Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Natal Poem for Daniel O'Connell

Title
A Natal Poem for Daniel O'Connell
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Muirithe, Diarmaid
Composition Date
1838
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1993)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


TTig ad bheatha a Dhómhnail óig
Do thug leat chugain sonas séuin
Bád tá lán do bhradáin mhór
Sa ccuan aguinn air tteacht dhuit fein.



Atáimid uile, a sláinte sógh
Tá biadh go fairsiong do gach n'Aon
Is bád eile aguinn is dóith
Lán go leor, do sgadain mhéith



Tá an loisgrán anios da dhóthadh
Is mna a criathairt minne síos
Na mná eile a ccuigin ghnodh
A tabhairt leo go leor don im



Beidh oruinn, is ort, an rath go deó
Is fáisdine e, do thiteadh fíor
Oir d'eirghe aniugh leinn uile ár ngnó
Bíoch ádh leat somhaltas, bidh is digh.


L. 118


TTigh ad bheatha a Dhómhnaill óig
Do thug leat cughain sonus seun
O tamuid uille a slainte sogh
Le biadh go fairsiong do gach n'Aon.



Ta aguin bád do bhradáin mhor
San ccuan anios air tteacht dhuit fhéin
Agus bád eile, na diaidh is dhoith
Lan go leor do sgadain mheith.



An loisgrán tá nios dá dhóthadh
Is mna criathairt na mine sios
Mná eile ta a ccuigin gnodh
A déanadh duinn go leor dhon im.



Faistine Air Domhnaill Ó Connuil



Ttigh ad bheatha a Dómhnail óig
Do thug leat sogh is sonus séuin
Bád tá lán do bhradáin mór
Is bád scadán air tteachd dhuin féin.


L. 119


Tá an loisgrán anios dá dhótha
Is mná a criathairt mine mhín
Mná eile a gcuigin ghnódh
A déanadh leó go leór dhon ím



Beidh ort is oruinn an rath go mór
Is fáistine do thuiteadh fíor
Oir d'éirige aniugh leinn uille ár ngnódh
Beidh ádh leat somháltas bídh is dígh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services