Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tAthair Eóghan Ó Caoimh

Title
An tAthair Eóghan Ó Caoimh
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1680
Publisher
(B.Á.C.: Hodges, Figgis & Co. Ltd., 1912-1913)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Is fann bheid feasta fá scamallaibh dubha n-a luighe
Dream an teagaisc, a maireann san Mumhain den bhuidhin,
Gan teann, tan taca, gan charaid sa chúirt ó n-a dtaobh,
Gan cheann, gan athair, ó chailleadar Conn Ó Caoimh.



A ngreann, a ngastacht, a labhairt an ughdair chaoin,
A ndeallradh, a n-ainm, a ngairm, a gclú sa tír,
A meabhair, a mbeatha, a n-anam, a gcrú 's a gcroidhe,
Dar leam do theastaigh ó chailleadar Conn Ó Caoimh.


L. 6


B 1684ls 17D
U Anaithnid

Baramhail na n-Ughdar.



Agso baramhail na n-úghdar agus na bhfeallsamh dona críochaibh
agus don nádúir thighearnas ina lucht áitribh.



Atáid úghdair eagnuidhe na hEorpa uile ar aoninntinn gur mó
ocras agus sáith lucht áitribh na hEorpa agus an taoibh bhó thuaidh don
domhan ná lucht áitribh an taoibh bha dheas, ar an adhbhar gurab mó fuacht
an taoibh bhó thuaidh dona spéiribh ná fuacht an taoibh theas; agus dá
bhrígh sin go gcongmhann an fuacht an teas nádúrtha don taoibh astigh don
chorp; agus tríd sin geintear breis an ocrais annsa lucht áitribh.
Amhail atá breis ocrais ag lucht áitribh an taoibh thuaidh ar lucht
áitribh an taoibh theas, atá mar an gcéadna breis áirdinntinne agus
neirt ina gcorpaibh seoch an taobh theas; agus dá bhrígh sin is gnáthaighe
buadh cosgair agus comhlann aca ar lucht aitribh an taoibh theas
ná ag an dtaobh theas orthasin. Oir is minic bhíos buadh cosgair ag
lucht aitribh chríoch Medea ar lucht aitribh na hAsiria; agus ag lucht
na hAsiria ar lucht na Caldea; agus ag lucht na Caldea ar lucht na
Gréige, etc.



Measaid na hughdair gurab iad lucht aitribh chríche na Scythia
daoine as cumasaighe agus is fearr chum cogaidh san domhan uile.
Measaid na hughdair chéadna gurab iad an lucht áitribh as sia bhó
dheas daoine as ciallmhaire ar domhan; oir, comhmaith bhíos buadh cosgair
agus catha ag lucht áitribh an taoibh thuaidh, ní bhí ciall ná gliocas
ionnta chum a gconquest do bhuantsealbhughadh.



Atá imreasan idir na hughdaraibh annsa phungc so, .i. neamhthruaighe
agus neamhthaise réna n-eascairdibh ag an dá phobal so;
cuid aca dhá dhearbhadh gurab iad lucht áitribh an taoibh thuaidh daoine
as tiaránta inntinn. Gidheadh, atá an t-úghdar Bodynus bunsgionn
riu; oir dearbhaidh sé, agus mórán eile, gurab iad na daoine
as méithe nó as raimhre cuirp is neamhfhallsa inntinn, amhail atáid
lucht áitribh an taoibh thuaidh; agus dá réir sin nach éidir leo


L. 7


bheith cruadhálach na tíoránta. Is fiaghuin air sin an t-impire
Caesar nach léigeadh aonduine corplom ná truagh ag gnáthchoiméad
a chuirp féin; oir do dhiultaigh sé Brutus agus Cassius do bheith i
ngárda a chuirp ar son bheith corplom dóibh, agus do ghabh sé lé
hAntonius agus lé Dolabella, .i. dias do dhaoinibh méithe.



Is éadmhaire lucht áitribh an taoibh theas don domhan réna
mnáibh, ná lucht an taoibh thuaidh, do bhríogh gurab drúiseamhla
lucht áitribh an taoibh theas le teas na spéire os a gcionn iná mná an
taoibh thuaidh. Mar an gcéadna, ciodh drúiseamhla pobal feardha
an taoibh theas, is cumasaighe an pobal feardha an taoibh thuaidh ar
anmhianaibh ban do shásughadh.



Tar cheann gurab é an taobh thuaidh don domhan is fuaire
spéir, asiad a lucht áitribh as sia saoghal; oir is aonduine amháin
i measg mhíle i gcríochaibh na hAsia agus na hAfraice fhanas ré
bheith liath, agus ní bhí acht meas duine aosda aca ar aon duine ó aois
ocht mbliadhan bhfithchead suas. Agus asiad lucht áitribh an taoibh
thuaidh don domhan as gile cuirp agus cneas agus is iomshláine
pearsana, ar an ádhbhar go mbíd ar abhfad ó neart na gréine.



Measaid ughdair gurab iad lucht áitribh críoch na Fraingce
agus na Gréige agus críoch na Siria annsa nAsia daoine as
éadtruime agus is uallaighe ar bith; gidheadh, measaid gurab iad na
Gaoidhil daoine as luatha agus is lúthmhaire agus is treisi cuirp
ar domhan.



Agso teist chómhchoitcheann na gcineadhach uile, .i. an Frangcach
ar chraos; an tIodáinneach ar fhormad; an Persianach ar éitheach;
an tEigiptach ar chleasuigheacht; an Gréagach ar mhailís; an
Sarazenach ar thíorántacht; na hAfricánaigh ar mhalartughadh a
n-árdthighearna; Swedlander ar bhrúideamhlacht; Gearmáinnigh ar
leimhe; Lochlannaigh ar chruas láimhe; Spáinnigh ar cheanntréine;
Sagsonaigh ar fheirg; Albanaigh ar dhrúis; Éireannaigh ar ghlóire
dhíomhaoin; agus Breathnaigh ar fhuath.



