Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bíoblóir á chosaint féin

Title
Bíoblóir á chosaint féin
Compiler/Editor
de Brún, Pádraig
Composition Date
1824
Publisher
(B.Á,C.: NUI, 1989)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Labhrás Ó Séagha cct.



Tá go leor insan áit so dhá rá gur Sagsanach mé,
's mo mhallacht 'na ndáil 's nár dhéanamh a leas in aon chéim -
níor dhiúltas aon tráth im phráinnbhruid Aifreann Dé
nó flaitheas na ngrás air fháltas Chalvinists chlaon.



Is damanta an cás do ál nach seachnaíonn mé,
's gan a bheith am shíorchrá mar táid le cealg is claon;
's gach aon aca 'tá 'trácht le háthas gur Sagsanach Séagha,
a gcorpaibh sin lán do chneadhaibh go rachaidh don chré.



'S'É mo chomhairle do chách gan mo cháil do leagadh le
bréig,
nó biaidh mallacht na ngrás go bráth 'na sliocht 's 'na séan -
cé chonnairc mé aon tráth ag fágbháil ar bpobal ceart féin
is dul chuig an ál thuill gráin is eascaine Dé?

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services