Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Marbhna Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill

Title
Marbhna Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill
Author(s)
Mac an Bhaird, Fearghal Óg,
Compiler/Editor
Breatnach, P. A.
Composition Date
1602
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1973-1974)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Fearghal Óg Mac an Bhaird cecinit



Teasda Éire san Easbáinn,
do deaghladh a díleasdáil;
an sén fuair tre theasdáil thoir
uainn san Easbáinn do fhágaibh.



Mar do bhí olc i ndán dúinn
teasda ar n-oireachas iontnúidh;
teasda ar ttréine láimh do láimh;
teasda Éire san Easbáinn.


L. 35


Uainn don Easbáinn d'fhagháil bháis
do-chuaidh Fódla, fáth dóláis;
do-rad an sén sealadh dhúin
gur benadh frémh ar bhfortúin.



Bás a n-aoinfheacht re hAodh Ruadh
fuair cádhus na gcóig ríoshluagh;
mar sin térna Banbha Bhreagh;
dá térma tarla toirneamh.



Bás d'Éirinn ionnarbadh cáigh;
iar dtérnamh d'Aodh san Easbáinn
do-chuaidh a mbríogh uili as,
gan duine dhíobh 'na dhúthchas.



Do mhúin bás Í Dhomhnoill dáibh
eólas dígind an domhnáin;
fios na cruinne ag buidhnibh Breagh
tre fhuilngidh Muighe Maisden.



Trí rígh do ríoghaibh fer bhFáil
térna mar sin, seól tocráidh,
roimhe sna tíribh-se thoir,
croidhe míninnse Murbhaigh.


L. 36


Niall Naoighiallach na naoi nglas:
ag Muir nIocht na sreabh solas
ar ndol dó go Saxaibh soir,
sul do chló in tan-sain torchoir.



Da-Thí mac Fiachrach, flaith chró,
ar in gcor-soin, cúis iargnó,
ón trian Tuaidh ar tteachta ar lear,
fuair ar Sliabh Ealpa oigheadh.



Mac Briain Bhóramha, barr Fáil,
do thuit a ttír an tSabhdáin;
snuagh na Traoi ar Thealaigh Logha
do bhaoi a ndeaghaidh Dhonnchodha.



Gé mór an crádh uair Éire
tiomchal na dtrí bhflaithchéile,
doilghe lé an ceathramhadh crádh;
creachphudhor gan hé d'iompádh.



Ní hionand is Éire iar nAodh;
danair indte in gach éntaobh
iar mbás gach duine dhíobh soin;
ní bhíodh ruire acht don ríoghroidh.


L. 37


An sén do chuir ar chath nDor,
ní hairleagadh nár híocadh;
do bhen frémh fuile Criomhthain
a sén uile d'Éiriondchaibh.



Arthrach gan sdiúir Banbha Breagh
do bháidh a bhás glóir Ghaoidheal;
tug tar tealaigh Dha-Thí thuinn
deaghail dí ris Ó nDomhnaill.



Ó theasda cend catha Breagh
iongnadh mhairid meic Mhíleadh;
más brón is cumha d'Íbh Cuinn,
ní lór ar ndula Í Dhomhnoill.



Más lór tuirsi ó threibh na nArt,
mairg do-rinne dhí a dhúthracht;
a chorpucht ar cheathaibh renn
níor sheachain d'fhortocht Éireann.



Mairg do bhíodh a mbruinnibh cath
's a n-imlibh críoch dá gcumhdach,
an fhuil Chuinn-se chláir Mheadhbha,
más tuirrsi dháibh doimhenma.


L. 38


Ní maoidhte cumha ar Íbh Cuind;
coill arda is ísle an fhochaind
is na heóin ag tochta as-teagh
's na neóill chorcra dá chaoineadh.



Laithe gruamdha, guirt tana,
dá chaoi bhíd mar bhrughadha;
bíd mar ollamhna Chraoi Chuinn
lomabhla ag caoi Í Chonaill.



Tiocfamaois tar tairthibh feadh
Aodh Maonmhuighe dá maireadh;
ní 'na thráth teasda in toradh;
gach bláth feasda ag feódhughadh.



Do-chuaidh an sruth do bhí bliocht
a ndíosg do dhíoghbháil toirbhiort;
is buinne sesg Bóinn bhionnghlas,
ní glóir feasd a flaithemhnas.



Dealbh álainn ar dheilbh ndearóil
tug fiodhbhaidh fhóid Éiremhóin
's cuan Doire 's na trí tonda
's gach ní oile eatorra.