Chum a ndoilghís do chur ar gcúl: codladh do ní an tIodáinneach;
abhrán ghabhas an Frangcach; deoch ibhios an Gearmáinneach; imirt do
ní an Saxonach; gol do ní an Spáinneach; agus an Turcach ag
ualthartadh, ut dixit poeta:
Somno Itali, cantu Galli, vinoque Alemani,
Scaena Angli, planctu maesti recreantur Iberi.



Le húnfairt nó le crobhneart do ní an tAlmáinneach suirghe.


L. 8


An tIodáinneach mar an sionnach dá ghoid féin i ndiaidh a chéile
chum geana a mhaighistreás do bheith air. An Sbáinneach mar na
bráithribh bochta ag súil lé grásaibh a chompánaigh do ghnáth. An
Frangcach ag tabhairt mhiotóg nó ag cealgadh a mhaighistreás go
foluightheach. An Saxonach ag deimhnioghadh a sheirbhíse agus a umhlachta.
An Lochlannach ag síormhaoidheamh a neirt. An tAlbanach ag comaoidheamh
a uaisle, a mhaoine agus a mhaitheasa. An tÉireannach
ag tréigean a chrotha, ag seargadh, agus ag tabhairt mhaisi ar
mhímhaisi.



Rogha an Spáinnigh do mhnaoi, bean agá mbia éadan maiseach
agus súile maithe. Rogha an Iodáinnigh, bean mhór mheata gan
bheith drúiseamhail. Rogha an Almáinnigh, bean abhránach aghaidhdhána
ólas gach ré gcopán ris féin. Rogha an tSaxonaigh, bean dubh
dhubhshúileach ghealchroicinn. Rogha an Éireannaigh, bean donn
ghlasshúileach agá mbia com tiugh agus corp seang, gan a bheith
cainnteach, acht a beith leanabuidhe, lántais, umhal, aghaidhnáireach.
Rogha an Fhrangcaigh, .i. bean lúthmhar choiséadrom bhias n-a raingceoir
mhaith, amhail adeir an file:




Donn ceannsa nach mall cos le tiarmaidhibh ceóil,
Modhmhail bhannda chamfholtach chiallchaoin óg,
Com seang seasc is reamharrosc n-a dtighearnuigheann róith,
Rogha an Fhrangcaigh don bhanntracht nach ciarbhuidhe crón.


L. 101


B 1685-86 17D
U Eoghan Ó Caoimh



Ar Eachtradh Dhúinn



Ar eachtradh dhúinn go crích Chéir
d'fhios Ártúir saoi go soimhéinn,
an laoch lonn dár cóir ar ngean,
deaghmhac sin Seóin na saoirbhreath.



Clú ón' aithribh is dual dó,
taoisigh thoghtha gan chlaochlódh,
do thuill i ngníomhaibh 's i gcáil
riamh ó shaoithibh a n-iomrádh.



Do thuill Ártúr seach gach fear
bárr clú do bhreith na bhfileadh,
d'iomad ar chách, cian ro chlos,
ar dhíol dáimhe go ndúthrocht.


L. 102


Don éigse, dá mbiadh ar bun,
éag a aithreach badh dochur,
drong shaor shoibhéasach nár dhocht,
lán de dhaondacht go n-umhlocht.



Buan a n-umhlacht réidh dá rígh,
fuair siad dá chionn cian somhaoin;
a ndaondacht reacthar go beacht
le haos easbadh 's gach oireacht.



Doiligh dhúinn i n-úir a ndul,
an drong d'fhóirfeadh ar n-amhgur,
na Seóin nár sraonadh a ngoil,
d'ua na lonnlaoch ó Lunndoin.



D'fhágsat againn, go mbadh buan,
bile íocfas ar n-amhluadh,
dreagan seang chaomhnas gach ceart,
scriosas dá phréimh an t-éigceart.



Ártúr aobhdha ainm an laoich,
mál le múchtar gach míghníomh;
aonchú cosnaimh críche Céir,
an fialmhac nár thuill toibhéim.



Úrghall Gaoidhealach go ngaois,
ilteangthach séimh i nglanaoi,
cloch chúil a chinidh go ceart,
rún dil is grádh na n-éigeas.



Gidh síor soitheist agus clú
na sinsear ór chin Ártúr,
dá mbadh ionann aimsir dóibh,
ní raibh dhíobh neach a chomór.


L. 103


Dlighthe diamhra, reacht na sean,
iúl glinn i measc na bhfileadh,
tréithe toghtha tráth an fhir
laochdhacht ar thlás nár chuimhnigh.



Triath na naomh do dhoirt a chrú
go gcaomhna do shíor Ártúr
ó gach guais n-a chionn dá bhfuil,
uaisfhear den fhóir fa hionmhuin.



Ceangal



Ionmhuin árdchrú Ártúir óig Haseit
Ler tuilleadh do ghnáth clú a sárughadh cródhachta,
An bile den fhás úr do thrácht ciúinbhóchna anoir
Ag imirt a lánlúith ag lámhughadh Fódla Chuirc.


L. 104


B 1685-86ls 17D
U Anaithnid



4. Calendar.



Ag so Calendar nó Prognosticatio ar n-a ttarraing a hoibribh
Ptolmeus agus ughdar eile do thrácht an astronomi; agus ar
ttús don tóirnig annso.



