Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Lost History of the Walsh Family, 1588

Title
A Lost History of the Walsh Family, 1588
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Muraíle, Nollaig
Composition Date
1664
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1997)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



1 839 Aroile do Bhreathnachuibh Éreann do rér Labhráis Wails
(.i. Bhreathnuigh): as an Saixbhérla do sgríobh sé anno Domini 1588
tairrngimsi so síos anois anno Christi 1664 mar so, focal ar fhocal.



2 Genealach Walynus, dhearbhráthar Bharret, mhac Guyndaliy,
airdsdíobhard thighearnuis thighe Chamelot, noch táinig lé Muiris


L. 139


mac Gearailt, lebhteanant, 50 ... accus 50 traightheach go hÉrinn
anno 1169, is do lean sé don Mhuiris sin agus dá shliocht gus aniú,
bíodh nár leanattar dhíobh uile.



3 An dara glún ón Walinus rémhráite: baoí clann iomdha aige; áon díobh
do áitigh in Mount Valicus, re ráitear Sliabh Breathnach i nGaoidhilg.
Ar aile dhíobh do áitigh in Le-Breathnach 'sa bprímhtheach dá ngoirthear
Carraic Mayne. Do áitigh fear oile dhíobh in Le-Irris Iles or Oules.
Do áitigh aroile dhíobh isin Choill Duibh, ó ttáinic ar ttreabhne (ar
Labhrás Wailsh), darbh ainm Houell Mór, óir atá agus baoí iomrádh
adhbhal ar a mhéd agus ar a neart; accus Muiris (baoí araon le Tomás mac
Seaáin, iarla Cille Dara, ina uile anró), mac-sidhe Niocláis mec
Uilliam meic Niocláis, do dhearbh a sherbhís an tan táinig Sir
Édbhard le Brús, dearbhráthair Ríogh Alban, go hÉrinn do ghabháil
agus do ghnóughadh tuaisgirt Éreann agus Chonnacht; tug an Nioclás so
ionsoighidh ar dereadh an tsluaigh Albanaigh, dár marbhadh tuairim 600
fear n-armach dhíobh, ina bhfríoth édáil adhbhal, trea attarraigh a
thighearna, Iarla Cille Dara, clú mór. As ann do ríneadh an marbhadh sin,
in áit re ráitear Myfenragh, (gomadh Muigh Fionnobhrach), nó
Mafynnoran, darob ainm Tóchar na nAlbanach ón lá sin alle, 289
bliadhain remhe so (ar L.W.), agus fuair sé ar son na serbhísi sin baile
dhó fén agus dhá edhridhibh sáor ón uile chion (congbhas go so) dá ngairthí
Baile Glas, is re ráitear Cill Mhuire aniu. As ann fuair sin anno
1<399>.



4 Nioclás rémhráite, iomorra, mac Hénrígh mec Houell
rémhsgríobhtha.



5 Sliocht Mhuiris baoí araén le Tomás mac Seaáin do ráidhsiom:



6 Muiris Bhailis, mac Niocláis, pósais Onóra inghean Uí
Dhíomusaigh (.i. Mhuircheartaigh mhec Tomaltaigh), agus rug sí
cethre mec dhó .i. Sémus, Riocard, Uilliam, agus Bhaltair, agus iar
n-ég Onórann Ní Dhíomusaigh pósais an Muiris sin Onóra inghean
Tomáis Brimigham, rug dhó Émann agus Gearóid.



7 Sémus, sinsiormhac Muiris, pósais Anastás, inghean Shémuis seise
Mhec Mhurchadha ó Bhaltinglas, rug dhó Oilibhér, agus Robenet noch
díobhaidh.



8 Oilibhér, iomorra, mac Sémuis, pósais Amy Knit, inghean Knit
Mhóir ó Mhuigh cCuillinn, rug dhó Sémus, Nioclás, Baltair,
Riocard, Uilliam, Roibnet, Henry, agus Labhrás, agus ingheana
iomdha.



9 Sémus mac Oilibhér, iomorra, rug dhó Onóra Bécán gan pósadh dá mhac
.i. Piarus agus Sémus, díobhaidh.



10 840 Nioclás, dara mac Oilibhér, pósais Senét (inghean
Ghearóid


L. 140


Duibh Nuinsionn ó Loch Aghar Mór), rug dhó Roibeart, Éadbhard,
Tomás, agus Éamonn.



