Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgeal Fiannuigheachta, Parlaimint na mBan

Title
Sgeal Fiannuigheachta, Parlaimint na mBan
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1900
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sgeal Fiannuigheachta.



AN MACAOMH MOR, MAC RÍGH NA H-EASPAINE.



CAIBIDIL VI.



Ná h-abair sin, a fhir mhóir," ar Fionn, "óir
atá béas aguinne, na h-Éireannaighe, —
ní iarramaoid cómhrac air eachtránach, nó
n-iarrann orrainn é."



"Gidheadh tá san mar sin," ar an fear,
mór "badh nár dómhsa bás d'fhághail ann Éirinn do'n dul so,
tar éis a'r' shiúbhlas do'n domhain mhóir."



"Ná h-uaimhaintear tú, a fhir mhóir," ar Fionn, "agus air
ghrádh inidhe & do ghaisge, d'innis de d'eachtraibh & d'imtheataibh
goile dom, óir is binne liom do bhriathra ná an chanamhain
diadha, gaisge & glan & na glór eunlaith Pharrthais, & ní badh
beo mé dá sguiridh tú."



"Ní sguirfidh mé," ar an fear mór. "Agus air chlos do
aos dána na críche sin go d-tugasa bean liom cruinnighid
uile ag iarraidh óir & airgid orm, agus thugasa díol a thoile
do gach aon díobh."



"Bliadhan dúinn i bhfochair a cheile fá rinn toice & t-sochair,
& air m-beith lá solasda Samhraigh ag ól & ag aoibhneas dúinn,
ró éirgheamar amach go h-iomiol an chuain chreath-álainn
cheis-ghil, agus níor chian dúinn ann an tan do chonnarcamar
an bárc bioth-luaimneach bréid-gheal & an long luchtmhar
leabhair-théadach fá lán seoil & iomrámhaigh i g-craos mara
& mór-fhairrge d'ár n-ionnsaighe, & aon óglach mór míleadhta
mear-chalma ag stiúrughadh na loinge go stuaidh-réimeach chum
tíre, & ag éirghe as a h-aisdibh amach, agus dár do láimh-se a
Fhinn Mhic Chúmhaill, badh mhú an fear san 'ná an mór-sheisear
fear is mó d'á bh-faca mési riamh, & do shinn-sé a lámh gus an
mnaoi sin do bhí agam féin, & rug leis ann a loing í. Agus
air n-a fhaicsin sin damhsa d'iarras air a h-ucht cóimhlíonta
a ghaisge gan m'fhághbhail tar éis mo mhná, óir ní bh-faghinn a
macsamhail san domhain, air mhéid & air mhaise air ghile &
air fhine d'fhaicsin san g-cruinne g-ceathardha. Agus is amh-
laidh do bhí an míleadh san, & léine toirteamhail t-síoda fá
n-a ghil-chneas, & cotún snáth-fhada séimhídhe fá n-a dhruim &
cathbhárr beannach, buacach buan-chúmhdaighthe fá n-a cheann
cruth-álainn céillidhe, go cheangal cristil agus carmhogail.
Agus do shínn a lámh an dara h-uair chúgham-sa, agus do rug
leis mé san loingh. Agus níor fhághas teanga s'ár fhág Dia
air talamh, de Laidin, de Bhéarla, de Eabhra ná Gaedhilge, ná
d'aon teanga eile ná' ar fhiafraigheas sgéaladh de'n ghaisgidh-
each, & níor thug sé freagradh ar bith orm acht mar do bheidh-
eadh se bodhar balbh.



"Agus na trí h-uaire sin san ló do chathadh an fear mór a
chuid, ní tharraingeadh a bheag ná 'mhór dúinne dhe. Athadh fada
dúinne mar sin: agus an uair do shaoileamar dul chum tíre,
dar do láimh-se a Fhinn! Is ann san do chonnarcamar buin-
na cruith-gheal cóimhdhíreach túir & é cómhthromh ceathair-uill-
eannach ag fás as íochtar na fairrge, & do stiúraigh an
fear mór a long chum an túir, & d'fhiafraigh ar buaileadh
claidheamh rígh Aontuaithe, & d'fhreagair na gaibhne bhí san túr
é, & dubhradhar nár buaileadh do dhíth fola éigin uaisle, chum
a fhaigheartha. Le beith ar leanamhain.