Tóirneach na maidne cómharthaoighidh gaoth; tóirneach meadhóin
laoi cómharthuighidh fearthuinn; um thráthnóna, stoirm. Tóirneach
an Domhnaigh, bás daoine bhfoghlamtha agus breithamhan; tóirneach
an Luain, bás ban: tóirneach na Máirte, iomad arbhair; tóirneach
na Céadaoineach, bás striapach agus daoine bhfolamhla; tóirneach
an Dardaoin, iomad caorach agus arbhair; tóirneach na hAoine,
marbhadh daoine mór agus lucht feill; tóirneach an tSatharruinn,
pláig gheinearálta agus éag mór.



Don bhogha leacha agus dá bhrígh: - an uair thig ar maidin
fógruidh fearthuinn; an uair thig um nóin taisbéanuidh aimsear
mhaith; agus má bhíonn breágha, taisbeánaigh drochaimsear; má bhíonn
gránna, deadhaimsior; má bhíonn róuaine, iomad fearthanna;
má bhíonn dearg, iomad gaoithe.



Do chomharthadhaibh na haimsire an chéad lá don rae: - rae an
Domhnaigh, tirm; rae an Luain, fliuch; rae na Máirte, fuair tirm
gaothmhar; rae na Céadaoineach, ionganntach; rae an Dardaoin,
breádha glan; rae na hAoine, iomchlaochach; rae an tSathairrnn,
fliuch.



An modh ar a n-aithneann tú an bhliadhuin do bheith gann no saidhbhir,
aicídeach nó éagach, iomchlaochach nó cogamhuil, agus sin do réir
an laoi ar a mbia Lá Coille nó an céad lá don bhliaghuin: - deimhnighid
na hastronomers má thig Lá Coille ar an nDomhnach go mbia geimhre
taithneamhach agus samhra nádúrtha, iomad tortha, agus fóghmhur
meadhónach; gidheadh gur nádúrtha dhó bheith fliuch gaothmhar, iomad
pósdaoi, iomad fíona agus meala, bás daoine óg agus áirnéisi,
éirghighthe slighe an iomad dáitibh, sgéala ó ríoghaibh agus ó
phréláidibh, agus cogadh 'na déaghnach.



Má bhíonn ar an Luan, biaidh geimhre neamhshubháilceach, samhra
measardha, gannachar tortha, mórán sgéal dá n-osgailt, fiabhruis
go láidir; biaidh éag ar ríoghaibh agus ar mhórán do dhaoinibh uaisle,
agus iomad pósdaoi.


L. 105


Má thig ar an Máirt, do-bheir geimhre stoirmeamhail, samhra
fliuch, arbhar agus tortha gann, agus luibheanna gáirdín gann;
biaid fir agus mná go haicídeach, agus leinbh; agus biaidh gorta
agus ár ar áirnéis, agus piastaoi dá marbhadh; agus caillfuighear
iomad loingis ar an bhfairrge; agus biaidh flusg go tighearnamhuil,
agus gach aoinní daor acht arbhar.



Má thig ar Chéadaoin, biaidh geimhre neamhfhuar, acht go mbiaidh
sneachta agus róth 'na dhéaghnach; samhra sgamalach; iomad tortha,
arbhair, fíona agus meala; agus biaidh tinneas do mhnáibh torracha,
agus éag ar naoidhibh óga; biaidh caoirigh go breiseamhail, agus
iomad sgéal idir ríoghaibh, cogadh agus marbhadh 'na meadhón.



Má thig dia hAoine, biaidh geimhre stoirmeamhuil, samhra gann,
fóghmhur measardha, fíon agus mil agus tortha gann, arbhar daor,
agus dallfedhach ar na súilibh; biaidh éag ar ógánchaibh, agus
creithniughadh tailimh, agus tóirneach agus splanncach, agus éag
achumair ar áirnéis.



Má thig dia Sathairrnn, biaidh geimhre measardha agus samhra
teasuidhe, fóghmhur déadhnach, luibheanna go breiseamhuil, iomad
tóiteáin, lín agus cnáibe agus meala; biaidh éag ar sheandaoinibh;
biaidh fiabhras go láidir, agus labhairt ar chogadh, agus dunmharbhadh
ar chúisibh éadtroma.



An t-adhbhar fá ttig éclips no dorchadas ar an rae: - ar mbeith
don ghréin annsan bpúnc chonntrárdha don rae, an tan bhíos agus
thig sgáth an tailimh eatortha, tig dorchadus ar an rae san mhéid
'na ttig an talamh eatortha. Agus an tan tig éclips ar an ngréin,
así an rae thig idir do radharc agus an ghrian san líne dhírigh.
Agus an tan tigid seo measdar gur cómharthadha roimh chogadh phláig
nó ghorta iad; agus tairrngthear iomad do neithibh eile asda, mar
atá cainndigheacht na bplánéidí ré chéile. Mar atá, oiread an
tailimh san ngréin céad agus a dhó agus trí fithchid uair. Compás
an tailimh .i. míle agus fithche do mhíltibh agus sé céad; agus asé
as diameter nó as trasna dhó .i. sé mhíle do mhíltibh agus ocht gcéad
a dó-dhéag agus trí fithchid, agus go gar do dhá ttrian míle.


L. 106


Cainndigheacht na rae ris an ttalamh .i. oiread an treas chuid agus
dá fhithchid don talamh an rae. Cainndigheacht na gréine ris an rae
.i. seacht míle uair oiread na rae annsan ngréin. Aon uair déag
agus cheithre fithchid do oireaduibh an tailimh a Saturnus. Cúig
agus trí fithchid do oireaduibh an tailimh a Jupiter. As mó Mars do
bheagán ná oiread go leith na talmhan. Venus oiread an seachtmhadh
cúig déag ar fhithchid don talamh. Dha mhíle dhéag ar fhithchid oiread
Mhercúrius an talamh.



