Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duain ar Bhás Dhomhnaill Uí Chonaill

Title
Duain ar Bhás Dhomhnaill Uí Chonaill
Author(s)
Mac Cárthaigh, Micheál,
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1847
Publisher
(B.Á.C.: Comhartha na dTrí gCoinneal, 1940)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Is fada an donus ag fuirseadh le hÉire,
Is géadh iomdhó pola do stoladh le tréimhs,
Óna ballaibh, níor creachadh go léir í
Nó gur scaradh léi a cara 's a caomhshearc.



Géadh fada faoi ama í 'gus gallaibh dá céasadh
Ó luan go sathran gan earradh gan éadach
Gan bhiadh gan bheatha, níor sladadh í i n-éinfheacht
Nó gur scaradh léi cara na cléire.



Géadh fada fá'n sín í fá luighe na spéire,
Do ló agus d'oidhche ar mhaoilinn na scéirde
Gan teine gan teas, níor mheath a géaga
Nó gur scaradh léi taitneamh na gréine.



Géadh fada mo shearc le tart dá traochadh
'S a muirear bocht trom faoi chrom-nasc déarca
Goimh na gortan níor ghoirtigh a céadfadh
Nó gur scar sí le flaith na féile.



Mo mhíle mairg, mo dheacair, mo ghéarghoin!
Mo chreach dhrólann go deó mar scéala!
Flaith na Fódla, Domhnall déidgheal
Caomh Ó Conaill dá chreimeadh aige daolaibh.



Ní hiongnadh linn go deimhin mar scéala
An mheidhir seo ar ghallaibh sa gcathair le tréimhsi,
An chreidhill dá greadadh, agus ceathanna pléaraibh
Le scléip dá gcaitheamh ó leagadh mo laoch mear.


L. 95


Déarfaidh donnaire dona agus dúid air,
Ná deaghaidh riamh trasna naoi n-acra ón gcúinne:
"Créad do rin Connell do mhaitheas riamh dúinne,
Acht amháin ar bhailigh sé d'airgead púint leis?"



Fiafraighim an méid seo dhon éifid réamhráidhte:
"Cia bhuadhuigh ar ghallaibh na Breataine an báire,
Gan gunna, gan claidheamh, gan saighead chum ráidhte
Gan fiú fuil chreabhair do leith Fodla ar a ghárda?



Cia d'aistrigh an chroch do chros gach sráide?
Cia bhain don tSeóinín chrónbhuidhe cead láighte?
Cia d'fhág an teampoll gallda gan fagháltas,
'S do chuir a chreideamh chum leirge ar Mhártan?



Cia chaith a ghúna i gcunntas na sáirfhear
I dtig na cúirte i measc búiribh gan spleadhchas,
Nár chaill a chlú riamh ar chnúsach táirbheach,
'S nár shéan a dhúthaigh ar aon chúinse 'na fábhar.



Is ceist ar ughdaraibh múinte an rádh so:
Cia leanfaidh an fiadhach ar liathphocaibh ársa,
Ná a phléidhfidh a gceart do shleachtaibh Fáilbhe
I n-ionad an fhir do fuair fios mar fáidh ghluin?



CEANGAL.
Gníomhartha an ollaimh ní mholfadsa ar aonchor
cé nach obair í is deocair do dhéanamh,
'S dá mbeinn i n-eolus mar Hómer na Gréige
A mhaithghníomhartha ní scríbhfinn lem shaogal.


L. 96


Ó cuireadh gan mheas na n-eas mo chéirdsi
'S gur deileadh mo cheacht ó lacht na Gaedhilge,
Fágaim fúibhsi, a lucht mhúinte an Bhéarla,
Dán do cheapadh do chara na héigsi.



Is fada an donus ag fuirseadhle hÉire,
Is céadh minic dá leagadh í níor creachadh go léir í,
Níor buaileadh buille na tubaiste i n-éinfheacht
I mbuaic a baithis gur cailleadh a caomhshearc.



FEARTLAOIDH.
A dhuine, féach fút thíos i gclúid faoi léithlic
Dalta agus múirnín Mhúscraighe is Bhéara
Fear seasaimh na gcúigidhe, stiúridhe gach straedhire
Crann soluis na ndúithchí, mo chumha croidhe, traochta.



TORNA.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services