Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Litir Ó Thadhg Mac Bruaidheadha

Title
Litir Ó Thadhg Mac Bruaidheadha
Author(s)
Mac Bruaideadha, Tadhg mac Dáire,
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1617
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1994-1995)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



LITIR Ó THADHG MAC BRUAIDEADHA
TÉACS
London, PRO SP46/90/50



Copia vera
Dia maille ris gach duine agaibh daois ealadhan Lethe Cuinn le budh
mothuighthech ar gach fregra tugus ar Thorna Éageas annsan aisde so,
Olc do tagrais a Thorna, na ar gach fregra da dtugus ar gach aon agaibh
fén dár togair tagra ara son, do briogh nach fuláir criochnughadh maille
bretemhnus do dul ar gach aighneas, aseadh do citear damh agus iarruim
oruibh ionad cuinne do gabhail duinn ar gach taobh re cheile, anionad
iomchubaidh oireamhnach, aseadh do citear damhsa gurab é sin, Gort Innsi
Guaire, aga bfuil an té ata ann do bhur bhfuilsi, agus an tionadh
agcomghar an da taobh. Agus ar suidigthe do thabhairt do lathair maille re
ar leabruibh. Agus duine nar thagair fós annsa chuis dar naois ealadhan
do car o gach taobh uainn do bretnughad ar labradh ann, agus gibe do cifithi
don dis sin do chur ar gcul dar labradh agus nach fedfadh an tí do labhair é
do sheasamh do cheart dho rer breteamhnuis na desi sin, an ní sin do chur ar
gcul go poiblighe agus do sgrios as gac ait ar sgriobad e. Gach ní
dogeabtar fior maille dearbadh a fhagbhail amhuil atá. Agus dá dtengmadh
nemhtheacht le cheile a gcás ar bith ag an dís sin do biadh a mbretemhnus
uainn, na cais a mbiadh ar nimreasain do tabhairt do lathair gibe duine
oirches do citfithi duinn ar gac dtaobh re bad cosmail tuigsi agus cogús do
beth ann, bretemhnas imresna na mbretemhan sin do tabhairt dó. Sgriobaid
cugam an tam geabhtaoi ris sin agus biodh aga aimsire fa thuairim miosa idir
an sgribenn dom rochtuinsi agus am ar dtengmhala da chele mar so maille
guidhe De fa gach seachrán agus fa gach anoircheas do dhiorghadh annsa
modh dligtheach, criochnuighim



bhur gcara in bur etc. Tadg mac Bruadeadha
O Ath Cliaith Duibhlinne
An treas do Iuin
1617



Post scri: Ni cubaid senchus na hErionn dfagbail sechranach
gan beith glan direach



Do bi do latair laime
do chur ar an sgribennso
sinne Misi an tAlmaineach
Matgamuin de Rensi



Do Lughaid O Clerig do Baothghalach Mac
Aodagain agus da gach aon re mben
an tadburso, tabair



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services