An nuimhear do dhrochláithibh atá annsan mbliadhuin do ghnáth nach
maith do dhuine aicíd ná éagcruas dá ghabháil, ná siobhal do thionnsgnadh
ná obair mharthannach, mar atá: -



A mí January, ocht lá, .i. an céad lá, an dara lá, an 4. lá, an
5. lá, an 10. lá, an 15. lá an 17. lá agus an 19. lá. Ibh fíon
fionn san mí so.



February: trí lá .i. an 8. 10. agus an 15. lá.
An Márta: trí lá, .i. an 15. 16. agus an 19. lá. Ith biadh milis
san mí so.
San Abraon: dá lá, .i. an 16. agus an 21. lá. Gnáthuigh biadh
teasuidhe san mí seo.
San mBealltuine: trí lá, .i. an 7. lá, 16., agus an 20. lá.
Moch-éirghe folláin san mí seo.
An Meitheamh: dá lá, .i. an 4. lá, agus an 7. lá.
A mí July: dá lá, .i. an 15. agus an 20. lá. Seachuin céiligheacht.
A mí August, dá lá, an 19. agus an 20. lá. San mí seo
seachuin biadh teasuidhe agus deocha spíosartha.
September: dá lá, .i. an 6. agus an 7. lá. San mí seo ith tortha
maithe.
October: aon lá, .i. an 6. lá.
A November: dá lá, .i. an 15. agus an 19. lá. Ná sgaoil fuil
san mí seo.
December: trí lá, .i. an 6. lá, an 7. lá, agus an 9. lá. Ná
sgaoil fuil agus ná goir boinn do chos re tine san mí sin.


L. 107



5.- Troscadh na hAoine



Ag so an chúis fá ndéanaid cách an Aoine: .i. dia hAoine do
pheacuigh Ádhamh; agus dia hAoine do cuireadh a Parrthas amach
é. Dia hAoine do crochadh Críost. Dia hAoine do mharbh Cain mac
Ádhaimh a bhráthair Abel. Dia hAoine do clochadh Stéphán. Dia
hAoine do marbhadh le Hiruath an mhacra .i. cheithre mhíle agus fithche,
d'fhonn Chríost do mharbhadh 'na measg. Dia hAoine do crochadh
Peadur agus Pól. Dia hAoine do beanadh a cheann d'Eóin Baiste.
Dia hAoine do cuireadh Clann Israel trés an Muir Ruaidh. Dia
hAoine iadhtar neamh agus osgailtear ifrionn. Dia hAoine do
rineadh comhleapchas fir agus mná ar ttús. Dia hAoine d'fhás
drisi agus droighneach, losa agus luibhe na talmhan; agus dia
hAoine tugadh an díle tar an ndomhan.



B 1709c 18T
U Eoghan Ó Caoimh



"Eóghan: do rugadh mé an bhliadhain d'Aois an Tigherna 1656.
Do pósadh me Februari Anno Domini 1680; agus do bhádhas pósda
ag Eilínóir do Nógla .26. bliadhna, agus fuair sí bás uaim faríor
an .6. lá do October Anno Domini 1707; agus do hadhlaiceadh í
a tteampoll Molinn ar Brosnaigh. Agso mo chlann, .i. Art
d'fháguibh an tír so an .18. lá do July Anno Domini 1709.
Dia dá thabhairt slan, Eoghan, Joseph, agus Caomh Dia da
ccumhdach; triar inghean .i. Onóra, Siobhán, agus Máire. Aon


L. 108


dearbhráthair agam, .i. Lughaidh agus Conchubhar fuair bás a
cCarraig na Siúire.
Mac Caoimh.
Mac Eóghain.
Mac Conchubhair."



B 1692c 17D



6. - Ar Treascradh i nEachdhruim



Ar treascradh i nEachdhruim de shíol Éibhir
Is cailleamhain an mhachaire don druing chéadna,
Fearannas na ngallachon i gcrích Fhéilim,
Tug sealad me gan aitheantas ar binn sléibhe.


L. 109


Ar mhaireadar den ghasraidh gnímhéachtaigh
Gan cailleamhain san spairnn sin, tug tinn tréith me,
Tar fairrge go ndeachadar an bhuidhean tsaoghuin
Chum cathuighthe le danaraibh i gcrích éigin.



Caiseal Chuirc gan Carrathach le cíos d'éileamh
Ó Scealgaibh go hAlmhuin an ríghfhéinnidh,
Gearaltaigh gér chalma na groidhGhréagaigh
Gur scaipeadar, mo dheacarbhroid, a tír nÉireann.



Marcra Dhroma Tairbh ina luighe i n-éagcruth
'Na bhfeartaibh curtha dearbhaim gur díth d'éigsibh,
A mbailte puirt gur sealbhadh go slinnghnéitheach
Go hathchumair le bathlachaibh an bhinnBhéarla.



A Araidmhic nár chaigil fuil do Chroidhe chréachtaigh
Do scaipeadh ar chruis mar anacal ar chloinn Ébha,
Mo thairngre don aicme sin do phrímhchéas mé
Ná tarcuisnigh acht abraidhse: Sic erit.



Gach Sagsanach ón Daingean soir go Binn Éadair
'S ó Dhún Dealgan mar ghabhaid sin go Baoi Bhéarra,
Go gclaiseamna gan eachra gan míntréada
Dá n-argain gan tarman le Rígh Séamus.



