Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caoineadh Uilliam Buinneán

Title
Caoineadh Uilliam Buinneán
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1780
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1990)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Caoine Uilliam Buinnean le



Mo chreachsa an buinne fada singil
leabhair snuite géag-ghlan leabhair
'S gur leagamuirne a bhfearann Cille
fear is file déanta greann,
mac ba binne dréacht na 'n fiddle,
cuach air bile is ná éanla air crann
'S gur leatsa feasda ár nguibhe uile
go parrathas Mhic Dé gach am.



Dhá bhliaghain a's go tacain seo do ghlac tú
galar cuim is cléibh
Do mheath dhá dtrian ár n-aisdighe suilt
is d'aisdrigh air duibheacht an spéir;
Ní bhfuil gabháil air iasc a gcallaighthe,
is meath ar slata a's líonta a bhFraoch,
Ná grian go hárd a' spalpadh oruinn
acht anafa air an dtuinn is faobhar.



Dob annamh leatsa a chara dhil
dul o aithfirionn go teampoll prayers,
M'fhadachreach-sa an gharbhleac so sínte
Air t'fhaid a dteannta an daoil;
Cá bhfuil neart an ratha
ná na labhartha bhí ad cheann ané,
Táid aniú faoi ghlasaibh cip
go daingion druidhte fann gan réim.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services