Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eighteenth Lesson (Adopted from Bourke's)

Title
Eighteenth Lesson (Adopted from Bourke's)
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1883
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Eighteenth Lesson
(Adopted from Bourke's)



baois, wontonness, folly,
barréad, a hat, head-cover,
beannacht, a blessing,
buidheachas, thankfulness,
caoi, weeping, wailing,
caoi, way road, manner,
caoin, gentle; wailing,
cianos, how? in what way?
cnaoi, consumption, decline
daoi, a dunce, a low fellow,
duais, reward, recompense,
dúil, desire, a longing for,
fóil, a while,
fuair, got, found,
go, conj. that; a prep. to for,
maiseadh, well then, adv.,
naoi, nine,
nocht, to-night (a nocht)
onórach, honorable,
poll, hole or pit,
suairc, pleasant, facetious,
tamall, a while,
uain, opportunity, time,



Glossary to Mr O'Keefe's
"Erinn."



Aimhneash, strife, discord; airliogh, bor-
row; aimhréidh, entangled, discord; bro-
ghach, sordid; buaidhrea, affliction; buai-
dhrean, confounds: cuanuidhthe, realized
cuilce, a rug; cumha, a bribe; cumhthúgh-
a, bribery; colleoide, contentions
duaith, tribulations; fádhbhchoa, winding
meandering; feadhm, a band, a troop;
feadhma, bands, troops; fionghal, a trai-
tor; flana, bleeding; loghmhar, weak,
feeble; sreamha, flowing; sáis, a dart,
a spear; Triath, God, the Lord; also a
chieftain; teasgara, warm; taomuigh,
pour, still; tuathadh, peasant, a person
brom, the country; corda, confedera-
tion.



1. Cia nós táir, chara dhílis mo chroidhe,
is anamh bidhir ann so, agus air an ádhbhar
sin, is maith liom gur tháinig tú? 2. Tá
me go maith, go deimhin, go raibh maith a-
gad; beirim buidheachas do Dhia. Ní raibh
me cho maith a riamh. 3. Cia an chaoi bh-
fuil do mhac a tá pósta? 4. Tá sé go
maith a sláinte, acht go deimhin tá baois
na h-óige go fóil ann a inntin. 5. ní maith
liom sin; óir is ádhbhar caoi agus cnaoi
baois; agus déanann sí daoi do neach
air bith a bhidheas faoi n-a stiuir. 6. ar
fhuair sé áit air bith ann do fheilm. 7.
ní fhuair, níor thug mé áit dhó, de bhrígh
nar rinne sé an raed budh mhian liom. 8.
och, budh chóir duit duais a thabhairt dhó,
mar bhí sé cóir, suairc a riamh. 9. Mais-
eadh, tá dúil agam duais a thabhairt dó
go fóil. 10. cia an chaoi a bh-fuil Tom-
ás– an buachaill maith sé?. 11. Tá sé
go han-mhaith: is feárr naoi n-uaire shé
'ná a dhearbhbhrathair. 12. is maith liom
sin --- an bh-fuil sé le fada mar sin?


L. 178


Pinch and Caoch O'Leary



Translated by M.J. Lovern,
Scranton, Pa.



Lá geimhre bh-fad, bh-fad ó shoin, agus
'Nuair do bhí mé m' ógánach,
Do thriall píobaire chum ar n-dorus,
Liath ghrugach, buidhe a's bacach;
Ó, cho luthgáireach bhí mo chroidhe,
Gidh budh ghruamach tír as spéire,
Aig amharc an astracháin 'sa chú,
Pinch bocht as Caoch Ó'Laoghaire.



Nuair a shéid se mála 'n cheoil-bhinn,
Síogtha le buidhe agus uaine,
Shaoil as dubhras, "In áluin Éirinn,
Ní 'l cho bréagh ann, duine";
'S Finín Aburch' as Seaghas MacAoidh,
'S Eibhlín, Cáit as Máire,
Rith asteach le preaba croithe,
As d' fháiltidh Caoch Ó'Laoghaire.



