Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceallachán Chaisil, Filíocht

Title
Ceallachán Chaisil, Filíocht
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1907
Publisher
Hermes

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


OCTOBER, 1907.



HERMES


L. 73


CEALLACHÁN CHAISIL.



III.



Nuair airigh na Lochlanaig na Muímhnig a bheith ag teacht tháinig iongnadh agus eagal ortha.
Dá sroiseadh na Muímhnig Árdmhacha a gan fhios dos na Lochlanaig bhéadh an bheirt phrísúnach
amuich acu láithreach, ach níor shroiseadar. Bhí teachtaire Muircheartaig ann rómpa agus d'fhág
san na prísúnaigh gan fuasgailt. Chómh luath ag d'airigh an lucht cimeádta na Muímhnig a
bheith ag teacht isé rud a dheineadar 'ná an bheirt phrísúnach do chur, fé ghárda, soir go Dún
Dealgain. Tháinig Donchadh agus na Muímhnig go h-Árdmhacha. Do h-ínseadh dóibh go raibh
an bheirt phrísúnach beirtha soir go Dún Dealgain. Bhíodar ar buile. Do chruinnigh a raibh
de Lochlanachaibh i n-Árdmacha agus thugadar cath dos na Muímhneachaibh. Níor bh'fada an
maill ar na Muímhneachaibh iad do dhísgiú'. Ansan do thug Donchadh agus an tsluagh
Mhuímhneach aghaidh soir. Thánadar go Dún Dealgain. Cad a chífidís ach an chabhlach mhór
loingeas, cablach loingeas na Lochlanach, amuich ansúd ar an uisge agus neart slógh na
Lochlanach tar éis dul amach ar bórd na loingeas, i dtreó ná raibh aon bhreith ag na Muímhneachaibh
ar theacht ortha.



Do h-ínseadh dóibh go raibh Sitric féin ann agus go raibh an bheirt phrísúnach amuich ar bórd
a luinge féin aige ceangailte.



Ansan iseadh bhí na Muímhnig i gcruadhchás. Ní fheadradar cad ba mhaith dhóibh a dhéanamh.
Bhíodar ag cur agus ag cúiteamh i dtaobh cad ba cheart a dhéanamh nuair cad a chífidís
ach cabhlach eile loingeas ag teacht isteach ó'n bhfarge, isteach sa chuan, fé lán a seól, agus iad
'n-a líne breágh fada, srón le srón, agus iad ag dúnadh isteach chun na loingeas Lochlanach.
Mheas na Muímhnig gur tuille de loingeas Shitric iad, ag teacht ag cabhrú' leis, agus go
gcuirfí an bheirt phrísúnach ar bórd loinge acu agus go gcomáinfí soir go Cathair na Beirbe
iad!



Níor bh' fhada ámhthach go bhfeacaidh na Muímhneacha nídh a chuir lán a gcroídhe d'áthas agus
d'iongnadh ortha. Chómh luath agus tháinig an dá chabhlach achmair a ndóthin d'á chéile do thusnuigh
na fir, ar gach taobh, ar throid go tréan agus go fíochmhar. Ansan, nuair fheuch na Muímhneacha
níba ghéire ortha chonacadar gur bh' é Fáilbe Fionn agus a chabhlach na loingeas a tháinig.
D'eirigh liú fhiaigh ó'n sluagh Muímhneach a bhí ar an dtráigh. Do freagradh an liú ó chabhlach
Fháilbhe. Do ghluais an cath ar buile idir an dá cabhlach. Bhí na Muímhneacha a bhí ar an dtráigh
ag ruith siós agus suas fan na trágha agus iad mar a bhéidís as a meabhair nuair ná raibh ar
a gcumas aon chonghnamh a thabhairt dos na Muímhneachaibh amuich.



Do ghluais an cath go fíochmhar agus go tréan agus ba dhóich le duine go raibh an dá thaobh
maith a ndóthin d'á chéile agus nár bh' fhios cé'cu taobh a bhuadhfadh sa deire.



Do stiúruigh Fáilbhe a long féin i dtreó na loinge ar a raibh Sitric. Tháinig sé 'n-a h-aice.
Do léim sé ar bórd uirthi. Fear ana thréan ana láidir ab eadh é. Do leag sé na Lochlanaig
chómh tiugh agus tháinig sé os a gcómhair. Cé chífadh sé ceangailte de'n chrann seóil ach
Ceallachán! Níor bh'fhada go raibh sé i n' aice. Niór bh'fhada an mhaill air na ceangalacha do
ghearadh agus cead a ghéag a thabhairt do'n rígh. Chuir sé claidheamh i laimh an rígh.



