Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Poem by Piaras Feiritéar

Title
A Poem by Piaras Feiritéar
Author(s)
Feiritéar, Piaras,
Compiler/Editor
O'Rahilly, T.F.
Composition Date
1650
Publisher
(B.Á.C.: A.R.É., 1942)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Oide a ndréachtaibh an dreasfháil
Maol Domhnaigh Ó Muirgheasáin,
do chinn athaigh oll re dán
a gCill Achaidh lonn Liathán.



Fuaradar an fáith bar luidh
Brosnach is Baile Í Dháluigh,
's fa bhinn a bhúaidhe a bhfocluibh
a gCill Chluaine a cConnochtaibh.



Tulach Gofraidh Fhinn do oil
Maol Domhnaigh d'oideacht athaigh,
sgrig a bhotha ag tadhg do thil
an der? locha ós Linn Luimnigh.



Maith trá a thurus dá n-éis,
Baile Mic an Bhaird, Buirgéis,
dá aire ar Éirinn arsaidh,
is Baile Í léighinn Lomasnaidh.



Treimhse ag cur crannchair air
Fiodhnach Bhearaigh bhionn-Donnchaidh,
cóigidhe doilbhthe gan dluigh
d'óigfhile fhoirbhthe a hAlbain.


L. 115


A mBaile Í Ghnímh gá seilg seal,
a mBiorra, a Lagán Laighean,
's a mBaile Mioccan Midhe
ag friotal gach fáistine.



A nÍbh Eathach eacht oile
a dtor ríogh ó Rudhroighe
seal é níor bh'andaith dala
go hÓ rainig Ruanadha.



Fada ionta dhó re dán,
Ráth Bhoth is Baile Í Ghéarán,
is d'fhaire eólusa an fhir
Baile Uí Eódhusa éigsigh.



Maol Domhnaigh dalta an dána,
Maol Domhnaigh na diongmhála,
Maol Domhnaigh an dreuchta gloin,
eunphosd na héigsi a nAlbain,
do líon feadh Éireann d'oige
a léigheann ní lughoide.



Gadaidh bláith gach blátha a muigh,
don bheich is meadh Maol Domhnaigh,
éigeas gan amhghar sloide,
a adhradh is usoide.



D'éigse ar éigsibh Fuinn Uisnigh
maoidhim an Maol Domhnaighsin,
saormhac codhnaigh nách clé dhi
Maol Domhnaigh is é a n-oide.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services