An fanatic ler feannadh me gan dlighe d'fhéachain,
Tug tartmhar me gan amhras le trí féiltibh,
Im ghlacaibhse gan eadrainn acht prímhspéice,
Go n-agrainn ar a easnachaibh mo dhíth spréidh chnuic.



Ar n-eaglais go bhfaiceamna go príbhléideach
Ag teagasc lucht an ainbhfis i slighe a saortha,


L. 110


Athchuinghim gan dearmad, a Chríost, caomhain
Chum cabhartha na n-anbhfann le díol déarca.



U Liam Mac Cairteáin an Dúna



7. - A Charaid Dil.



Uilliam Mac Cairteáin an dúna cct.



A charaid duil, ná dearmaid bheith sítheóilte,
'S go bhfacamair ar treascradh ar míchóthrom
I nEachdhruim d'ar marcraidh 's d'ar bhfírthreónaibh,
'S dá n-aithle sinn nách mairfeamna acht fíornóimeat.



Do chailleamair, mo dheacarbhroid, ar bhfírleógain'
Do scaipeadar thar fairrge de dhruim bóchna
Chum cathuighthe le danaraibh dá sírleónadh'
Ní mhairid sin, 's ní mhairfeamna acht fíornóimeat.



Cá bhfuilid na fearachoin ba ghníomhchródha
'S ba chalma dá bhfacamair san Roinn Eóraip,


L. 111


'S gach faraire ba cheannasach do shín leósan?
Ní mhairid sin, 's ní mhairfeamna acht fíornóimeat.



Ca bhfuilid ar n-eaglais ba chinn treóra?
Ná an aicme sin do theagascadh ar n-aois óga?
Flatha cirt na Banba 's a príomhshlóighte?
Ní mhairid sin, 's ní mhairfeamna acht fíornóimeat.



Athchuingim ar eangnamhacht an Ríogh chomhachtaigh
An t-anam soin do ghalaruigh do chroidhe breóidhte,
Gan dearmad gan easba ar bith gan míchóthrom,
Go ndeachaidh sin go Parrthas ba binnghlóire.


L. 164


B 1697-1702 18T
U Eoghan Ó Caoimh



8. - Iomdha Teist Ughdair.



An tAthair Eóghan Ó Caoimh cct. do Eoin Baiste mac Sleighne
.i. easbog Chorcaighe san mbliadhain d'Aois Dé , iar mbeith i
mbraighdeanas ag eiricigh na haimsire sin dó:





Iomdha teist ughdair ar Eóin
creidtear sonn nach lucht aineóil
a ndubhairt fós gach cliar ris
níor chumhduigh trian a theastais.



I ndiaidh gach aicme tug teastas ar Eóin mac Sleighin
Is mian liom labhairt cé dearbh gur ró-lag m'fheidhm,
Diadhaire dearbhtha is sagart den Órd gan roinn,
Liaigh ar gcabhartha is easbog ón Róimh do thadhaill.


L. 165


Tadhall na Rómha meastar
nach i ndóthchus foghluma;
óir na bliadhna ann do chaith,
diadhacht do chách do theagaisc.



Do theagaisc gan stal, 's i dleacht a mhaoidheamh dar liúm,
Leabhar na reacht do dheachtuigh Maois ar dtúis,
Matha agus Marc 's na haithre sinseardha úd,
'S ar labhair na haspuil feacht is fíor gur scrúd.



Do scrúd go glan Aisling Eóin,
rún gach ceasta den Chanóin;
fáithchiall gach fáidh riamh dá raibh
gan chiach do chách do cheartuigh.



Do cheartuigh dhon chléir, féadtar a mhaoidheamh ar Eóin,
Is do theagaisc gan bhéim daondcht is díodhacht go cóir;
Do b'acmhuin don té éitheach gan chlí do chlódh,
Cailbhin cér chlaon d'éignigh gan bhrígh n-a ghlór.



Glór na gcliar is teist gan táir
ar Eóin riamh do cheilt iomráidh
saoi i Laidin dearbhaid sin
grinn a mheabhair i nGréigis.



Gréigis do shaothruigh, ní theastuigheann uaidh,
Do thréithibh an fhéil sin is aistidhe suadh.
Ní'l téxt insan nGaedhilg ná ceast-laoi chruaidh
Nár léirigh an té sin ar fad síos uainn.



Uainn gan cheilt do rug ar ngeall,
fuair gan cheist seanchus Éireann;
ar aithris Phádraig is feas
do ghlan go bráth an t-oideas.



Oideas na n-órd nósghlan re déanamh duan
'S ar chumadar fós d'eólus i dtréithibh druadh,
Mar urraim ar Eóin fógraim ar chléir 's ar thuaith
Gan tuisle n-a threóir cóirighthe d'fhéad gach n-uair.


L. 166


An uair líontar beach do mhil
tig arís, dleacht an chuinnidh,
d'fhios na hadhbha ó ar thriall,
a táirdeal súd cér imchian.



I gcian 's i ngairid i gcathrachaibh chríoch Eórpa
Do thriall an t-easbog so d'amus a bprímheólas;
A thiaghacht a-bhaile fé ghradam do dhlighid mórtas
Cliar ghort Bhanba is flatha na Finn-Fhódla.



I bhFódla fuair fáilte seal
is móirmheas gnáith do thuilleadh,
go dtáinig, de chlaénreacht Gall,
sé i ngéibheann re tamall.



Re tamall fé mhairg i gcarcair na gclaoinbhfealltach
Tré ghangaid tá an t-easbog is dearbh gur díth leamsa;
An t-aingeal tug Peadair a glasaibh an ríogh fhallsa
Aitchim ort, a Athair, dá chabhair ó dhlighe Gall-chur.



