Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caoine ar Bhás Thaidhg Ghaedhlaigh Uí Shúilleabháin

Title
Caoine ar Bhás Thaidhg Ghaedhlaigh Uí Shúilleabháin
Author(s)
Séamus Ua Casaide,
Compiler/Editor
Ua Casaide, Séamus
Composition Date
1795
Publisher
(B.Á.C.: Hodges, Figgis & Co. Ltd., 1912-1913)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Bás brón is deór i n-éinfheacht
I gcrích Fódhla fhódghlas fhéarmhar
Tadhg na n-ór-chros ó bhórd Loch Léine,
Ár n-éigeas eóluis, i gcómhrainn traochda.



Traochda i bhfeart is creach 's is díth liom
Cara na n-eol ar feó faoi lígaibh,
Crann soluis is lóchrann do phórfhuil Míleadh,
Mar Sholamh na comhairle i n-eolas laoithe.



Laoithe léigheanta dréacht is díodhachta,
Le meabhair, le céile, le h-éifeacht líonta,
Mar fháidh na séad ag léir-mholadh Íosa
I dteanguin na nGaodhal gan claon 'na sgríbhinn.



'na sgríbhinn tá díodhacht agus teagasg le fagháil,
'na laoithe tá mílseacht is binneas tar bárr;
Ó'n Naoimhsprid do shíolruigh gach siolla 'na dhán,
Is tá draoithe dá innsint gurab easnamh a bhás.



A bhás do chuir doilbheas follas ar Éire,
Is d'fhúig táinte a' tál na ndéara,
Idir chléir is dáimh, bháird is éigse,
Ó torchradh tláth ar lár an phoenix.



Phoenix Mumhan do chrú ghluin Éibhir,
Dáimhire chlúmhail, ughdar léigheanta,
Bráthair dlúth Uí Shúilleabháin Bhéara,
Is Ó Donnchadha an Ghleanna gan bladar ba ghaol do.



Ba ghaol do Mac Cártha na Blárna fuair géilleadh,
Saoi gan dochma do bhronnadh na séada;
Triath Dhúithche Ealla do réir labharta chéadta,
Is Fínghín an tsuilt ó Ucht an Éin Ghil.


L. 34


Gile na gluine gan timheal 'na bhéasa,
Searc is rún is clú na h-éigse,
Fear dáin do chumadh i bhfuirm na h-éifeacht,
Tapur soluis na n-ollamh gan bréaga.



Bréag níor cluineadh in' fhriotal le h-éinneach,
Acht modhmhaile is míne go crích a shaoguil,
Go riaghalta caoin a' sgríobhadh go saothrach
Ar mhórdhacht Chríost, a ríoghacht is a naomhaibh.



Naoimh is aingil aitchim dá chaomhnadh
Ó phéin, ó pheannuid, ó chleasaibh na péiste,
Suas go Parthas bheannaighthe an Éin-Mhic
I gcómhluadar aingeal is abstolaibh naomhtha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services