Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Epithalamium

Title
Epithalamium
Compiler/Editor
Breathnach, Pól
Composition Date
1665
Publisher
(B.Á.C.: Sign of the Three Candles, 1934)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Níorbh fhoirtile Sollamh mac Dáth rí i gcéill
Is níorbh oirdheirce Conall Gulban do láimh gníomh éacht
Ná Cormac na gCormac mo ghrádh croidhe an laoch
Le nar cosamhuil gur toirrchios mná ríogh é.



Oirbheartach osgurdha nach tláthuigheann d'aon
I ngoradh ghonta troda dho nuair árduigheann sé
Cosmhultar a thorainn-mhisneach d'árdPhríomh Gréag
Ler cosgaradh na crobhuinn-choin ó bhláth-bhuidhin Trao.



Ag teacht oruinne do Lochlonnaibh i láinslighe i ngléas
I gcogadh linn go sollamanta d'fhágháil chríoch Chéin
Da mbeith Cormac mac Donncha ó lánLaoi an éisg
Ag forfhaire ortha is forabach do fágfaoi an réim.



Ar nochtadh loinne gorma le mbeárrfaoi an féar
Don ullamh-churadh is togartha i mbeárnaoibh baoghuil
Ni coisgithear a dhortadh fola ar chách roímhe i bpéin
Go soicheann leis a dtolagadh nó a ndáil faoi ghéill.



Is an tsolus-bhean ó Phortiomna is dearsgnaidhe gné
Re bhfuil formad fochmhuideadh ag mnáibh groidhe Gaodhal
Dar Gobanait! is sonas di le hádh síor séin
Oirdhearceas an fhir chonaire do ghnáth-luighe lé.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services