Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Irish Harrowing of Hell

Title
An Irish Harrowing of Hell
Compiler/Editor
Williams, Caerwyn J.E.
Composition Date
1600
Publisher
(Páras: J.Vendryes, 1960)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


TEXT III



(B. M. EGERTON 137. 65 v - 63 v)



Ar n-eiseirghe do Christ o mharbhaibh doluidh Domhnach Casc do thab-
hairt na broide a hIffren. Cesnaighes an Diabhal do Christ ciodh fa ttainic
d'iarraidh an chinidh dhaonna ata um sheilbhsi moran do bhliadhnaibh agus
ata ar ndul a rudhrach agam. Do fhreaccair Dia co foicchidneach an Diabhal


L. 76


agus as eadh ro raidh. A mbeith agad co heccoir. Do fhreaccair an Diabhal
agus adubhairt. ataid ar ttuitim ó thosach an domhain gus aniu agus ni co
haimsir airi sic do cheanccladar iat fein acht gan chrich ar a bfuaslucadh.
Con aire sin nach dlighirsi a bfacchail ar an Diabhal agus an ni re a raibhe
mo thoilsi agus toil Adhaimh chum an pheacaidh do dhenamh agus ar ar
chaitheamar aimsir rudhartha gan fuaidreadh oroinn ni dhligirsi a n-agra iar
n-aimsioraibh ciana. Do fhreaccair an Ticchearna e agus adubhairt. Da
cceanccladh do thoilsi agus toil Adhaimh scaoilfeadh mo thoilsi agus
toil Adhaimh. Do fhreaccair an Diabhal é agus adubhairt. Ata an Lex aga
fhoirgheall an ni do-gheibhir i ccath gurab dilios don ti do-gheibhe.
Adubhairt Dia. ni cath tuccuis ar Adhaimh sic acht cealg (64 a) do imris
air agus ni dhlighirsi tabhna na ceilcce sin d'fhacc-hail amhail chath. oir
as amhlaidh adeir an Lex annsin. an uair bhid dha ri a n-imreasain na cora
agus fhograid cath ar a cheile d'aonta a ttuath agus a ccineoil
d'foillsiucchadh na cora. an ni do-gheibhthear d'edai<l> an chatha sin as
dileas don ti do-bheir an cath co dlightheach e agus da réir sin nir
connmhaisi ceart catha do Adhaimh sic oir ni dhearnais a
fhorfhogra agus da reir sin nir sic dhlighir a tharbha d'facchail amhail
chath ndlightheach. Freaccras an Diabhal agus adubhairt. ni cealcc do imresa
ar Adha-imh acht a thoil fein agus an ni do chonnairc. Da dhearbhadh sin do
fhograisi fein do Adhamh agus do Ebha gan toradh chrainn na haithne do
chathamh agus do ccaithdis co bfuidis bas sior da reir sin ni cealcc
do-ricchneasa acht cath. Do raidh Dia. Adubhairt riot o chianaibh da
cceanccladh do thoilsi agus toil Adhaim. scaoilfe sic mo thoilsi agus
toil Adhaimh. Adubhairt an Diabhal ni fior sin. as minic do thuit duine da
thaoibh agus nach eireochadh se don taoibh sin. Do raidh Dia cacha a sic
mhionca thuiteas an duine dlighior grasa do ghenamh air. Agus biodh a fhios
agad a Dhiabhail nach do ghenamh na córa uile tanacsa acht do dhenamh na ngras
agus ni do ghairm na bfiren amhain tanacsa acht do ghairm na bpeacach. Do
fhreaccair an Diabhal agus adubhairt as misi ar se cretuir as uaisle agad agus
as sine agus as fearr agus mo riachtanas a leas gras agus ar ar córa a ndenamh
ná an duine sothruaillighthi agus os do dhe-numh na ngrás tanccais i ttalamh
dena oramsa iad. Adubhairt Dia ris an Diabhal ni héidir leatsa a radha gurab
peacach thu na co raibh treoraightheoir agad na adhbhar peacaidh na aibid na
mailisi umad mar ata um an duine. Da reir sin ni dhlighir grasa do ghenamh ort
mar an duine. Do raidh an Diabhal cad fa ndearnaisi misi don adhbhar sin
nach bfedfainn a rádh co mbeinn peacach mar fhedas an duine. Adubhairt Dia
do rinneasa thusa don adhbhar dob fearr agus dob uaisle agus as luccha ina
rachadh cathamh na an duine agus ar an ádhbhar sin ni dhlighionn tu
maithfeachas d'faghail. Do raidh an Diabhal cia nach badh héidir misi do
shlánucchadh mar as éidir an duine. Adubhairt Crist ar se hadhbharaibh .i.
misi um bhreithiomh (64 b) cheart nach athraiccheann an breith bheirim. An
dara hadbhar narbh eidir leat peacadh do dhenamh ar do ghlormaireacht. An
treas adhbhar nach bfuil do chuid don pháis agad mar ata ag an duine agus nach
bfuil aibit na mailisi umad mar ata um an duine. An .4.adh adhbhar nach bfuil
ad thabhartas ni do chuirfeadh at'aghaidh mar ata ag an duine do reir a choirp.
An .5.adh