“Imthigh-se, a rígh.” ar seisean, “anonn chun mo loinge-se agus tabharfad-sa aire do 'n
luing seo.”



Bhíodar araon ag leagadh na Lochlanach agus an chaint sin ar siúbhal.


L. 74


Tháinig tuille ó luing Fháilbhe agus do rugadar leó an rígh. An méid fear a tháinig i
n-aonfheacht le Fáilbhe bhiodar ag tuitim. Níor bh'fhada go bhfuair Fáilbhe féin droch ghoin.
Bhí fhios aige gur ghoin bháis a bhí fághalta aige. Sar ar thusnuigh a neart ar imtheacht uaidh niór
dhein sé ach léimt i dtreó Shitric agus baróg a bhreith fan choím air agus dul de léim eile, de
bhórd na luinge, síos sa bhfaraige, agus greim ar Shitric aige! Do bádhadh an bheirt.



Chonaic na fir ar an dtráigh an gníomh. D'eirig liú uatha a bhí níb' aoirde agus níba
dhásachtaíghe 'ná aon liú d'á dtugadar go dtí san. D'airigh na Muímhneacha ar na loingeas
an liú. D'eirigh a ndásacht féin. Bhí dritháir do Shitric ar luing de loingeas na Lochlanach.
Bhí fear d'ár bh' ainim Séaghdha ar loing de loingeas na Muímhneach. Chonaic Séaghdha an gníomh
a dhein Fáilbhe agus d' airigh sé an liú ó'n dtráigh. Do stiúruigh sé a long féin i dtreó na
loinge ar a raibh dritháir Shitric. Tór ab ainim do'n dritháir. Ba ghearr go raibh Séaghdha
agus cuid d'á chualacht ar bórd luinge Thóir agus iad ag leagadh na Lochlanach. Do bhrúigh
Séaghdha i dtreó na h-áite 'n-a raibh Tór. Do léim sé chuige agus do rug sé baróg fan choím
air, díreach mar a rug Fáilbhe ar Shitric, agus do léim sé isteach sa bhfaraige agus an greim
aige ar Thór agus do báthadh an beirt. An fhaid a bhí an méid sin ag Séaghdha 'adhé anamh le
Tór bhí an gníomh céadna ag Muímhneach eile 'á dhéanamh le dritháir eile do Shitric. Conall
ab ainim do'n Mhuímhneach eile sin agus Maghnus ab ainim do'n phriúnsa Lochlanach. Tháinig
Conall ar luing Mhaghnuis. Do rug sé baróg fan choím ar Mhaghnus agus do léim sé isteach
sa bhfaraige leis i dtreó gur báthadh an bheirt, díreach mar a dhein Séaghdha le Tór agus mar
a dhein Fáilbhe le Sitric féin.



B'shin trí ghníomh, déanta ag an dtriúr Muímhneach san, ar an dtriúr laoch uasal cródha
san de mhacaibh rígh Lochlan, sa chath mara san i gcuan Dúna Dealgain, agus is dóich liom, dá
gcuardaídhtí seanachus an domhain ná faighfí trí gnímh eile do thiocfadh suas leó i n-oirdheareas.
Chonaic na Muímhnig a bhí ar an dtráigh na trí gníomhartha san agus bhíodar ag imtheacht
as a meabhair agus ag liúirigh le buile dásachta. Chonaic na Lochlanaig ar a loingeas féin
na trí gníomhartha san agus do thuit a lug ar a lag acu. Do stadadar de'n chómhrac agus
chromadar ar a loingeas do chur i dtreó chun teithe. Ba ghearr go rabhdar ag teithe faoí lán
a seól agus na loingeas Muímhneacha n-a ndiaigh go teith. Do tógadh, nú do báthadh na
loingeas mhóra throma a bhí ag na Lochlanaig, agus chuaidh cuid d'á loingeas eadtrom saor.



An lucht seanachuis a thugan cúntas dúinn ar an gcath san a troideadh an lá san i gcuan
Dúna Dealgain, admhuíghid siad go léir gur bh' é cath é dob uathbhásaíghe dár troideadh ar an
dtaobh san d'Éirinn ar feadh céadta blian.



Tar éis an chatha tháinig Ceallachán i dtír agus bhí áthas mór air féin agus ar na
Muímhneachaibh go léir.