Le na laetha sona seo, beannacht Dé,
Is le m' óige, nuair a shiulbhalas,
Is mo cheann nochta, air feadh an lae
Tóruigheacht neid 'sa g-coill-ghlas:
Air 'n am aoibhinn so beidh 'gam cuimhin',
Gidh go m-beidheadh blia' anta athruighthe,
Ní dhearmóchad mo chairde caoin,
Nó Caoch cneasda Ó'Laoghaire.



Do chodail an dís go maith in oidhche sin
'S air maidin roimh an lonnra,
Mhúsgail se me go g-cloisfinn é seinn'
"An ghaoth do chroitheas an órna:”
Insin do chuimil mo ghruag dheas fionn,
Is dubhairt, "Go g-cumhduidh Dia thú,
a chuisle,"
'S thuit na deora 'g rádh, "Beannacht leat,
As cuimhnigh air Chaoch Ó’Laoghaire.



Chuaidh bliadhanta thart, as fós,
Bhí Caoch i m' inntinn toghtha,
Shaoileas a anam tógtha suas,
'Sa chorp 'sa g-creafóig lobhtha.
Go minic a damhsa no a siúbhal
le Eibhlín, Cáit as Máire, [ail,
Thráchtmuid air aoibhneas tús 'r d-saogh-
As ghuidh muid air Chaoch Ó'Laoghaire



Chuaidh fiche samhradh thair mo bhíth,
'S bhí grian mí-mheadhona claonadh,
As me a m'fhear, aig dorus mo thighe,
Air fhiche neithe brónach a smuainiugh'dh
Thainic mada beag suas an bóthar,
A shiúbhal righin, agus gan meire,
As aig a riobal thuisligh bac-fhear. –
B' é Pinch agus Caoch Ó' Laoghaire!



Sean Chaoch! Acht Ó! cho lom 's cho léun!
Is crom tá cheann 'sa cholann;
Tá 'lámha caol, gan fuil gan feoil,
'S an mála lom gan olann.
Do theilg an dath ó 'n mála Scotaidh;
Bhí Pinch fá dhó níos tréigfaidhe
'Gus gruagmhar ó chonnairc me 'r d-túr
É féin agus Caoch Ó' Laoghaire.



"Go m-beannuighe Dia inseo." dubhairt'n
díbirt bocht,
"Bh-fad, bh-fad uaibh ifrionn díbrighthe;
Bh-fuil aonduine air bith thart in seo
A chuimhnigheas air Chaoch, 'n Píobaire."
Le árduigh'dh croidhe d' fháisg me 'lámh.–
'S é dubhairt sé, "A mhic mo chléibhe,
An tusa páisdín 'n chinn óir shlíomh'
A ghrádhauigh Caoch Ó'Laoghaire?



Is me, is me!" Ghuil an seachránuighe,
Mar beidheadh a chroidhe d' a reubadh,
Deir sé, "Ca bh-fuil, a mhic mo chroidhe,
An greann agus na siansadh
Fuair me an seo fiche bliadhain ó shoin?"
Faraoir! Ní fad' mo sgeulta---
Ní 'l acht me féin ann
Le fáiltugh'dh Caoch Ó' Laoghaire!



"Bó! bhó!! bhó!!!" An sean fhear do chaoi
Ar d' fháisg a lámha go brónach,
"Tabhair asteach me, a stór mo chroidhe,
As rachfad a bhaile a márach.
Tá mo shíochán deunta, as fágfad go
ciuin
An saoghal seo, 's uaigne 's fhuaire,
As fágfad agat-sa mo phíob' is mo choin
As guidh air shon Caoch Ó’Laoghaire."