L. 276


AN BHRATACH GHEAL=REALTACH.
(THE STAR SPANGLED BANNER.)



[Cúmtha air d-túis i Saics-bhéarla ag Francis Scott Key, ar maidin an cheathramhadh lae déag de
Mhitheamh-an-Fhóghmhair in san m-bliadhain 1812, an fhaid do bhí luingeas na Sacsann ag pléar-lámhachadh
Dhúin-Mhic-Enrí, i g-cuan Bhaile-an-tíghe-mhóir, ó mheádhon oidhche go h-éirghe an lae, agus eisean go
h-imsníomhach ag féachaint ortha ó bhórd na luinge "Minden," agus airdrighthe ó Shaics-bhéarla go
Gaedhilig ann san m-bliadhain, 1898, ag an Athair Eoghan O Gramhna.] — F. an Gh.



O abair, an léir duit, le fáinne an lae,
An bhratach bhí 'n áirde le tuitim na h-oidhche?
Tríd an chath bhí na riabha 's na réalta geal-ghlé,
Agá luasgadh go huasal, 's ag misniughadh ár gcroidhthe;
Is ar imtheacht de'n ló, níor ghéill sí go deó,
Acht a caor-theinte ag pléasgadh 's na spéarthaibh le gleo!
O abair, bh-fuil an bhratach gheal-réaltach go síor,
Os cionn tíre na g-cródha 's talamh na saor?



Ar an tráigh thall, go doiléir lár ceótha na d-tonn.
Tá sluagh borb Shacsan go gruamdha 'na luidhe;
Cad é súd ar an árd thuas, ag luasgadh anonn,
Is dá cheilt is dá thaisbeant, réir athrughadh na gaoithe?
'Nois tá solas na gréin' ag lonnradh air go tréan!
'Nois is léir dom a sgáile 'san tuinn — féach í féin!
'Sí an Bhratach Gheal-réaltach, go raibh sí go síor,
Os cionn tíre na g-cródha 's talaimh na saor!



Is cad d'éirigh do'n druing a thug mionna go teann,
Go bh-fágfadh gan tír sinn, gan árus 'na sheasamh,
Is go d'tiubhraidís léan leó, 's leathtrom is lann?
O! do sgrios a g-cuid fola rian grána a g-cosa,
Ní'l cara ná cáil ag fealltóir ná tráill,
'San uaigneas, san uaigh, ní'l a bh-fosgadh le fágháil!
'S tá an bhratach gheal-réaltach go buadhach go síor,
Os cionn tíre na g-cródha 's talamh na saor!



Gur ab amhlaidh go bráth, 'nuair sheasfas na laoich,
Idir shluagh na námhad is árus a g-cloinne;
'S go raibh altughadh a's glóir d'Athair Buaidhe a's Síth,
A thug Duthaigh Uaidh féin dúinn, go deire na cruinne
Beidh rath air ár Neart, mar tá linne an Ceart,
Is tá dóchas ár g-croidhthe a's Dhia na bh-feart!
'S beidh an bhratach gheal-réaltach go buadhach go síor,
Os cionn tíre na g-cródha 's talaimh na saor.


L. 277


PÁRLAIMENT NA M=BAN.



CÚNTAS AIR GHNO AN PHÁRLAIMENT CHÉADNA, ANN SO, MAR LEANAS.
ATHAIR DÓMHNAILL UA COLMÁIN RO SGRÍOBH.



ÓRÁID SHEABHÁIN NA BUAILE,
ALIAS NA FÉILE.



