Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dán ar Chath Eachroma

Title
Dán ar Chath Eachroma
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Buachalla, Breandán
Composition Date
1802
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1973-1974)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


EACHROIM



A dhaoine tá líonta dhen daonnacht,
an díth libhse díbirt na féine,
nó scarmhaint na gcaoifeach le chéile,
nó ruagadh na gcuaillí bhí décheart?



Chailleamairne Bóinne le foirneart an lae sin,
Cornal Stangan a bhí farannach méiniúil,
bhí 'na sheasamh go bhfaca Rí Séamas -
rí meata do ghlac na ritréada,
rí meata do ghlac na ritréada,
is d'fhág buaireadh naoi n-uaire ar Ghaeil bhocht.



An uair sin bhí suaimhneas ar Ghaelaibh
ag máirseáil go Luimneach ba chontúirteach an scéal sin,
bhí an baile gá bhriseadh is gá réabadh,
is an púdar dhá múchadh is gá mbréanadh;
bhí an púdar dhá múchadh is gá mbréanadh,
is an luaidhe ghlas dhá mbualadh san éadan.



Seacht seachtaine bhí suídse ann le Gaelaibh,
is níorbh fhiú leofu umhlú ar aon chor
gur buaileadh buille cruinnigh' leobh infheadhma
go hEachroim Uí Cheallaigh, mo léansa!
go hEachroim Uí Cheallaigh, mo léansa!
mar bhí na seacht náisiún ag gabháil carnadh ar a chéile.



Bhí Turcaigh, bhí Duits ann, bhí Daein ann,
bhí na Breatnaigh ag teacht isteach ar gach taobh ann,
bhí Albanaigh fuair gorta is léan ann,
bhí Sasanaigh bharbartha is bhí Gaeil ann.


L. 119


Tráthnóna 'n éis fómhar an lae sin
is iomdha óigfhear breá lúfar bhí gan feidhm ann,
is a chuid fola le fearthain is le gréin ann,
is a ghruaig bhreá 'na dualaibh le gaoith ann.



Is ar maidin 'ndéidh an fhómhair sin a dhéanamh
is iomdha óigbhean bhreá mhómhar bhí gan chéile ann,
bean mhánla ar tuairisc a héinmhic,
agus garlach gan fádar is é ag géarghol.



' Eachroim cuirim lagar agus léan ort!
mo mhallachtsa agus mallacht Mhic Dé ort!
is cruaidh an seachrán a chuir tú ar mhaithe na féine -
Sir Uileag, Sir Raibeart, agus Sir Féilim
bheith mar chonairt a chuirfí ó chéile,
nó mar scaitear caora ar thaobh mhalaigh shléibhe.



Ar na mhárach 'ndéidh an fhómhair sin a dhéanamh
is tinn breoite bhí Gordon Ó Néill ann,
Seán na Seamar gá ghearradh le faobhair,
is an ginearal Francach a d'fhág angar ar Éire
'na cheathrúnaí ar leataoibh an chlaoin ann;
ní hé sin cás dom ach scrúd na nGael bocht:
an eaglais dháimhiúil chráifeach Ghaelach
ag triall ar sáile is gan fáth dhóibh shéanadh,
mar dheoraíbh ins gach róidín ó chéile.



Tá mo chluasa bochta buartha gan éisteacht
is mo shúile dúinte gan radharc ar bith,
is trua nach in uaigh thalúna i gcré bheinn,
ó tharla mé beo is gan cobhair 'na ndéidh agam;
is gur furas do na bodaigh nach bhfaca an saol sin
labhairt go trom trom ar bhuachaillí Shéamais.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services