bhruach an Átha
Gach sagart suilt is sámhfhear grinn pháirteach san tír,
A gcongnamh íarr do láthair a tteanga bhinn a máthar
Chum New Lights is a gcáirde do chárna do shíor.



An Cheangal.
As Follas gur bhrostaig an obair seo am chroidhe si buairt,
Is gur chorraig ionnam osna a gcochal mo chli si a gcuairt
Gach feallaire follamh is lomaire daoirseach cruaidh
Do bheith a teannaireacht orm gan chomhthrom mo dhíth is truadh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services