SCÓIR duíbh a dheirbhshiura," ar sí,
"sibh féin do sheachnadh air an
tsaint, air an ádhbhar gur peaca
mór í, bhíos go cómhnaightheach ag
líonadh poll agus pruaiseadh le
cómhchruinniúghadh lócháin a t-
saoghail so, i gcás gurab iomdha
anam cailltear ag cruinniúghadh
óir agus airgid, agus gach aon
t-saghas saidhbhris eile; ionnas
go samhaltar an duine santach
leis an mactíre, noch d'itheas
feoil na gcaorach, d'ólas a gcuid
fola, ghearras a gcroiceann, stiallas a g-cnámha
agus fós, ar uairibh eile, bídhean glóir na gcaorach
aige, chum iad do mhealladh, fá mar bídheas ainmhídh
air a d-tugtar Talpa, bhídheas caoch, & ros air is
cosmhail le soc muice, & le a d-tógann an taobh
síos suas de na bántaibh, & de na garadhthaibh;
fuaithighean sé an solas, & ní fhosglann sé a shúile
nó go mbídheann sé ag fághail bháis, mar sin bhídh-
eann an duine santach ag iompóghadh na nidhtheadh
talmhaidhe an fhaid bhídheas 'n a bheathaidh gurab é
ádhbhar & cúram bhídheas air, ag tabhairt aire do
nidhthibh talmhaidhe, & do chruinniúghadh, & mar sin
caochann & dallann ceó an tsaoghail so é; gidheadh
i n-aimsir an bháis caithfidh sé a shúile d'fhosgailt,
má's olc maith leis é, & teacht do láthair cheirt
bhreitheamhnais Dé, chum na súile do dhún an t-olc
go n-osglóchadh na pianta iad , i n-ifrionn go
síorraighe, & mar nách fachtar sochar ná somhaíne
ó'n muic nó go mbídheann tar éis báis, gidheadh
in sin geibhid na brathairidhe a chuid feola, na
dialladóiridhe a cuid láthair, & na gréasaidhthe na
guairidhe. Is mar sin do'n duine santach, ní bh-
faghthar aon nidh uaidh go m-bídheann tar éis bháis;
ann san do gheibheann an talamh a conablach, do
gheibheann a oighrídhe a chuid de'n t-saoghal, agus
do gheibheann an diabhal an t-anam!



"Och a daoine bochta an t-saoghail, bhíos ag cruinniúghadh na
óir 's an airgid,
Is eagal duíbh i n-am an éaga, gur trom an t-ualach é
agaibh;
Is measa dhuíbh mar 'tá na sgéalta, ní chuirfear bonn libh 'sa
chré de,
Beidh sé dá roinn tar bhúr n-éis, sibh-se dá íoc, a's badh daor
libh."



ÓRÁID MHEIDHBHE MEASARDHA



Ann so shíos.



Ann san do labhair Mheadhbh Meas-
ardha, & a dubhairt gur mharbh-
thach an peaca an craos, "ar
an ádhbhar," ar sí, "nách bhfuil
ann, acht slogadóir nách bíonn
sásta le miosúraibh ná le riagh-
lachaibh na nádúra, agus atáid
chúig géaga phréamhaigheas as,
eadhon, sgiolamar, drochmhúine,
sgiollóideacht, iomad briatharacht, agus maillinn-
tleacht; agus peacaidheas duine air chúig mhódh
leis an b-peaca so: —



"An chéad mhódh, gan fanamhuint le h-am bidh
do chaitheamh. Is truagh an té ag a m-bidheann
leanbh marbh mar rí, & ag a m-bidheann a phrion-
saidhe ag ithe ar maidin. Is sé an corp an leanbh
sin, & is sé an rí an toil shaor a bhídeas ag stiúr-
úghadh an anama, & is siad na prionsaidhe na céad-
fadha corpordha. An uair is maith le duine cais-
leán do ghabháil luaithighean sé chum dorais an chais-
léain do shealbhúghadh; is sí an sgórnach an doras
'n-a d-téighid an craos agus armáil an diabhail
isteach, & an té ag a m-bídheann doras an chais-
leáin is urusa do an caisleán bheith aige. Dá
brígh sin, is ar gheata an chaisleáin — an béal & an
sgórnach — is cóir an gárda is mó do chur, ar
an ádhbhar muna gcurthar srian leis an g-craos
an chéad uair, ní fhuil acht díomhaoineas cur ann
aghaidh na n-dudháilceadh eile.