Le Pinch, do chumhdaidh me leabhadh 'san
oidhche,
Air an márach fuair se a ghuidhe---
Bí 'n t-Athair Séamus anns an tigh,
Ar bhí ‘n t-aifrionn abhráin caintthe;
Chruinnigh na comhursanuidhe, romhair
muid 'uaim,
'N aice le Eibhlín, Cáit, as Máire---
Colluigheann sé an sin a cholladh fada
dheoidh.---
Suaimhneas fíoruidhe ort, a Chaoich
Ui Laoghaire!


L. 179


Freugradh Aindriais MicCraith
air
Sheághan Ua Tuama.



Fonn ---- Sean-bhean Chríon an Drantáin.



Is duine thú dhíolas liún lá.
Buisinn gan bhrígh agus bran-dán,
Is chuireas do chuidiochtadh
Ar uireasbadh cuimhne,
'S a n-inchinn líontadh de mheabh-rán.



Is deimhin a rís go meallfádh
Go minic do bhuidhin le sleamh-nán,
'S Go g-cuirin gach duine
Ar giodam cum baoise
Le glugar gan chrích 's le stan-cárd.



Ní'l binneas ad laoithe --- ná'd sean-dáin
'S ní milis dar linn do stran-cáin;
Bion iomad do thuise
Do ghloine gan líonadh,
'S d' uisge na dríbe ad stan-cháin.



Buisinn da dhíol mar liún lá,
'S murrainn dá líonadh na gann-cháirt,
Ní sultmhar do 'n fhuirion,
Sibhse dá ínsint,
Go ruithidh dá bhrígh sin chum ran-gáis.



Is minic do líonmhuir lom-cháirt,
Is chuiris fá mhaoil í le chúbhar-án,
Do chuir isi rinne
Gan chumas ar shuighe,
Ná imtheacht san t-slíghe gan tean-tán.



Cia mursanta shuigir a g-ceann cláir,
'S do cuirfea tú síos gach gann cháirt,
Muna m-beidheadh sgilling
Ag duine do dhíolfadh,
Cuirfir do bhuidhin chum stran-cháin.



Tigir go fíor ag lúgh-táil.
A g-coinne gach aon dá n-gabhan sráid,
Gloine ma thugair
Do dhuine gan díol,
San m-bille beidh shíos air an am-tráith.



Ar imtheacht a rís an deamhan cáirt,
Do gheabhaidh gan díol nó geall-tán,
'S as cumadh cá h-ionad,
A ruithfidh cá díg,
Ioná d-tuigfidh fá thrí iona lámh-cán.



Is é chluinnim ar dhís de d' cam-ceárd,
Go millid an tír le sleamh-rán,
Slibiridhe an droichid


L. 180


Gur sibh-si go n-díolfadh
Ar ghloine nó trí bhúr g-com-pán.



Cuisle mo chroidhe na sean-dáimh,
Ní h-ionann 's laoithe 's meang sheágham,
Mursaire buile,
Tá air mire dáiríribh,
'S a bhruinnibh gur líontadh d'fheall-sán.



Fiadhach Sheaghain Bhradaidh
(The Chase of Thieving John.)



by
Anthony Raftery.
(Continued)



Acht le spóirt agus aiteas bhuaileamar
Renbheille,
'Gur fuair'mar athruigh'dh d'ar n-eachradh
'Sé 'n áit in ar dúisgigheadh Seághan
bradach air maidin
Síos ag bun Cruaiche Phátruice.



Rug sé 'r a wallet 'gur suas leis thrí
Gleann-glaisne,
Go tóin Con-na-mara le fánadh.
A m-bun-amhain 'sa g-Cúl-salach thainic
muid ann calaidh,
'Gur theasamar aig Beul 'n áth bhuidhe.



Tar méid ar n-dochair 'g a chuartugh'dh
's 'g a lorg,
Ó Innis-bófinne go h-Ácruis,
Thóig sé bád seoil a g-Cuan-an-fhir-mhóir,
As d'fuagair sé coimirc air Árainn.