11 Baltair, treas mac Oilibhér, díobhaidh.



12 Riocard, ceathramhadh mac Oilibhér, pósais Mairghréd, inghean
Shaoirbhreathaigh Uí Shiaghuil, rug dhó Muiris, Bhaltair, Gearóid,
Benét, Rémond, Tomás, agus Roibenet.



13 Uilliam, cúigeadh mac Oilibhér, baoí bean aige neampósda, Úna
Chétíng, rug dhó dá mhac .i. Roibeard agus Teabóid.



14 Roibenet, an sesiodh mac, pósais Siubhán Richard, inghean Alan,
agus rug sí mac dhó .i. Houell.



15 Hénrí, seachtmhadh mac Oilibhér, pósais Mobhda Ueldon (inghean
Tomáis Ueldon), agus rug sí Séamus dó.



16 Labhrás, ochtmhadh mac Oilibhér, pósais Mairghréd, inghean
Sheoin Ly, agus rug sí dhó Alsandar agus Oilibhér, agus iar n-ég
Mhairghréde Ly pósaidh an Labhrás sin Róisi Ní Raighilligh, inghean
Ghearóid Uí Raighilligh ó Bhaile Donnchaidh, agus rug sí aonmhac darbh
ainm Seón dó, do mhair xiv. Octobris 1588.



17 Riocard, dara mac Muiris, rug bean neampósda, Róisi Lumbard, dhó
Seon, 'gá ffuil mac áitighis anois (ar L.W.) ag Barwyk. Rug bean ele
neampósda darbh ainm Siobhán Owlyne mac ele darbh ainm Oilibhér dhó.



18 Oilibhér mac Riocaird mec Muiris pósais Onóra Chétíng, rug dhó
Nioclás (do áitigh a cCinél Fhiachaidh), ó ttáinic lorg maith
.i. Riocard, Oilibhér, agus Sémus, cona cclannuibh.



19 Uilliam, treas mac Muiris, pósais Mairgery Petít, rug dhó
Muiris, Roibeart, agus Riocard.



20 Muiris, sinsior mac Uilliam, dá mhac les .i. Baltair agus
Uilliam.



21 Baltair, aonmhac les, agus cethre mec dhlightheacha la hUilliam.



22 (4) Baltair, ceathramhadh mac Muiris, pósais Ealán Laighneach,
rug dhó Piarus, athair Piaruis agus Hénrígh (rug dhó a bhean phósda,
Mairghrét Iústás).



23 (2) Roibeart, dara mac Uilliam meic Muiris, pósais Aine Ní
Bhríain, rug dhó Hénrígh Brégach, dá rug a bhean phósda (inghean
Chroimp) trí mec.



24 (5) Émond, cúigeadh mac Muiris, pósais inghin Uí Aenghosa, rug
dhó Piarus agus Émond, athair Phiarais ele agus Émuinn ele lena
mhnaoí phósda .i. inghin Mhuiris, nó Moore, ó Chíarraighe. Báttar
dhá mhac dhlightheacha ag Pádraig, dearbhráthair an Émuinn sin.



25 (6) Gearóid, sesiodh mac Muiris, clann bhasdard les.



26 Piarus mac Émuinn, mac les .i. Émonn, dá rugadh trí mec.


L. 141


27 Riocard, dara mac Muiris, do lucht bratuighe Iarla Cille Dara é.



28 Oilibhér mac Riocaird, constabla Iarla Chille Dara ag Baile na
Cloiche agus Killanonir. Nóta: féch Muintir Chill an Iubhair.



29 Nioclás, mac an Oilibhér sin, do áitigh i cCinél Fhiachaidh ar
fhearonn an Iarla chédna, agus 'sé do ghlacadh cíos an Iarla isin taobh
tiar uile, le ndearna purchas maith dhó fén, agus rla. Do chaillsiod
an chuid ele do na Breathnachuibh si a ffearuinn in atainder i gcogadh
Thomáis mec Gearóid agus remhe. Do chaill mo athair (ar L.W.) mainér
Baile an Átha. Do chaill Uilliam Wailis Teagh Crócháin. Do sgar le
Bhaltair Wailis Caislén Riocaird cona mbeanann don dá bhaili sin.



30 Ráite Labhráis Bhailis, nó Bhreathnuigh, go sin do sgríobh sesion i
Saixbhérla anno 1588 agus do sgríobh misi, DF, i Sgoitbhérla annso,
anno Christi 1664.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services