"An te buireas air bhéal an chapaill stiúrann
sé é mar is maith leis, sin mar stiúrann an dia-
bhal an craosach. Cuirimiíd sríanta i m-béal na
gcapall chum iad do bheith i n-óireamhuin dúinn.
Cuirimís mar an gcéadna srian le craos & le h-
ainmhiana na colna.



"An dara módh bheith tugtha do misleánaibh bídh &
díghe, an uair badh chóra dhúinn bheith sásta le haon
bhiadh ar bith. D'ocras is cóir do bhéal coraighe &
ní do bhlas. Dá m-beidheadh soitheach ag duine,
má loitfidhe fíon ann, ní dá dheoin do chuirfeadh
sé fíon ann an athuair. Is soitheach de'n tsaghas so
bolg an duine ar an árbhar go loiteann gach a g-
curthar ann go mímheasarda, & ionnas mar bheath-
uigheas; duine go macnuiseach asal & 'n-a dhiaigh
sin leagann an t-asal ann san b-plod é, mar sin


L. 278


an córp bheathuighear go míangásach macnuiseach,
leagann an t-anam a bpluid an pheaca.



"An treas mhódh ar a d-tuiteann duine san b-
peacadh so: le mórán bídh agus díghe do chaitheámh.
Gan amhras is sí an fhearthain a thuiteas anuas go
ciuin, ceannsa is feárr: & ní shí an chlagarnach thig-
eas d'urchas & loiteas sí na guirt & na gardhadha;
mar an gcéadna an biadh chathas duine go meas-
ardha, is é is feárr do'n chorp. Ní'l dá mhéid
aoiligh churthar ar an talamh, nach móide an
fhiaghle & na piasta d'fhásas ann é; mar sin an
cholann ní'l dá fheabhas a beathuighthear í nách móide
do churthaibh & d'ainmhianaibh d'fhásas ínnte. Is móide
loitear an fíon mórán pluideadh do chur ar na
fíonúiribh; mar sin an té d'itheas mórán is túis-
ge bhíos ag éag. Is mór na daoine marbhthar le
h-iomarca ólacháin & tarraingeas mímheasardhacht
bídh mórán aicídeadh & éagcruas ortha, & cailltear
an chuid is mó de na daionibh le h-iomad póit-
earachda, do réir mar deir an file Laidne.



"An mhéadal san atá agar dá theannadh agus
dá líonadh go m-beidh sí chó bréan le conabhlach,
& mar an gcéadna nách lia duine do marbhthar le
claidheamh 'ná le craos.



"An ceathramhadh módh le a d-tuiteann an duine
san b-peacadh so, bheith cúramach tímcheall có-
caireachta bídh d'ullmhúghadh do'n corp, ar son nách
fuil ann san chorp d'oileamhain acht fleadh d'
ullmhúghadh do na pistaibh; mar sin ann san an
té bíos ró chúramach ag tabhairt oileamhna dá chorp,
is sé is eascara aige, a dhéanamh ramhar.



"An cúigmheadh módh, biadh do chaitheamh le
geanachas & le cíocras.



"Ná bí cíocrach ar aon flead, & ná tabhair tú
féin ar aon bhiadh, oir ní fhuil 'san té ag a m-bí a
chorp mar mhaighistir air acht óinbhid bhruideamhail.



"Is mairg do'n bhuidhin a striocas d'aindeis 'ná d'olc;
Measardhacht chaoin 'n bhúr g-clí-si seachnaidh deoch,
Tabharthas bídh is sé íocas galar na m-bocht,
Is le salachar craois na bídhidh-se ceangail' i lucht."
(Le beith ar leanmhain.)



AN LONDUBH.



Le "Pádraic."



Air mhaidin bhreágh Shamhraigh in Éirinn na grúama,
Do chualaidh mé maighdean badh bhinne de ghlór,
Fós badh bhrónach na fuama, do chán sí go stuama,
Mar sheinn sí: "Mo Londubh, tar chugam a stóir,
Níos dílse, níos doimhne, a fhásann do chuimhne, —
Níos uaignighe mo bheatha gan tusa gach lá —
Ó! a spioraid is fíre, a dhóchais mo thíre!
Mo Londubh, tar chugam a's fan liom go bráth."



