Eachtra Áodh Mhic Goireachtaidh
1 Seilg fíadhach agus fíanchosgair do comóradh le Áodh mac
Phádruic mac Uilliam mac Taidhg mac Muiris mac Donnchuidh
mac Goireachtaidh .i. ardtáoiseach Shléibhe Sion. Budh mor murar
agus teaghlach an deaghmhic sin, oir do bhadar trí hinghine maithe
aige a roibheadar búadha iomdha aca, iodhon: Sádhbha, Una agus
Sisile a n-anmunnuibh. Budh da bhúadhuibh Sháidhbhe gurro
chumasach í faoí agus os ceann talaimh agus ga mbainfeadh a
beatha as trena sáothar agus trena hinntleacht féin. Budh soirbh
sochmuidh, budh ciúin ceannsuidhe agus budh míon macanta an
óigmháidin isí. Budh geanamhuil a gáire, budh háodhbhuil a gnuis,
budh habaidh a hurlabhra, budh ceart a déad, budh luingheach a
rosg, budh trom a sgíamhfholt agus a caoinchorp go hiomlán.
Budh da bhúadhaibh Úna, narbh fhéar leithe da cois na mar-
cuidheacht 's narbh fhéar leithe 'na trosgadh no ag ól agus narbh
fhear leithe air air muir no air tír; agus is soilbheir aigeantach a
lúth agus a léim air mhalaidh Shléibhe Síóin. Sisile, sosoir na
cloinne, is mómhuire abairt, is ro-ghloinne dreach, is féile agus is
acarraidh fa gach ní dar chas Día 'na lúib da maireann don chloinn
mhór mhaith sin Áodh Mhic Goireachtuidh. Budh móide don teaghlach
oirdhearc sin a ccoin agus a ngádhar, a ngiollaidh agus a seirbhisidh;
agus is tearc Domhnach san mblíaghain nach marbhadh Áodh caora,
mult, meannan no muc, ní airbheamh mairtfheóil no eaisfheóil.
Gidheadh do dhíoladh a n-urmhór air mhargadh an tSráidbhaile
Dia Lúthain ach na putogadh, na heads and plucks no leithid sin
eile, d'fháigbheadh san mbaile ag beathadh an mhortheághlaigh
sin.
2 Ach ceadhna do chruinnioghadar as gach áird a chairid agus a
cháirde do chomóradh na sealga sin. Tanaic an a cceadoir Péacóg an
Fheagha .i. Aodh Buídhe ó Murchaidh; Feileagan Shéibhe (2)
Guillinn .i. Brían Breac Úa Néill; Seabhac Fhóirceola .i.
Seathan Úa Lapan; Áilleog an Mháoire .i. Philip Ua Duilleachann;
Smáolach na Cráoibhe .i. Cormuc Ó Ronnachan; Feannog Fháruis
Chloinne Cearnuidh .i. Muircheartach Ó Cealtar; agus Croman
Chilléibhe
.i. Fearghal Ua Murchuian. Tanaic ann fós Maghnas Ó Circe;
Mathamh O Graffan; Gioldomhnuidh Boltun; Díarmuid O Cais-
fhíaclaigh; Caoilte Ó Clabarsuigh; Seathan O Trudarsaigh; Seamus
Ó Glugarsaigh; Domhnall Ó Gealtain; Brian Ó hAlpain; Gioldubh
Ó Cradarlaigh; Micheal Ó Prandan; Padruig O Drandan agus Tadhg
Mór O Fúdarlaigh. Do thanaic ann fos Tighearna Thír Amhlaidh
agus Barun Dhún Áine; alderman as Droichead Áth agus Meire na
Cairge. Do bhí Réaghmon Ó Murchaidh, Aodh Buidhe agus
Proinsias Ó Briain is Maighistir Tádhg air chnoc a bfad úathfa ag
feathamh áonaidh agus áedhir na sealga (sealga) sin.