L. 39


Na gaotha ag gabháil a n-arm,
an mhuir ag meilt a mórcharbh,
srotha bruachdhubha as gach beinn,
clocha uathmhara ar eitill.



Tuar uathbháis treathan na dtonn;
tuar uilc ruithneadh na réltonn;
tuar díbheirge niamh na néll;
sgiamh fhírfheirge ar an aiér.



Náir leo iar n-áirsidh Eine
nár fíoradh a bfháisdine;
fáth tuirse na ndúl a dhol -
an cuisne dhúnn dá dhearbhadh.



Do bhí an tonn ag triall a-mach
ag fógra Leasa Lughdhach
is Camdhoire is gaoth is grian
do laoch Almhaine ar éinrian.



Fuair ainm mar gach rígh reimhe;
a ndernadh dhó d'fháisdine
d'Aodh Mhacha tánaig as-teach;
gan fhatha a-támaid tuirseach.


L. 40


Meastar Ó Domhnoill Doire
re Cond is re Conoire;
ní mór nár rí amhlaidh hé
do-ní a fhaghlaidh a fhínné.



Cormac mac Airt flaith Finne
le foillsiughadh fírinde,
le breathaibh ríogh, le cor ccath,
le síodh fa thol na ttreabhthach.



Le glór búidh, le bagar tenn,
le nertughadh na naoimhcheall,
le smacht gér le glanadh ceirt,
le trén danar do dhíbeirt.



Le fuil ró-uasail ríogh bhFáil,
le deilbh, le heagna iomláin,
is le gaisgiodh ghéirrenn ngleóidh
's le taisdiol Éirenn d'aimhdheóin.



Ó Raoilinn rug a cridhe
Earcail eile a aimsire;
dá luach ar ardaigh d'fhóir Bhreagh
do laghdaigh do ghlóir Ghaoidheal.


L. 41


Re hucht mbáis do iarr Earcail,
sciath an ghrégshluaigh ghuaisbhertaigh,
a airm ghleóidh do char re a chois;
fa dheóigh níor an 'na n-égmhais.



A bhfert Earcail, mar do iarr,
do cuiriodh uile ar éinrian
airm fhlatha far feradh fuil,
a threalamh catha is cosgair.



Rug Éire fan líg 'nar loigh -
ní hionand Aodh is Earcail;
an uile ghlóir budh glóir linn
do shóidh mar thuile ag tuitim.



Giodh ionann ní hionann sin;
taobh re harmaibh níor imdhigh;
rug ar mbuaidh fhíre 'na fhert
's an ríghe uainn a n-éinfheacht



Íomháigh gan anam Éire;
do chuaidh glóir shíl shaoirChréidhe
re cois chodhnaigh Chaithreach Sreing,
aithchreach do fholmhaigh Éirinn.


L. 42


Níor hanadh tuir Tholcha Fáil
re flaitheas Éirionn d'fhagháil;
luach a gábhaidh tre thaobh ttres
ní thárraidh Aodh dá haoibhneas.



Ní tharraidh Sésair mar soin
don Eóraip fhiach a dhochair;
beag fuair d'anáir as a hucht
gé fuair dá gabháil guasacht.



Ag fulang ghuaisi idir gháibh
deich mbliadhna do bhí Sésáir,
ag táth Eórpa rer-oile;
dob fháth leónta laochroidhe.



Do smuaintigh Sésair iar soin
toigheacht a dtreise an domhain,
na deich mbliadhna iar dteacht as-teagh;
ní cert riaghla do-ríneadh.



Rug an rand Eórpa uile
do riaghladh na ríochruinde
'na mbuidhnibh go senRóimh soir,
fuilngidh deghshlóigh an domhain.


L. 43


Ar urmhór na cruinde cé
Poimp Maighe, foirfe an fínné,
- feadh a ré do uaisligh hí -
is é an uair-sin dob airdrí.



A n-oirchill Shésair shirthigh,
le Poimp 'na chend cruinnighthir
tuir chatha na dtíreadh thoir,
sgatha dhíneadh an domhain.



Don Tesaille na dtrácht nglan
fa dhá airdrígh fher ttalmhan
tug ucht uili tre umhla
lucht na cruinde ceathardha.



Sul do cuiriodh an cath mór,
dob iomdha deabhtha is dobrón
is crécht is cnáimh gan chuma
agus gáir écht eatorra.



