Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Togha na hÉigse 1700-1800

Title
Togha na hÉigse 1700-1800
Author(s)
Mac Coitir, Séamus,
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1740
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1993)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Séamas Mac Coitir cct 1741.



Ní cogadh ná cargaill fhada idir airdríthibh
Ná stoirm na mara fé chaismearthaibh bárc bíobha
Ná cloistin na n-arm chum leadartha dá líomhadh
Fá ngoilid fir Bhanba, a gclanna 's a mná timpeall,



Acht cogadh na ngarraithe a leagadh 's a lánscaoileadh
Cogadh na gcarad do dhealaigh na potátaí linn,
An cogadh so an tseaca do fearadh ón Airdrí orainn,
Seo an cogadh leo is measa 's is fairsinge ghnáthchaoinid.



Cogadh bheir ainnise is airc agus ár daoine,
Osna agus atuirse is mairg ar mhnáibh tí anois,
Bheir orchra im scartaibhse trasna gach tráth smaoinim
Gurb é moladh na marbh mo theastas a photátaí oraibh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services