Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceachtanna Gaedhilge

Title
Ceachtanna Gaedhilge
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1922
Publisher
An Gaodhal

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ceachtanna Gaedhilge



CEACHT A 18.



"Bhíos amuigh ar an mbóthar anois agus d'fhéach
me síos suas an bóthar. Bhí fear 'na sheisam thuas
ar an mbóthar agus bean 'na seasamh thíos ar an
mbóthar. Ní fheadar cé hiad iad?" arsa Páidín
le n-a Mhátháir.



"Ó," arsa an Mháthair, "sin i Máire Chait Neill.
Chonnacas ag dul síos an bóthar ó chiana í, agus
bucaed 'na láimh aici. Bhíos ag caint lei. Dul
dtí in tobar a bí sí. Tar éis dtí imteacht gab an
sagairt suas a nbóthar. Tá Máire ag teacht
aníos anois leis an pisce agus tá an sagairt ag
teacht anuas."



"Ó, bhí an t-ádh liom a mham, gan o beith roimh
an sagart ar an mbothas," arsa Páidín.



CEISTEANNA.



Cé bhí amuigh ar an mbóthar? Sár fhéach fé? Cad
do chonnaic sé? Cé leis a bhí Páidín ag caint?
Cad dubhairt an mháthair leis. An raibh áthas ar
Pháidín gan a bheith ar an mbóthar? Dé chuis?



GLUAIS.



SÍOS SUAS,
Up and down.
NÍ FHEADAR, I wonder.
O CHIANA, A while ago.
BUCAED, A bucket.
BHÍ AN t-ÁDH LIOM,
I was lucky.
ROIMH, Before.



SEÁN STÓCACH.



Nuair a tháinig Seán Stócach abhaile tar éis an
chogaidh mhóir, ní raibh gach aon rud mar badh mhaith
leis. Bhí an scéal go bocht agus go h-olch aige.
Nuair a bhuail sé port bhí sé déanach sa tráthnóna
agus bhí an t-ocras agus an annró ag cur air. Ní
raibh eolas aige ar aon áit a bhfuigheadh se codhla
na h-oidhche. Bhí a mhuintir ar fud ar iarraidh
agus an dream a bhí fághtha níor mhaith leis dul ar
dhéirc leo. Thug sé aghaidh ar an mbóthar. Níorbh'
fhada sa siubhal do nuair a chonnaic sé uaidh sean-
chaisleán tamall isteach ó bhóthar. Dhein se ceann
ar aghaidh ar an gcaisleán. Bhuail sé ag an dorus.
Oscaileadh do. D'iarr sé bheith istig go maidin.
Fuair agus fáilte. Cuireadh cóir bidhe agus dighe
air. Nuair a bhí a chuid caithte aige tháinig fear an
tighe chuighe agus adubhairt leis ná raibh aon
seomra díomhaoin sa saisleán acht aon seamra
mháin, agus go mbíonn spioradanna ag eirghe ann
— trí cinn díobh; acht nó raibh aon neart aige féin
ar sin agus dá mbadh mhaith leis go raibh cead aige
dul ann.



NÓTAÍ.



BUAIL SE PHORT. — Nuair a shrois se an áit.
AG CUR AIR. — Bhí sé ag fulaing.
AR IARRAIDH. — Gan a bheith ann. Imthighthe.
AR DHÉIRC LEO. — Ag iarraid orra.
CEANN AR AGHAIDH. — Díreach fé dhéin.
AG AN DORUS. — Is fearr so na "ar an dorus."
A BHEITH ISTIG. — Loistín nó iosdas na h-oidhche.
CÓIR BIDE AGUS DIGHE. — A dhóthain le n-itheadh
agus len ól.
A CHUID CAITHTE. — A bhí se sásta.
AG EIRGHE. — Á dteasbáint féin ann.
AON NEART. — Aon leigheas.



MÁIRÍN DE BARRA.



VI.



D'ólfainn is d'ólfainn is d'ólfainn do shláinte,
Is dá mbeinn ar bórd luinge d'ólfainn ní
b'fhearr í;
Dá mbeinn-se im' bhanartla d'oilfinn do pháiste,
Is siúd ort is ól deoch is Dé bheatha id' shláinte.



NÓTAÍ.



BÓRD LUINGE. — Is dócha gur fear farraige
máirnealach a bhí ann.
BHANARTLA. — Bean a bheadh ag oileamhaint.
SIÚD ORT. — Rádh beag fáilteamhail.
AISTÍ: — Scéilín. Comrádh. "Teigeann bó le
Bólacht."



COMÓRTAS NA MEADHON-SCOL.



D'fhonn an Ghaedhealg a chur chun cinn ins na
Meadhon-scoileanna do thairg Aireacht an
Oideachais cheithre chinn de Chuirn Airgid anuiridh
ingach Cúige.



Sid iad na scoileanna a rug an chraob
anuiridh: —
Cúige Connacht — An Clochar i mBaile an Róba.
Cúige Laighean — Sgoil Bhrighde i n-Áth Cliath.
Cúige Mumhan — Coláiste Cholmáin i Mainnstir
Fhearmhuighe an Mainnstear Thuaidh i
gCorcaigh.
Cúige Uladh — Clochar Lughaidh i Muinneachain.



Is ar an Meadhon Scoil is, fearr a mhúinnean
labhairt na Gaedhilge dá Machaibh Leighinn a bronn-
tar an Corn. Má eirigheann le Scoil an Corn
a bhuadhchaint go ceann trí mbliain i ndiaidh a
chéile fánfaidh sé i seilbh na scoile sin ar fad.



Is í tuairim láidir na gcigirí gur deacair Scoil
Bhuachaillí agus Scoil Challíni do chur i gcomparaidh
le cheile agus nach ceart sin do dheanamh. Dá bhrígh
sin, beidh dhá chorn in áirde i ngach Cuige i
mbliana, ceann le h-aghaidh na mbuachaillí agus
ceann le h-aghaidh na gcailíní.



Tá na cigirí ag tosnughadh anois ar obair an
Chomórtais seo agus beanfaidh siad na Meadhon
scoileanna uile d'fhiosrughadh.



Níor leagadh amach aon leabhar fé leith ná aon
chúrsaí elighinn speisealta i gcomhair an Chomhortais
seo.



Scrúdughadh beil is eadh a bheidh ann.



Ní foláir nó mbeidh iomaidheacht níos déine ann.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services