Thriallmuid air Ghaillimh mar bhí fraoch
orruinn is fearg,
'Sa chloidheamh aig gach fear againn tar-
rainge,
Níor shuidh'mar 's níor sheasamar air
thalamh,
Nó gur fhuagair sinn challenge air
Mháirtín Ó'Máille.



Le fáinne 'n lae 'r maidin do chuir sé
'gainn freagradh,
Ann leitir agus séala uirri sáisgthe,
Gur thiomáin sé anonn é air chuartaibh
Cinn-mhara,
Le faitchíos go g-caillfeadh sé a státa.



Bhí MacNamara air 'n Quay Nuadh 'na
sheasadh,
Sir Laiseach Ó'Briain ann air gárda,
'Sa nuair a shaoil sé dhul thairsta 'n
taobh eile do 'n sgairbh.
Do chaill sé a chleath 'gus a mhala.



Bhuail sganr'dh é as creathadh 'gur thriall
sé as an m-baile,
Mar bhí námhait teacht air as gach cear-
da,
'Sa lár Lis-a'loma chuaidh Venus ann
roimhe.
'Gur bhain sí dhe píosa de 'n mhása.



Air thaobh Phoill-an-t-slugaid bhí na Bla-
zers air leigean,
Agus thuit sé de sgioradh le Ruaidhín,
Cruinnigheadh na bailte ó Eachdhruim go
'n Cheapach,
'Gur d'fhaduigh'dar síos teinte cnámhach.



Bhí torradh gan cuibheas air oidhche agus
fiche,
Bhí reiceána air meisge ann air feadh
ráithe,
Bhí brandy as fíon 'ga scapadh go fial,
As bhí glainidh aig gach fear acu 's cárta.



Bhí Domhnall Ó'Treasa 'gur me féin ann
aice,
Ag deunadh sin-soip as pléaráca,
Acht budh é deire Sheághain Bhradaigh tar
éis a n-dcachaidh thairis,
A strócadh le madradh lár páirce.
Críoch.



Tá faolchon na Sasanach airís air
buin na Éireannach: Cad é 'n nídh budh
chóir a dheunadh in a thaobh?


L. 181


A bh-Paráiste Cille-Cholmain, gar do
'n g-Clár, a g-Contae Mhaigheó, an
fichead' lá de Cheud mhíos na
bliadhna 1883.
A Shaoi Díl.



Cuirim chugat anns an leithir so (£1)
punta airgid, mar gheall air an "Gaodh-
al", a tá ag teacht chugam anois ó thús
an ama do thosuigh tú 'g a chur a g-cló
agus 'g a fhoillsiughadh ann ós árd.



Tá agam go leor le rádh leat, acht
ní'l mórán maitheasa 'g a dhéanadh a lá-
thair. Tá me cinnte go bh-fuil tú ag
déanadh oibre maithe. Da mbudh fhéid-
ir shé, budh mhaith an nídh da m-beidheadh
tusa agus an Ruiséalach, agus beirt no
triúr eile gar d' a chéile, le socrughadh
a chur air foclaibh airidhe agus fuirm
cainte, atá air masán a láthair, – mar
na briathara so air a bh-fuil iomarca
cainte ráidhte – "leabhar-aithris míosa-
mhuil (tugtha no) tabhartha chum an tean-
ga Ghaedhilge a chosnadh agus a shaorthugh-
adh."



B' fheárr liom féin an leitir Rómán-
ach nuadh 'na an t-sean-leitir. Is ó 'n
Róimh do thainicadar le chéile an t-sean-
leitir agus an leitir nuadh. agus mar
sin de, – ó tharla nach linn féin ó thús
shiad, – nach bh-fuil se níos feárr an lei-
tir nuadh a ghlacadh? –In a cheann sin tá
sí níos deise le amarch airí, níos eusg-
a faoi 'n láimh 'g a sgríobh. Tá sí níos
coitchinne do gach neach, do 'n Éireannach,
Albanach agus Sasanach, acht mar deir
Zeuss, –"morum priscorum tenaciss-
imi sunt celtici populi," ní forus na
Gaodhail a thabhairt ó shean chleachda air
bith.