Cuir, a Rígh do chruthuigh neamh,
ar impidhe Mhuire Maighdean,
Eóin an triath gan brón a bruid,
gan treóir n-a dhiaidh ag namhaid.



A námhaid ná dáileann don easbog so cion,
Acht gábhadh agus gnáthbhroid i gcarcair gan choir,
Áilim an tArdmhac do dhealbh an bhith
Bhur n-ármhach gan cháirde is go marbhthar sibh.



Sibh do chlaon 's do choill an reacht
rinneadh go haobh i Luimneach;
bhur rígh tré réidhteach gur gheall
saoirse d'ar gcléir go coitcheann.


L. 167


Coitcheann do gealladh, 's is cealgach coimhlíontar,
Tug posta na Sacsan do fhlathaibh na Fódla innsim
Is follus mar dhearbh i gcarcair tug Eóin díbhse
Gan chothrom le fada dá chabhair mun dóith Laoiseach.



Laoiseach dá bhráthair ar gheall
guidheam gan cháirde a chomhall;
a thiocht tar sáil gon' aicme,
cian atá i dtarngaire.



Cian ó tharngar aicme do naomhaibh Fáil
Fialmhac flaithe na Sacsan do théacht tar sáil,
I mbliadhna aitchim d'ar gcabhair ó éigeandáil
le dianscrios danar n-a ndreamaibh a hÉirinn áird.



B 1703 18T



Is fonnmhar do scríbheochuinn
dá mbiadh Eóin a cCorcaigh;
Ó thriall sé don Phortingéil
Níl an sonus go leir oram.





"Agso am dhiaigh an beochaoine do rineas air an tan adchuala a chur
ina loing timcheall an .11. lá do Fabhra, A.D. 1702."


L. 168


B 1702 18T



9. - Mo Bhrón mo Mhille.



Mo bhrón mo mhille anois mo léan go luan
An sgeól guirt chluinim tug me déarach duairc,
Mo sgóp do sguir do bhris mo shéan mo shuan,
Eóin do chur tar muir ar éigion uainn.



Mo stór mo chiste rug i n-éinfheacht uaim,
Mo chóir mo chion mo chuid don chléir gan chruas;
Níor lór leis sin gan sruth na féile fuair
Tar bóchna sgiuba ó d'imthigh sé mo nuar.



Dámadh eól dam siosgadh snuighte i dtréithibh suadh
'S mo ghlór go glic do chur i gcéill i nduain,
d'Eóin do dhlighfinn cumadh dréacht i n-uaim,
'S dar ndóigh anois ní tuigthe d'aon gur cluain.



B 1703 18T



"Agus damadh eadh ní hí an chluain nar ceannuigheadh go minic leis an
bhflaith úd. Mur is mise do shearbhfoghantaoi bithdhílios go héag,
Eóghan ua Caoimh."



10. Ó D'IMTHIGH AN FLAITH.



"Gonadh é sin Cath Chluana Tarbh ar na sgríobhadh le hEóghan Ó
Caoimh ar furáiliomh Eoin Baiste mic Sleighne do ba Easbog Chorcaighe
Chluana agus Ruis anuradh, agus as ródhoiligh leamsa a chathaoir
folamh sna háitibh sin a mbliadhna, agus go háirighthe cathaoir
Chorcaighe, oir do feannadh me le Mac Raicín go minic.


L. 169



Ó d'imthigh an flaith do chleacht mo riar gan ghrúig,
'S do chuireadh go beacht am ghlaic gach bliadhain púint,
Mo chuingealach feasta as leachta ag liathadh i gcúil
Go bhfille tar ais, MO CHREACH, an liaigh adubhart.




.i. Eoin an anma. Agus mo mhíle beannocht chuige, agus cuirim
me féin fá choimeirce a ghuidhe i Memento na mBeó."



B 1701 18T
U Anaithnid



"Ar
thionsgna na hoibre seo do Chr. Ó Chorbáin an 15 don Mhí August,
1701, i nainm an Athar agus an Mhic etc."




B 1703c 18T
U Eoghan Ó Caoimh



11. - Truagh do Chléireach.



Truagh do chléireach de chur cárta,
Riamh nar éimigh neach um nídh,
Nár léig mé ar raon gach éigeas
Gér lag m'éileamh ar an saoi.


L. 170


A shaoi den chrú chubhartha nach danardha dreach,
S nár thuill do chrú dubhadh let ainbhfios beart,
Ón tír gur tú thionnlaic mo leabhar thar lear,
Do bhí mo shúil cunntais ód mhaitheas im theasg.



Teasg fa trom, 's a chur i neagar,
Orm do chuir an diadhaire dleacht,
Dá mbeadh sé san gcrích seo Chobhthaigh
Ní bheadh sin 's ar stoc i gceas.



I gceas do shíor dom shníomh le hiomad clampair,
An bhreac 's an bhuidhe fá'n gcíos ag dul i dteannta;
Dá nglacfadh Freeman Gaoidhilg ghasta sheannda
Do rachadh fíon mar dhíol ón sagart seang glan.



Glanfad féin mo lámha feasta,
Glacfad rámhann gidh sgéal truagh,
Ó chuaidh Eóin tar bóchna bheannaigh -
Sgéal fár meascadh cléir is tuath.



I dtuathaibh Chaisil ní mhaireann, mo léan a luadh,
An chuallacht chalma cheannachadh dréacht is duain;
An uair ná faicimse flatha na féinne suas,
Monuar bead feasta fá ghallaibh dom chéasadh is truagh.


