Úna iníon Mhic Cruitín cct do Eisibéal Ní Bhriain
A bhuime den bhród mhórdha ba rathamhail réim
Is de chruithneacht na slógh sróillgheal ba sleachtamhail saor
Ba coimirce mhór d'ordaibh 's ba ceanamhail céim,
Cá duine dem shórt beo anois gan mearughadh i méin?
A bhan-ua na rithe is a bhruinneall den mhórchraoibh thréan
Lér buadh an t-oineach gan time tar chóigíbh Néid,
Ós dualgas duitse mo choimirce, tóg faoid scéith,
Fuasgail meise is ná fuiling i mbrón díth mé.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11