Acht bidheadh se mar sin. Tá rud a
ciant ann, 'nuair a tá ann oiread sin
ag tathughadh go fonnmhar leis. Mar na
Gearamain, a chleachteas an sean sgríobh-
an agus an sgríobhan nuadh, beidheadh se
cho maith duinn-ne an da chaoi a chleacht-
adh, –agus leis an meadhan so, bheidheadh
dúil agus rogha gach duine sasta.



Mar sin de abraim anois leat, ann
láimh sgríbhine eile,* mar shí so a tá os
do chomhair, – 'beatha an Árd-Easpoig
Seághan Machéil," noch do sgríobh mise
a ghlacadh a's a chur ann do leabhar-aith-
nis-se. Bheirim an cead so duit. Feic-
eann tú an bheatha a g-clo in "Iris-leabh-
air na Gaedhilge," a tá againn a láthair
i m-Baile Áth-chliath.



Glacaim buidheachas na milluin leat,
fa an meud meas agus módh do thais-
beán tú dam ó thosuigh tú ag cur an
"Gaodhal" a g-clo, agus 'g a chur chugam
suas go d-ti an am so.
Glac m' fhocal gur me do Fhoghan-
teóir Fíor-bhuan
Uilleog Seoseph de Burc.
Canánach agus Sagart Paráiste.



*An leitir Rómhánach nuadh.


L. 185



Éire.
BY MR. E. O’KEEFFE, N. Y. P. C. S.
Budh laethi sogh bhí aig Éire, nuair d'árd-
uigh Pádruic glé a láimh
Ós cionn ar d-talmhan go léir chum í
bheannugh'dh go réith 'gus sáimh;
Ós cionn gach sruth 's caise, aig fádhbhó-
chadh thrid an d-tír,
Ós cionn a h-uile fuinnsigh 'sa h-aibhne
aig sreamhna saor---
Bhí na tora b' aoibhne de ghaisge 's bhróig
a nuair sin ins an d-treann,
Óir is aontuighthe 'nn a feadhma caoimh-
tha, bhí na h-Éireannaighe teann;
Air an mógh, do chrom an flaith 's tuat-
a roimh an altóir---
Do dhín aon chúis coitchionn amháin de
gach aon bhráithneachd go mór.---
Ó liacht croidhthe, in aon aigne 'mháin d'
árduigh urnuighthe suas chum Dé
Le grádh onóir, 's mór-mheas, bhí gach
croidhe línnta go réidh;
Do dhín aon ghrádh coitchionn amháin d'fhí-
rinne, ceart 's máithirthreann,
Beatha 'gur síth do bheannuigh air gach
sliabh agus gleann.---
D' aistrigh sonas Éire, thuit duairceas
uirthi 's béim,
Nuair a cnoic 'sa gleannta na Lochlan-
nuighe do chéim,
Le fuil aig dhórtha 'nna ceatha mór' do
fliuchadh a machairighe,
Gur ruith a h-aibhne le dath-chruan, gí gur
bruighlíonta bhí sí.---
Glacas an fhaire an tarruint líonmhar,
le anfadh catha go diardánach.
As ó Éire bheireas an sgeul míofhor-
túnach go h-iomdha coigríoch:
Táid na gaetha dearg, anós na spéire
iarthar 'san t-samhra 'g dul faoi ghréin,
As bheireas na deora searbh leo suas
go Páras cho fada g-céin.
Acht smigeas na cinneadh le dímheas
searbh, 's le bród mhór do 'niseas,
Go bh-fuaireaag saoirseacht 'san d-tír bhí
aontuighthe 's gaisgigheacht air fheabhas;
As do thainic leis ó Pháras air ais, le
guth árd-shollus, glan, an freagra so,
"Más le slabharuighe ceangailte 'tá Éi-
re indiu, do liog sí í féin do bheith ---
(do bheith leannuighthe)


L. 186


Míle ocht g ceud 'deug' dó agus ceir-
e fichid instead of míle ocht g-ceud dó a-
gus ceire fichid.


