Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dandaimín don Ridire Brianach

Title
Dandaimín don Ridire Brianach
Author(s)
Buinneán, Uilliam,
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1750
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1990)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Uilliam Buinneán cct



Hurrá a ridire chumasaigh Bhrianaigh
Hurrá a ridire thrupaidh na srianta
Hurrá a leinbh nár geineadh i bhfiadhaile
Ach as ceartlár righthe ghníodh dlighthe a's riaghalta,
Dandaimín dandaimín.



Mo ghrádhsa an leanbh nár escair in éinfheacht,
d'fhás seacht dtroightheacha thara le chéile,
Mac an mharcaigh do ghreadfadh na méirligh
Ó Léim an Chapaill go Meala na méathmhart, etc.



Níl fiú leanbh ná seanabhean chríonna
Ó Bhun Raite go Mainistir Inse
Nach bhfuil ag preabadh chum bolaith an fhíona
'S é dá chaitheamh ag macaibh na tíre, etc.


L. 123


D'fhíonta dearga, lachtna, agus cróna
Píopa, beathuisce is meadracha beórach
Bíom dá mblaiseadh go mblaisiom go tóin iad
Go dtéighidh an ghealach i bhfolach 'nár mbrógaibh, etc.



Sin last luinge ina thuile tar sliabh againn
d'fhíon bhreagh bhuirbe chumasaigh Bhrianaigh;
Líontar gloine agus fiche chum Liam de,
Sláinte an ridire chumasaigh Bhrianaigh! etc.



Óró 'fhleascacha seachnaigh an fíon so
Nó dar m'anam táim eaglach suidhte
Go rachaidh sibh tamall le gealtacht gan chuimhne
Is tír ná talamh mar mheasaim ní díon díbh, etc.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services