L. 252


B 1704 18T
U Eoghan Ó Caoimh




A Dhiarmaid, mo chiachsa mar d'eagais



Cheithre ceathramhna i dtosach an amhráin loitithe. An cúigmhadh ceann
annso:



'S gan neach re cian san iath so féachtar
Is lia do chaoin do shaoithibh saora,
Is mó ar ar ghuill a sníomh 's a n-éigean
Ná an tí so marbh faoi leacaibh, mo léansa.



A thighearna dúithe dlúth i ngéibheann,
'S a úncle i gcumhgrach gan réighteach,
A cheann, mo channtlamh, i néagcruth,
Do luathaigh a luadar ón saoghal.



A líogse fár síneadh an séimhfhear,
Faisnéis go caithréimeach sgéala
Go bhfuil fút go ciúin ag daolaibh
An greann, an annsacht 's an fhéile.



Atá fút flaith do ghartfhuil Éibhir
Do mheabhruigh ceannsacht gan chéidil;
Uaisle gach tuatha ba gaol do
Ó Chaisiol Chuirc mar ghabhaid sin go Béarra.



An feallsamh gan fhallsacht do shaothruigh
Ar sgróbhadar saoithe gan éagnach,
'na chuimhne do líomhadh an Béarla,
'S an Ghaoidheilg go fínit do léirigh.



Dán Díreach níor shuim leis a déanamh,
'S an Deibhí ba ceistshnaidhm ar éigsibh,
Mo chubhais díbh, do dhlúithfhigheadh an Séadna,
Is Rannaigheacht Mhór d'óradh gan bhréaga.



Rannaigheacht Bheag níor theib a gnéith air,
An Chasbháirne go folláin 's a géaga,
An Draighneach i bhfighe ghlic go heasga,
Is Ceanntruim gan amhras gan bhéim air.


L. 253


An t-ogham coll 's an t-ogham craobhach,
'S an t-ogham guthaighe ba dosgaoilte déanamh,
Gach ogham díobh dar fhoghlaimsead éigse,
Do chuir i n-eagar gan easbaidh gan fhéire.



Ceithre ceathramhna loititghe annso.



Cia chuirfios i gcroinic bhar ngeinealaigh féachaidh,
A chlann Carrthaigh, ó Ádhamh go hÉibhear,
Ó Eoghan do pósadh lé Béarra
Go Diarmaid Múscroidheach úrchroidheach éachtach.



Ón bhflaithsin do níodh reacht do chaomhna
Go Donnchadh an Chúil ba túr do Ghaedhlaibh,
Ní raibh díobh taoiseach ná tréinfhear
Nár chuir síos go glinn a ngaolta.



Is iomdha san Mumhain am éagmais
Eagarthach laoi, is fear rainn do dhéanamh,
Neach eólach i gcódaibh, is cléireach,
Mhaoidhfeas go ndíocheall a thréighthe.



Do lucht an bheatha ós dearbha gurab éigion
Blaiseadh an bháis trén gcáin do raobadh,
Fillfead ó a chaoineadh le déaraibh,
Is guidhfead go díochrach Mac Dé dhó.



A Rí do chruthaigh an chruinne léd bhréithir,
Do dheaghail an mhuir 's na cnuic ó chéile,
Do bheir go cothrom solus na gréine,
An t-ionnraic so ad longphortsa caomhuin.



A Mhic na hÓighe dfhóir an méirleach,
'S do shil do chrú gan chúis dár saoradh,
d'iomchuir an chroch go cnoc do chéasda,
Diarmaid ná cianchuir i ngéibheann.



Goirim dod choimircse an Sbioraid Naomhtha,
Is inghean Anna nár chaigil a déara;
Na trí ceathrair do sgaipeadh le sgéalaibh
Dá dhíon ar bhuidhnibh an bhaogail.


L. 254


Dícheall gach naoimh ghil dar céasadh
'S do greadadh tre charthain an Aonmhic,
Úrnaighthe is umhlacht is sléachtuin
Na n-órd gach móment dá n-éirgheann,



Guidhe an easbuig tug taithneamh dá thréighthibh,
Do cuireadh tar bóchna mhóir ar éigean,
Guidhe na gcliar i n-iathaibh Éireann
Dá chumhdach i bhfiúnntar gach baogail.



Guidhe Dhonnchadh is oircheas a déanamh,
Is diombádh liom uchlán an tséimhfhir,
Mar thárla gan bhráthair an' aonar,
Mo chiachsa, a Dhiarmaid, ó d'éagais.



Mo chiachsa Diarmaid Mac Cárrthaigh i núir,
Is iachtach ambliadhna do ghnath 'na dhún,
An triathfhear dá ngialladh an dáimh san Mhumhain
Ina bhiadh chrumh ag piastaibh mo chás, mo chumha.




U Anaithnid
"Airtín Ó Ccaoimh cct. ar bhás an Diarmada céadna, agus así a
chéadobair í mar shaoilim. Requiescat in pace."





13.- DEARBHAIM GURAB ATUIRSEACH
Art Ó Caoimh cct.



Dearbhaim gurab atuirseach 'na luighe fá lic
An sgafaire don Charathfhuil ba ríoga cirt,
An caithbhile ba ceannasach i ngníomh 's i ngoil,
Ba seanchadh, gan amharus, 's ba prímhfhile.


L. 255


Dom baramhail, géadh dainid sin, is críoch anois
Don aicme sin lér thaithneamhach bheith síos le sult,
'S gan acasan pearsa ar bith i gcríochaibh Luirc
Ba samhail cheart don mhairbhfhear so chaoinimsi.



Athchuingim ar eagnamh an Choimdhe chirt
Ler ceannachadh ar ngasra go cruinn i gcrois,
Tre mhaitheasaibh do-ainmnighthe an Fhírinnigh
Flaitheas go bhfagha a anam sin agus chríoch ar bith.