Cath mór na Teasaille thoir
fa dheóigh sraointear le Sésair;
níor sheachain sé a gheilchlí ar gháibh;
níor leithrí hé dhá fhághbháil.


L. 44


Do bhen do fPoimp cendas cáigh,
do bhí an bioth fa bhreith Shésáir;
ní hé an rath nár dhál doghra
ag cládh ón chath chathordha.



Aimser aithgherr dá éis soin
do mharbh in seanadh Sésair;
a dhál ó nár chuir 'na gcead
a fhuil fa lár do léigsead.



An toice tar éis an áir
luach a shaothair do Shésáir
ní thug, acht an cath do chor;
ad-bhath sul tug a thoradh.



Do fhulaing Aodh, anba an crádh,
deich mbliadhna mar rígh Rómhán
teas gliadh is gruamcholbha glend
do mhian uamchobhra Éirenn.



D'Aodh Ó Dhomhnaill, codhnach cáigh,
d'éis buaidh do bhreith mar Shésáir,
caor bhuaidh ó bhraoinlios na bhFionn
do chuaidh ó aoibhnios Éirionn.


L. 45


Ní fhuair go fóill fiach a ghníomh
ó nach raibhe a n-áit airdríogh,
idir mhaithibh fuile Floind,
'na shuidhe a gCathair Chrobhaing.



Ar cumairce a chleas ngoile
a mbeirt uathmhair iarnaighe
go Bóind ní raghadh fa rinn,
cóir dá n-aghadh ó Érind.



Dol go Maisdin fa mhiond ríogh
do bhreith chogair chóig n-airríogh
is do bhreith fhiliodh Craoi Chuinn
do bhí a ndlighiodh Í Dhomhnoill.



A dtug a mbeatha 's a mbás
ar dhíon Éiriond ar uathbhás
fís na naomh sna ríogh reimhe,
doba díobh Aodh oirnidhe.



Mac Cinnéidigh, cian ó shoin,
tug Brian a bhás 's a bheathaidh,
flaith chorónta Chraoi na bFhionn,
ar aoí onóra Éiriond.


L. 46


Murchadh mac Briain, buinne tenn,
mar sin ar fhurtocht Éirenn
tug flaith chró a bhás 's a bheathaidh,
cás budh mó le Muimhneachaibh.



Brian Chatha an Dúin na dtres dtrom,
tug a aimser 's a anam
mar so ar chosnamh Chnuic na bhFionn;
dorsan ar thuit 'na thimchioll.



Tug a aimsior is hé féin
ar chosnamh chaithreach rí-Néill;
níor bhen dó doghraing nár dhligh;
Ó Domhnoill 'na gcló cuirthir.



Aodh Ó Domhnaill Dhúin na bhFionn
don Easbáinn d'fhurtocht Éirionn,
- a broid thiar in tand do thuig -
do bharr ar an triar tánuig.



Do chuaidh rath ríoghraidhe Fáil
le hAodh Uisnigh don Easbáinn;
do chuir soin ceó ar in gcogadh
gleó ó shoin do sheachnador.


L. 47


A hucht a anma a n-Iath Fhloind,
an uair nach bíodh Aodh edrainn
do bhíodh maidhm romhainn 'na riocht;
maidhm orainn iar 'na imtheacht.



Ag Gaoidhealaibh go nua a-nois
d'éis mheic Aodha meic Mhaghnuis
ní fhuil cuid do Chathraigh Fhloinn;
marthain duid a Í Dhomhnoill!



Dá bhliadhain, do bhreith ar suadh,
sé chéd dég bliadhan mbiothbhuan
gan teacht ag treibh Thé thoraibh
ó ghein Dé go ndeachobhair.



A Ua Sémais síthe Floinn,
tar th'éis a Aodh Í Dhomhnaill,
cath Emhna ón choróin do chlá;
onóir na Temhra teasdá.



Rug a gcádhus céim tar ais;
do lingiodh dá éis Ulltaigh;
Clann tsaorRosa as ar gan fhál,
Mag Aonghusa ón tan teasdá.


L. 48


Do lom a oighidh mh'éixe,
Cond Cruachan mo chneischéile;
samhail damh beangán gan bláth
mo lendán ón tan teasdá.



Cioth aithrighe, anba in rath,
fa Pháis Dé do dháil Peadar;
do chaoi beóghuin Chríost na gcneadh
le deóraibh ó bhfríoth Flaitheas.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services