L. 77


adhbhar nach bfuil truaill ad thimchioll da ttiobharthai pais mar ata um an
duine agus da cciontai se i ngne atá gné oile da shubhailcibh na shaoradh
agus ni mar sin don aingeal ni fhuil aige adhbhar maithfeachais o peacaidheas.
An .6.adh adhbhar nach raibhe eaccna ag an duine mar ata agadsa agus nach
do mhian an pheacaidh do ghenamh do bhi an duine acht d'ainbfes agus ní mar
sin duitsi. oir ni raibhe neach oile da foraileamh ort peacadh do ghenamh
acht tu fein agus ni mar sin don duine. gurab aire sin an ni as bás don
duine as tuitim don aingeal. Adubhairt an Diabhal. an ni bhios a seilbh neich
da .c. bliadhain cia badh heccoir é go tteid a rudhrach dho agus atá Adamh
cona chloinn .5. 1000 bliadhan um sheilbsi agus cidh nach badh dileas dhamh
iad. Do fhreaccair Dia é agus adubhairt <a> Dhiabhail ar se an ni bhios aga
fhuai-dreadh ni theid a rudhrach oir do bhi Isac agus Iasue agus Daniel
agus Armias agus na faidhi archena gam fhoirceadalsa agus gum gheineamhain
agus ag faistine co bfuaiscceolainn lucht na .u. n-aimsir batar a ndorchadas
iffrinn agus da reir sin ni theid a rudhrach an ni bhios ag a fhuaidreadh agus
ni cheancclann an aimsir sin acht an ni bhios fuithi agus as follas nach rabhas
fuithe agus gurab os a ccionn do bhadhas agus da reir sin as liomsa comas
ceanncailte agus fuaslaicthe lucht na .u. n-aimsior do reir fhaistine damhsa.
Freacoras an Diabhal agus adubhairt. An uair do chruthaicchis an duine saor
gan chair gan pheacadh agus tugais ina chumhachta comas uilc agus maitheasa do
dhenamh agus tucais lamhliccean dod chloinn i ccoitchinne agus da reir sin ní
dhlighirsi a n-agra ormsa. oir ruccadar do roccha an t-olc tar an maith.
Freagras Día agus ass eadh adubhairt. Biodh d'fiachaibh (65 a) ar an athair
eiccentais an meic tsaorleiccthe d'furtacht. Iarna fhaicsin don Diabhal gur
claoidheadh e ó resun ro ghuidh Dia gan a arccain agus gan a nochtadh uile .i.
a ttioccfa do dhaoinib o so suas do bheith agadsa agus a bfuil um laimhsi do
bheith agam fein gan a n-agra orm. Ro fhreaccair Día agus ass eadh a
adubhairt. ni hail lem comprait ettarom agus tu a Dhiabhail oir ni hail lem
na drochdhaoine gan a ndamnadh agus na daoine maithe gan a bfuascladh. Agus
ar n-iarraidh na ronna sin don Diabhal fearccaigheas Dia agus fiarfaigheas an
Diabhal co fonoideach do Dhía. O do cruthaicchis neamh agus talamh cona
dhuilibh d'aonbhreithir ciodh im nach saorair d'aonbhreithir aris agus as mo an
mhainneachtaidhe na sin duit an pháis do fhuilngis d'fhuasccladh an
chinidh dhaonna agus co bfedfa a slanucchadh agus iad san d'fhuasccladh
d'aonbhreithir.



