Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aon do Chlanna Gaodhal

Title
Aon do Chlanna Gaodhal
Author(s)
Ó hAodha, Nioclás,
Compiler/Editor
Ó Morchadha, Domhnall
Composition Date
1824
Publisher
(B.Á.C.: Sign of the Three Candles, 1933)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Fonn: - "Lomaire crochta as crann."



Mo chúmha mo dhíth mo léirghoin, is dúbhach ataoim sis faon-lag,
Gan meabhair gan meighir gan éirim, gan éifeacht gan bhrigh,
Tré an smúit seo chidhim ar Éire, aig búir, 's ag buidhean an bhéarla,
A dúbailt daoirse is daor-smacht, ar Ghaodhail bhoicht do shíor:
Nach cúis caoi 'gus léan liom, úr-shliocht gníomhach Gaodhal ghlais,
Dár dhúthchus ríoghacht is réim, Innis Éilge na laoích,
A ndúithe a sinnsir féin seal, go cúthail claoidhte céasda,
Fá uaim aig Gaill na gclaon-chleas, a ngéibhinn dá gcónuighiomh.



Is fada díth is daor-bhruid, ar chlanna Míleadh is géar-smacht,
Aig Galla-bhuidhean na gclaon-bheart, an éithig 'sa phuímp,
Le dlighe dían dá ndaoradh, dá gcrochadh a's dá gcéasadh,
Dá gcur tar taoid na dtréadtha, is dá dtraochadh ann gach slighe:
Aig cuir sraith is íoc ar Éire, do líomairidhe a' dúbhadh éadaigh.
Greathan dhúr droch-ghnéitheach, dhroich-chroidheach mhí-sgéimheach,
Fola-choinn gan laochus 'na bhfuil feall 'na ngnúis le féachaint,
A toghadh chum oilc is éirlig do dhéanamh ar Ghaodhail.



Ní'l anngar olc ná éigceart, cam ná cleas ná claon-bheart,
Feall ná bruid ná éigin, aig aon dream eile sa tír,
Ná súil le fonn ó mhéith-phuic a teacht go trom ar Ghaodhlaibh,
Is dul a bhfeabhus ní méin leó, acht a ndéineacht gach laoi,
Tá bubh-phlot eile is géire, is bo mheasa dhúinn ná an méid sin,
Do cheap na hamhuis go déighnach, dár gcaochadh ann gach slíghe,
Chum ár seannda chreidiomh naomhtha, do chuir ar gcúl ann Éirinn,
Is oieas Luther bhréagach dá phréimh-chur sa ríoghacht.



Tá an drong so anois ar saothair, le cumann cam is bréag-chion,
A bronnadh leabhair is léighin a's saor-sgoil dár gclainn,
Bíoblaidhe Gallda a nGaodheilge, a's oide fallsa dá léaghamh dhóibh,
Le cealg-rún na bhfaol-choin, a claon-mhealladh Gaoidhil:
Tá aicme ar siúbhal chomh baoghalach, cidh cáirde dlúith dá chéile iad,
A fuair sollus núadh is éirim, dóibh féin thar gach buidhean,
Newlights uilc neamh-naomhtha, aig bladrughadh a mbaoth-bhoicht,
Le feóil, le flúirse is éirlis, acht géilleadh dá ndraoígheacht.



Tá Gall-thrúip 'na gclé-chúirs, gach brainnse dúr dá dtréad uilc,
A cur go dlúith le chéile, le claon-chealg nimhe,
Chum teampall ceart an Aon Mhic, do chur dá bhónn, dá mb'fhéidr,
An sollus do bhronn Mac Dé oruinn, is do thug Pátruic chugainn go
hÉire,


L. 101


Do neartuigh ann gur glaodhag air, ó oilleadhán naomhtha na naomh,
Ba mhéon le búir é chlaochladh, is go brách dóibh siúd ní géillfair,
Ar chuinnse, ar chleas, ar bhaoith-bhreib, ná faobhar-bhagairt cloidheamh.



Mo bhrón, mo chúmhadh go léanmhuir, sis déorach dúbhach an sgéal liom,
Ar feóghadh go fánn na tréan-fhir, do réighfeadh ár snaíghim,
Do phór-shliocht sheannda Ghaodhal-ghluis, a fuar coróin is clú
na hÉirionn,
Sa ngleó na lann nach staonfach, a ngéar-chaith dá námhaid:
Dá mbo beó iad siúd, níor bhaoghal dúinn, an chóip gan chúis atá
a'plae linn,
Sa fonómhaid fúinn gach lae anois, le caol-mheas ar Ghaodhail,
Dár mbreóghadh, dár mbrúghadh is dár dtraochadh, aig crón-phuic
dhubha dar gcéasadh,
Gan treóir, ó fágadh tréith sinn, faoi dhaor-smacht na nGall.



Cia fada a gcúmhadh Milesius, go dealbh dúbhach a ngéibhinn,
Faoi ama is úghaim aig béaraibh an Bhéarla dá gclaoidheamh,
Táimsi a tnúith is géillim, go bhfuil an t-am a ngaobhar dúinn,
'Na bhfaghamne cúngnamh ó'n naomh-Spriod, is réim cheart arís:
Caithfidh búir gan bhuídheachus, teacht le cúinse is réighteach,
No teitheadh anonn, má léigthear, gan traochadh iad, thar tuinn,
Is go deireadh an domhain aig Gaodhlaibh, beidh creidiomh seannda
an Aon Mhic,
Gan tímhiol, gan smúit, gan éaluin, ann Éire na naomh.



A Íosa, ó's tú lead shéimh-thoil, a fuair díth, púir is péin-bhruid,
Thug fíor-fhuil úr do naomh-chuirp, dár saoradh mar dhíol,
Sgaoil chugainn cabhair go héasgadh, a's díon ar námhaid do chléir cheart,
Nach straoícann d'amhuis na d'fhaol-choin, is nach tréigion do dhlíghe:
Díbir búir an bhéarla, tar taoid anonn ann-aonfheacht,
Is gach cnaoisde crúbach méith-phoic, do shéan creidiomh Chríost,
Lucht bíobluidhe Gallda is léighinn dhuibh, is Newlights allta an éithig,
Is nár chasaidh siad go hÉire, na aon dá ndroich-shíol. Deireadh.



An Cómhcheangal mar Leanus:
Mo fhadtuirse docht déarach, na Gaodhail go faon-lag,
Faoi tharcuisne aig Galla-phuic, dá cclaoidheamh gach lae,
Is grathain chuthaig mhalluighthe, 'na ríoghacht faoi réim,
Aig cur fearag ar an eagluis, ann-aghaidh dlíghe Dé.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services