Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Walter Luin, cct.

Title
Walter Luin, cct.
Compiler/Editor
Breathnach, Pol
Composition Date
1687
Publisher
(B.Á.C.: Sign of the Three Candles, 1932)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Ní leanbaidh Banbha le haltrom a glún
mar dhearbhaim le meabhladh acht feabhus mo rúin
gach crann díobh dár phlanndaigh ó abhallghairt úr
a cheann síos gur ghearr sí lé hamharc a súl.



Ní bródúil Fódla bheag iomarcach árd
mar d'fhóguir le fóirneart an fhuirionn ón gclár
drong dhíobh nár dheónaigh mac Muire chum báis
dár órdaigh bheith a gcomhnaidh uile san Spáinn.



Sí Éire san Éaroip an t-oileán gan ádh
más féidir le héinneach an beagán so rádh
mar thréig sí ar bhréig-mhuídm eachtrann mhagh Fáil
na géaga do fhréamhaigh ó cheapaibh san Spáinn.



Ó díbreadh mic Míleadh 's nach maireann i dteann
's nach saolach dá ndaoinibh acht danar-shluagh Gall
a Rí úd do síneadh dár gcabhair i gcrann
go dtí Tú dár ndídean 's a Bhuime na bhfann.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services