Freaccras Día agus adubhairt do fhedfain-nsi an cineadh daonna do
shlanucchadh i modhaibh iomda. Ciod eadh ni fhaca me ni badh diorgha no badh
iomchuibhdhe na an duine fuaras ar ttuitim ina pheacaidhibh go ttiocfadh a
shlanucchadh do bhas duine eile ar a shon. Agus ar na fhaicsin don Diabhal
nar fhead an ni badh ail leis do bhuadhughadh ar Dhia is ann adubhairt an
Diabhal. A bachlaigh ar sé do raidhis brecc agus ni haloinn an dligheadh do
thicchearna bheith breccach. oir do raidheis ag dul sa chroich. Da mbeiri me
na ceimenda sa isin chroich tarronca me cach aon duine chugam agus don breithir
sin da bfaccair aon duine a n-iffrionn as breccach thu. Do fhreaccair Dia agus
ass eadh ro raidh. ni hé gach ni ata a n-iffrionn adubhart do bherainn as acht
as dona daoinibh ata ann dom chinel fein do labhras agus ni da cach ní i
ccoitchinne. Is annsin do eicch an


L. 78


Diabhal co hard agus ass eadh adubhairt as e an t-iolur as mo dona henaibh
agus as ticchearna orra agus do creideadar na heiscc uile don míol mhor agus
mar sin is misi as mo dona daoinibh agus da reir sin ciodh nach beire as so
mé. Freagras Dia agus ass eadh ro raidh. As ar cach uile chinel dona henaibh
as ticchearna an t-iolar. (65 b) Tusa a Dhiabhail ar Día ní do chinél na
ndaoine dhuit agus as aire sin nach dlightear do thabhairt as iffrionn. Ro
raidh an Diabhal. Ataim aga dhearbhadh maille <re> Lex an da chathair idir a
bfuil coccadh .i. Parrthus agus Iffrionn. gurab dileas damh an ní a fuaras i
bParrthus agus ata agam a n-Iffrionn. ni fior sin ar Dia ni dhein doctuir na
cathrach sin dligheadh do bheradh mo cheart fein uaim. Oir ataim um
chruthaigheoir agus am thicchearna os a ccionn agus ni cumhgach neirt orom iat
agus as tualaincc misi neart agus ceart do ghenamh orra san agus da reir sin a
Dhiabhail ní leatsa aon ní da ttuccuis a Parrthus. Freaccras an Diabhal agus
ass eadh ro raidh. Ataim aga dhearbhadh o dhligheadh dhiadha maille red
bhreithir fein an trath do raidhis a dhlig-headh fein do thabhairt do
Shésair agus do dhligheadh fein do thabhairt duit fein agus gurab ar eiccin
do ghabh Sésair rícche na Rómha agus do bhen ricche na Greicce
d'Alaxandair agus as aire sin as liomsa a bfaghail. Agus ass eadh ro
raidh Día. ní dhubhart do thabhairt do Shésair acht a ni fein agus ni ni
comhai-cchtheach adubhart do thabhairt do. As annsin do eicch an Diabhal co
hard ar bfaicsin cach uile neithe ar tteacht 'na aghaidh agus na broide do
shaoradh agus ar na fhaicsin sin don Ticchearna do chuimrigh sé an Diabhal agus
do chuir i bfudomhain iochtair iffrinn é co teacht Antecrist ar dheireadh an
domhain. Is annsin do thionnsgain Dia gus an mbruid teacht a hiffrionn iar
ccuib-hreach an Diabhail agus do chansat claisceadail mholta don Ticchearna
agus da ccruthaigheoir amhail ro chan Maoisi ag teacht tar muir ruadh roimh
shlu-aige na hEigiopta agus amhail do baitheadh Faro cona mhuinntir a
muir ruadh agus dar saoradh mic Israhel on daoire urghranna Eighipta, is
amhlaidh sin do shaor Íosa lucht na ccuicc n-aimsior on daoire iffrionda
agus do chuibrigh an Diabhal i bfudhomhain iffrinn agus tuc urlamhus cach
uile uilc dho.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services