L. 188


Nuadhacht na míosa seo.



Tá treas chóib d'Iris-leabhar na Gaedh-
ilge againn as Ath-Chliath; budh chóir cong-
namh a thabhairt dhó le gach Éireannach.



Tá, mar an g-ceudna os ar g-comhair
teagradh an Athar U, J. deBúrc air seal-
bhadóiridh díthsealbhuighthe Contae Mhaigh-
eo do 'n t-Saoi Gladstoe. Aonduine a
léighfeas é béidh fhios aige air stáid
míofhortúnach na n-daoineadh cráidhte so.
Go bh-feuchaidh Dia ortha, agus mar sin, air
an g-cuid is mó de mhuintir na h-Éireann.
Is cosamhuil go bh-fuil lámh Dé leagthadh go
trom ortha a n-diu. Acht, a cháirdidhe, nach
n-deireann an Soisgeul linn go g-chaithfidh
daoine cuidiughadh leobhtha féin. B'fhéidir
gur b'é an fágh a bh-fuil lámh Dé leagthadh cho
trom ortha, de bhrígh nach n-deunann siad
aon iarracht--- iarracht cheart--- le iad féin
a chosnadh in aghaidh a námhaide. Tá clan
na h-Éireann anois iomádamhuil thríd gach
cearda 'san g-cruinne, agus an mhéid atá
as righeacht na námhaide, budh chóir díobhtha
gun sgígh no stad a dheunadh no ruaigfidís
an faol-chú as brollach (mar duáairt Em-
met) a d-tíre. Tá 'n liathróid shuas 'nois
agus níor chóir cead cómhnuidhe a thabhairt
dí no go m-beidh an báire gnódhte. Ní féi-
dir éinidh dheunadh gan airgiod. Da g-cuir-
fidhe ceathramha, de 'n mhéid airgid a chaith-
tear ad-tighe 'n ósta a g-Cath-Chiste, beidh-
eadh Éires aor sul chúig bhliadhain ó a n-diu



Ní aireochadh aon-duine congnamh beag
a thabhairt uaidh, agus níor níor chóir moi-
meud a chailleadh d' a dheunadh, óir, má leig
tear do 'n obhair mhaith atá tosuighthe 'nois
a dhul air g-cúl, b'fhéidir gur fad airís go
m-beidheadh an uain cheud na againn.



Ní furas gnódhtha mar atá deunta ath-
dheunadh, agus ó tharla go bh-fuil sé deun-
a dh obair mhaith budh chóir cuidiughadh leis.



Tá cogadh na hÉireann cho foillseach os
cómhair an domhain as bhí aon chogadh riamh,
agus ní dúnbharbhadh aonduine a thuiteas
ann níos mó ná iadsan a thuiteas a g-cog-
adh air bith eile; mar deir comhairle Chor-
maic, a n-dultaobh eile do 'n Ghaodhal, budh
chóir an cogadh sin a congbháil suas gceart
lár na námhad. Má thigeann Sasanaighe
saidhbhir, bródamhuil go Éirinn le Éireann
aibh a congbháil a sglábhuigheacht naghaid a d-
tola, sé 'n ceart léigheann a thabhairt dóibh



Níl aonduine cuir fios ortha, agus má
fhanann siad sa m-baile ní bhainfidh aon-
duine leo, agus muna n-deunfaidh siad é
sin, bidheadh a roghain acu, agus eugfaidís
sa g-contabhairt.



Sin é ar creideamh, agus is cuma linn
ce chloisfeas é, as má 's fiú Éireannaighe
áit sheastadh air an talamh ní bheidhid níos
faide faoi ghrim agus faoi ghruaim na Sa-
sanach.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services