Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Marbhna Eoghain Uí Ghramhnaigh

Title
Marbhna Eoghain Uí Ghramhnaigh
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1903
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


MARBHNA EOGHAIN UÍ GHRAMHNAIGH.



Céad fáilte ó gach chroidhe roimh an laoch
'tigeacht chumh suain
Ar gceadsearc, ar mbród, is ar rún
chroidhé;
Ar sagart saorghlan réimh, ar saoi sármhaith
suaire,
Ar ngaisgidheach thóg uainn ar mbuaidhreadh,
Fáilte na n-éan ar na géagaibh go dubhach,
Ag inseacht a thréithe le truaigh
Is fáilte na ngéag go déarach ag luadhadh
An laoich do n-a réidhtear a uaigh.



Gan staon lá 'gus oidhche gur meathadh a
bhrigh
D'oibrigh sé d'a thír ársa aoibhinn;
Is dísí do thug sé gach smaoineadh d'a
chroidhe,
Dísí bhéar fadh sé beatha 'gus míle.
Ná shíl is ná smaoin gur caillte a shaoghail
Gidh gur claoidheadh é go luath ó n-a shaoi-
thear
'Siad an laochraidh 's mó bhuaidheas go minic
an chsaobh,
Iad thuiteas i dtosach na bruighne.



Ba bhrónach a chroidhe 'stigh an tráth sin do
sgaoil sé
A long thar an taoide anonn uainn,
Ba bhrónach do bhí 'fagháil bháis dó go faon
I bhfad ó n-a thír grádhmhar dhúthchais.
Cúis bróin dúinn go síor é, gur fhág sinn
'na luighe é.
I gcéin ó n a mhuinutir 'sa chuallacht.
Nár thógaidh 'rrain Dia ar ndaorfhaillighe
clao
Nach túisce i nEirinn a uaigh.
Déantar uaigh d'ar gcéad-ghrádh go doimhin
leathan réidh
I bhfód úr gionnghlas na hEireann;
Go mbéid drúcht glinn na glémhaidne síos
thríd an bhféar
Agus mionsgotha 'fás ann 'na gcéadtaibh.
Ní theastóchaidh leacht ó n-ar ngaisgidheach
tréan
Nó a sgéalsa i nglanmhar-mar gréannta,
Maireóchaidh a cháil i gcroidhthibh na nGae-
dheal
An fhaid bhéarfas srut uisce do'n trean-
mhuir.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services