Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Egan O'Rahilly's 'Warrant'

Title
Egan O'Rahilly's 'Warrant'
Author(s)
Ó Rathaille, Aogán,
Compiler/Editor
O'Rahilly, T.F.
Composition Date
1717
Publisher
(B.Á.C.: Hodges, Figgis & Co. Ltd., 1912-1913)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Ná fáguig sagart tuarastail
Dá bhfuil in bhur bhformáil
Gan sgíos an éin seo d'fhuadachan
d'fhógairt dóibh 'na bpoibleacháin.


L. 152


Gluaistear libh le hughdarás
Eibhlín árd Ní Uallacháin,
Siobhán fhada an sgúilleachán,
Is gach bean dá sórt don tsluagh mhionnán.


L. 154


B 1717c 18T
Contae Chiarruidh



Whereas an tAthair Aongus fáidhchliste,
An sagart cráidhbheach Críostuighthe,
Do theacht aniu um láthairsi
Le gearán cáis is fírinne;
Go ttug dá dheóin lán mín-sgilling
Ar éan álluinn cúilchliteach,
Is gur sgiubadh a eun go síodhbharradh
Ó aonach chinn na dútha so.


L. 155


Bu gar don Athair áirmhidneach
Coileach trátha chum dúisgighthe
Re bheith ar aire sámhchodhla
Gach tráth aspuirt urnaighthe.
M'órdughadh díbh ar an adhbharsin,
A bháilidh stáit mo chúirtesi,
Ná fáguidh coill, gleann, cnoc ná cuasachán,
Dá gcluistidh glór ná gliongarán,
Gan chuartughadh 'ndeoidh an Tsíodhbharráin
Rinigh mídhghníomh le plundaráil.
Ris so do dhéanamh go tapa tráth,
So díbh bhur n-úghdarrás,
Faoi scríobh mo lámh le cliteachán,
An lá so do aos an Uachtaráin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services