Is cianchreach do chliaraibh na Banbha arís
Diarmaid fá iadh lice marbh i gcill,
An triathfhear dil diadha gan mheabhail gan phoimp
I gcriadhchuilt ag piastaibh dá chaitheamh mar phroinn.




"Créad an fhearg so ar lasadh re hiarmhar áir."



"Adhnadh damhna i niathaibh Fluinn."


L. 256


B 1707 18T
U Eoghan Ó Caoimh



14. - MO CHÁS CUMHA MO CHUMHGACH



Mo chás cumha mo chumhgach mo chogar mo chreach,
Is mfháth túirse gan chunntas tug srothach mo dhearc,
Lá spiúnta mo dhubhachais dom chosnamh i gceas,
A bhláth mhúinte, tu dlúthchurtha ar Bhrosnaigh i bhfeart.



Mo chrádh an úir iompuighthe ar ghorm do dhearc,
'S do ráidhte rúin cúl riom nár chogair thar ceart,
Do bhrágha mar chubhar dúnta faoi chlochaibh is feas,
Dfhág me ciúin cúthail gan soirbheas seal.



Do lámh gan lúth d'ionnsmadh a hobair go deas,
'S do bhánchorp úr ionnraic dár bhronnas mo shearc,
Ag táintibh dubha dúra dá dtochailt i gclais,
Dfhág me i bpudhair brúighte go follus ag meath.



Ó ráinig tú i núir curtha, a chogair gan chealt ,
I gcáil chúghanta nár iompuigh ó bhochtaibh do dhearc,
Go bráth do ghnúis dlúth riom nach cosmhail do theacht,
Lá cunntais an Dúilimh go roichir 'na theach.


L. 257


Gráin chúige ort, a thrúgh liosta is duibhe ar bith dath,
A ghráig ghiungaigh ghlúnfhada is misde mo rath,
A bháis bhrúidsmeartha thúrnas gach nduine go prap
Pláigh chughad ó dhluthsgarais mise is mo bhean.



Go teach na bpian ná i ndiachair bhroide i ngéibheann
I measg na ngiall, a Dhia, ná cuir mo chéile
Maith is miann is diadhacht Mhuire an Aoinmhic
Ar threabh na bpiast go diamhair sirim saoradh.



Saor í ar fhíoch na ndeamhan ndubh nduaibhseach
Créacht an chinn an croidhe agus cneadh na gualann
Ón éiric gníomh a clí má dfhan i nguasaibh
Daondacht Chríost gan mhoill go neamh dá fuasgladh.


L. 258



An lá dhéadhnach don bhliadhuin so 1707, d'easbaidh comhluadair ná
compánaigh ná carad do thiocfadh dom fhéachuin tamall.





15. Ó CHAILLEAS DO CHEARTDLIGHE



Ó chailleas do cheartdlighe an deaghRíogh is áirde ar mbith
An chabhair do chleacht sinn is taithighe dáimhe is sult,
Mo mheabhair ar mearaighe, is easbuidhe mná dom ghoid,
Ní fheadar cá healuidhe do ghlacfuidhe ag cách anois.



Bacrach, nár ghabh suim baistidhe neámhdha ar mbith
'S nach facaidh an reacht fíor ar taithighe i bhFáilinis,
Do tharrngair, is feas díbh, cneadh chroidhe, bás, is broid
An Araidmhic achtchaoin do ghlanrígh árd Uladh.



Geallaim go bhfaicfuighear, is breathnuighidh tráth gur fios,
Is dá mairinn dob ait linn teacht síos lá 'na bhun,
Bachall is barraoin ag flaith ghroidhe Charrthachaibh
Gan chasa ina chathaoir, is Airtín táidhte ris.



An eaglais aithrigheach do ghlac poimp árdchumuis
Na clainne sin Chailbhín do thathaoir chárta
Meanga agus mailís thaithighid táinte an uilc
A cathair mhaith Bharrfhinn cartfuighear tráth go tiugh.


L. 259


Caithfidh an ceannuighe is maisighe máis mur so
Ar maidin ler ghlaisdíol cainnín cách mur dhigh
Nach radfadh a cheartmhaoin le heasbuidhibh cháich go briosg
Feacadh gan fhaillighe don Fhear Bhuidhe d'árduigh mhe.



Gach mangaire caillighe do chleacht luighe sámh i gcuilt
Go leathan ag leaduigheacht 's a leacuighe lánliosta,
Nár aithin ina aibíd an treasuighe dháileadh mil,
Ar Aifreann adchaoidheach is paidrín bán aice.



Dragan an deaghchroidhe is seasg suighe i Hámburc shoir
Gam eachra ag fastaoim ná bannaoi i ngárda uime,
Le gallaibh géadh anaoibh, dar Bríghid, gáirfid a fhir
Ón ngeata go Mais síos is fearfuighear fáilte fris.



Ní fheadar gur fachnaoid ar chan sinn dfháistine,
Cathair an Bharrfhinn ag gealchlainn Charrthaigh Chuirc;
Cé fada ag daltaoibh Chailbhín cáin uirthe,
Is gairid go bhfaicfuighear gan neach díobh dána againn.



Cé chaitheadar seal i bhflaitheas Éireann uill
An aicme do sgaip ar bhflatha féin tar tuinn,
A Athair na bhfeart do leag gach Caesar síos,
Tabhair a gceart tar ais dfhuil Éibhir Fhinn.




An bhliadhain 1707 do bhasg mé, agus tug ar díth céile .... Sirim
bliadhain mhaith annois ar Dhia. Amen.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services