Féach air éanaibh na gcoillteadh nách éadtrom a gcroidhthe!
Tá ceolta na fuiseóige ag líonadh na ngleannn,
A's go grádhach i gcómhnaidhe le tuitim na h-oidhche,
Tá'n smúdán 'san colm ag cogar air chrann;
Acht ann so tá mé brónúghadh gach maidaen 's tráthnóna,
Gan duine le héisteacht a thabhairt do mo chrádh,
Ó a thonnta na mara, ná fágaidhe mé sgartha!
Ó m' londubh, ó'm londubh is áilne go bráth!



UILLIAM AN DÚIN AG CÓMH-CHAOIDH
leis
AN ATHAIR EOGHAN Ó CAOIMH.



[Is as leabhar Dhómhnaill mhic Cáib, Bhaile-mhic-Chuirc, a bhfuil
againn gonuige so im an Athair Eoghan Ó Caoimh.] —
Fear an Ghaodhail.



A fhir chroidhe mo chléibh is géar-ghoin ghruama lium,
Mar chríochnaigh an t-éag an ghéag sin uait san úir;
Do mhill mo ghné le déaraibh ruadha mo shúl,
Ag caoidh go tréan ó an sgéal so chuala air d-túis.



Ó is tríot-sa féin go léir do chuaidh an chúmha,
Bídh go séimh san éacht acht luaith san liunn,
A's guidh gan chlaon an té do ghluais chum siubhail,
Go rígheacht Mhic Déi do léigeann suas gan phúghair.



An rí Art caomh tug éadmhar tuath i d-tnúith,
A's saoithe cléire i gcéasaibh cruadha na cúmha,
Is snaídhm go héag do an éigse a chuairt anúnn,
'S a shíneadh i gcré, mo léan! go luaith ann súd.



An fhíodhbhda réidh ós craobhaibh luaidhtear lium,
De príomh-fhuil Chaoimh badh thréin' i ruagaibh clú,
A's d'fhíor-shliocht Éibhir éachtaigh, uasail, úir,
Ná'ar smuain air bhréig, air chlaon, ná air chruadhas 'nn a rún!



An saoi badh ghéar i d-tréthibh suagh agus úird,
'S badh líomhtha léigheannta, séimh, glic, fuadrach, fionn;
Badh bhínn air théadaibh é le suairceas ciuil,
'S gan mhaíll do réidhfeadh téagsaibh cruadha air dhlú'acht.



AN FEART LAOIDH.



Is fatuirseach lium mo chúmha, mo mhíle creach!
Dalta na Muses fút-sa sínte a leac,.
Faraire fionn de chrú-shliocht Chaoimh na dtreas,
Ná'ar dhearmaid púnc i gcúrsa an ghrinn do'm mheas.



Críoch.



CREID MÉ DA N-ÉAGFADH SNAS ÁLAINN
DO GHNÉ.



O, creid mé dá n-éagfadh snas álainn do ghné,
Tá cur aoibhnís indiu air mo shúil,
Nó ag teacht an lae máraigh dá n-eolóchadh sé,
Mar cúmhaibh síghe críona air siúbhal;
Bheidhtheá adhruighthe fós, mar a móiment do ghlóir',
Gan do sgiamhacht níos fada bheith beó,
Agus timcheal na sgriosta biodh smauinte do stóir
Mar an t-adhnán glas casta go deó.



Ní chómh fhad a's tá bláth bán na sgímacht ort féin
A's do leaca gan truilleadh le deóir,
Marfid teas agus dílseacht in m'anam go tréan
Óir in d'aois beidh níos teotha go mór.
An chroidhe sin do grádhaigh ní óige go fíor,
Níos buana a m-beidh sé a m-brón;
Mar an sgothmhára thugas d'á Dhia san iar,
An radharc céadna do thug sí ag neon.



- "Pádraic."

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services