Na fir ghonta a bhí ar na loingeas do tugadh i dtír iad agus do cuireadh gach aon chóir
leighiste ortha. Ansan do cuireadh flúirse lóin ar bórd na loingeas agus do cuireadh fir
shlána ar bórd ortha chun iad do stiúrú' ódheas, agus aon loingeas Lochlanach a bhéadh ar an
slígh rompa, iad do bháth nú do thógaint.



Táinig Ceallachán agus Dúnchuan, agus na Muímhneacha eile, abhaile chun na Múmhan ar a
socaracht.



PEADAR UA LAOGHAIRE.


L. 80


Uch! is truagh mo ghuais ó'n ghleo-bhroid
Re faghbháil bháis do bhláth na h-óige
I dtús a réime is léir an leonadh
I gcrích Éibhir éag an tsóisir.



Uaill is éacht i n-Éirinn fhód-ghlais,
Ua na nGaedheal na dtréan-treas dtrearach,
Suaill nar éag an méad is beo aca
Sul a bhfuair an daorscur réim-rith leo sain.


L. 81


Is buaidheartha a's ní suaimhneach bheidh Gráinne Mhaol
Mar do chuala sí fuachasa a páisde féin:
Sé chuala mé ag gruagach na h-áilne aréir,
Gur suathadh a suan-chorp ag mráinne Mhaol



A's bobarró! dodarró! Gráinne Mhaol.
Bobarró! dodarró! a Ghráinne chléibh'!
Bobarró! dodarró! Gráinne Mhaol,
A's muna bhfagh' mé le bogadh í tá mé réidh.


L. 82


D'aithnigheas féin gan bhréag ar fhuacht
'S ar anfhaithe Thétis taobh le cuan,
Ar chanadh na n-éan go séiseach suairc,
Go gcasfadh mo Shéasar glé gan ghruaim.
Measaim gur subhach do'n Mhumhain an fhuaim
'S d'á maireann go dubhach de chrú na mbuadh
Tarann na dtonn le sleasaibh na long
Ag tarraint go teann 'n-ár gceann ar cuaird.



Is atuirseach géar liom créachta crích' Fódla
Fá seamall go daor 's a gaolta clí-bhreoidhte;
Na cranna ba thréine ag déanamh dín dóibh sin,
Do gearradh a ngéaga 's a bpréamha crín-feoighte.


L. 83


Fáth éagnach mo dhear, d'fhág Gaoidhilibh fá cheoidh,
Bean riartha na n-iarrthach, scáth diadha, ceart, cóir;
Flaith fialmhar na seod, creach fhianach na n-óg,
Gan bíodhgadh fá líogadh, m'fháth caointe go deóigh.


L. 84


Go déidheanach is Phoébus fá neoll,
Ag suidhe damh ar mhór-shleasaibh Máighe,
Gan aon don treibh daonna im chomhair,
'S mo smaointe dá scoladh chum fáin
Taobh ris an dtréan-abhainn mhóir
Dob aoibhinn a glór is a gáir,
Cé'rbh' aereach mo réim-se is mo cheol,
Tig sceimhle don bhrón dubh im dháil.



I Scaraibh na séad i gcéin óm dhúthchas,
Fá bharra na gcraobh cois céidh na stiur-bharc,
Is mé ag machtnamh ar éag na bhflatha is na laoch
I bhfearannaibh Chéin do túrnadh,
Le Danair i spéirling chonncais
Dá gcabhair ciodh tréan mé i bhfionntar,
Ag fearadh mo dhéar go lachtmhar le léan,
Gan aiteas, gan réim, gan subhachas.



Do dhearcas réilteann gréagach greanta
Glé, bhí gasta, gnúis-gheal,
Banamhail, béasach, béal-tais, blasta,
Céimeach, cneasta, cúmtha,
Maiseamhail, méinneach, maordha, measta,
Aereach, abaidh, umhalach,
'Na reathaibh ag téacht dob éadtrom aistear
Taobh liom seal gur thuirling.


L. 85


Táid éigse 'gus úghdair go trúipeach ag pléidhreacht,
Go súgach go scléipeach 's a ndréachta dá sníomh,
Ag an spéar-choinnil mhúinte d'úir-shliocht na h-Éireann,
Do phlúir-chriostal Gaedheal agus réilteann na ríoghacht;
Tá fionn-lil ag pléidhreacht mar a ndúblaid na héiclips
Go clúdaighthe ar Phoébus le haoin-ghile a gnaoi,
'S gur 'na gnúis mhilis léightear do thuirling Cuipid caomh-ghlic
Ag múchadh 's ag milleadh laochradh le tréin-neart a saighead.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services