Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caid é r'd do bhí ar do dhinéar agad?

Title
Caid é r'd do bhí ar do dhinéar agad?
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Royal Irish Academy

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



I
Caid é r'd do bhí ar do dhinéar agad?
A chuislín gheal, 's a stóir,
No caid é r'd do bhí ar do dhinéar agad?
A phlúir na bhfear óg.
Eascon do thug Nuala dham,
Bhí nimh go caol cruaidh ann,
O! mo cheann, tá sé tinn,
Agus caithfidh mé luighe síos.



II
Caid é r'd fhágfas tú ag do mháthair?
A chuislín gheal 's a stóir,
No caid é r'd fhágfas tú ag do mháthair?
A chroidhe na bhfear óg.
Fágfaidh mé cúig púint aici,
'S an leabaidh seo tá fúm aici,
O! mo cheann, tá sé tinn,
Agus caithfidh mé luighe síos.


L. 80


III
Caid é r'd fhágfas tú ag d' athair?
A chuislín geal 's a stóir,
Caid é r'd fhágfas tu ag d' athair
A phlúir na bhfear óg.
Fágfaidh mé cúig púint aige,
'S mo ghearráinín beag bliadhna 'ge
O! mo cheann, tá sé tinn
Agus caithfidh mé luidhe síos.



IV
Caid é r'd fhágfas tu ag do dheirbhshiuirín?
A chroidhe na bhfear óg.
No caid é r'd fhágfas tu ag do dheirbhshiurín
A chroidhe na bhfear óg?
Fágfaidh mé cúig púint aici,
'Gus an cófhra so le mo thaoibh aici,
O! mo cheann, tá sé tinn,
Agus caithfidh mé luidhe síos.



V
Caid é r'd fhágfas tu ag do dhearbhráithrín?
A chuisle gheal 's a stóir,
No caid é r'd fhágfas tu ag do dhearbhráithrín?
A phlúir na bhfear óg.
Fágfaidh mé cúig púint aige
Agus stiúráil mo dhúithche 'ge,
O! mo cheann, tá sé tinn,
Agus caithfidh mé luidhe síos.



VI
Caid é r'd fhágfas tu ag do dhá pháistín?
A chuisle gheal 's a stóir,
No caid é r'd fhágfas tu ag do dhá pháistín?
A phlúir na bhfear óg.
<Fágfad> ceann aca ag m'athair,
Agus ceann aca ag mo mháthair,
Bheith congbháil cúmhlódair leó,
O! mo cheann, tá sé tinn.


L. 81


VII
Caid é r'd fhágfas tu ag do bhean-phósta
A chuislín gheal 's a stóir,
No caid é r'd fhágfas to ag Nuala,
A phlúir na bhfear óg?
Ni fhágfaidh mé pighin na púint aici,
Acht ifrionn mar dhúithche aici,
Cuir sí nimh go caol cruaidh ann.
O! mo cheann, tá sé tinn.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services