3 Do sraoitheadh agus do suígheadh an tseilg réamhráidhte sin
fo dhoirthibh dluithe dainghe dorcha agus fo choillte clumhartha
cúais iomdha agus fo ghleanntaibh díomhara doi-eóluis agus fo
mhaghaibh ráeidhe ro-áluinn. Agus do chúaidh gach aon diobhtha
ann a dhúmha sealga agus ann a lathair luighe agus ann a
mbearnaibh báoghail agus ann ionadh cinte comhaithis, inur ghnath
cosgar gach sealga do chur go minic roimhe sin. Agus do chúaidh
Aodh Mhac Goireachtaidh ann a dhumha sealga agus gabhas ag
eisteacht le núalghárthaibh na ngasruidh, le seastan na sealga, le
gothaibh glainbhinn na ngadhar, le brosdughadh na mbuídhne, le
feadgharthuibh na bfear fíadhach ar na mórchnocuibh sin, no gur
duisgeadh lanbhoc gabhair leó an tan sin, air a roibh comhlaidh
rinneacha géairre air gach taobh da cheann agus croiceann lán dho
dhealgaibh nimhe air amhuil gráineoige. Agus bhí co luath le
seabhac (3) agus do shiúlbhadh mur íara ó chrann go crann an áirde
agus (agus) budh lúaithe é no cú no each ag siubhal na tulcha.
4 Do sgáoil an choimhthional mhór sin a ccoin agus a ngadhair a
d'áonthoisg ris agus ni teitheamh no eagla do ghaibh an boc rena
bfaicsint chuige, ach d'ionsuigh íad agus nior léig cú no gádhar,
maistin no crannmhadamh úadha gan mharbhadh, gan chiorrbhudh
don chead choinsgleodh sin. Pfilleas fein go ráeidh socair gur
sheasamh féin air chreig do bhí ccomhfhogas dóibh agus féuchas
ortha go frithir fíata agus go borb bagarthach agus go dána sgíoguil,
aige bualadh a choise air a' talamh agus aige crathamh a chionn go
spídeamhuil beagmheasuil air an mbuídhean sin.
5 Imfheargthar Áodh Mhac Goireachtuigh fon tsár agus fan
mhaslugh áidhbheilmhór sin a fúair féin agus a mhuintir, a ccoin
agus a ngadhair, agus adubhairt: "Dair a' Día fíre da n-ádhram
fein agus gach duine da bfuil ar an lathair-se ach Micheal O
Prandan amháin, ni chuirfid m'airm a ttrúaill agus ní staidfid go
foircheann an bheatha no go ttuitfidh an beathach allta ud liom no
mise leis."
6 Agus annsin sgáoileas iallchon fein leis .i. Glonn agus Glam-
radh a n-anmunadh, agus cuireas e fein ann a chathéideagh catha
agus gabhas airm go gasta deághthapuidh an uirthimchioll .i. scían
fháda chúlramhar bhéaltanuidh fhaobhrach, lear chasguir céad
cáora agus muc agus gabhar roimhe sin da ttabhairt chum an
mharguidh, ann a láimh agus corrann maith cúil dhá fhaobhar fona
chrios, cuaille reamhar dainghean fáil ann a dheaslaimh agus tichog
do dhá chroiceann gabhair leis fona bhrághaid, ann a roibh a
lóthann agus dair ghnáth leis e bheith aige, dol a ccean astair no
traibhlearachta dó. Agus bíogas go beódha fúrachair teann tinneas-
nach fíochuil feargach bagarthach agus adubhairt: "A dhaoine
maithe, leanuidh mise go luath agas freastalaidh me féin agus mo
choin, agus biodh úalach dórnog le gach aon aguibh (4) agus déanaidh
gach ní da bfaictheair agamsa da dhéanamh".
7 "Fóill, fóill", air Domhnall Ó Gealtan, "mas saoídh is
sochomharleach. Agas, Áodh Mhic Goireachtuidh, na héirghe go
prab do dhruim fíocha no féirge no go ndéanam comhairle cread is
indeanta dhuinn san bpeireacal agus san ngúais so da bfuileamuid
anois ann. Gan amhras an t-uirleach so do rinneadh air chonairt
agus air mhadraighe na buídhne so agadsa gur chonsgruidh do chuid
fola agus gur éirghe do mheannmuin. Fuirigh, agus eist liomsa agus
socraidh do leanntaigh go bhfágham opinion gach aon don choimh-
thional mhór mhaith so cread do dhéanamh."
8 Do labhair Cáoilte Ó Clabarsuigh do ghuth mhór alartha
ionasgar thúamanta, agus as é dubhairt: "Is olc an consecration
dhíbhse éirghe go báoth le diomus no le huaill Aodh Mhic Goir-
eachtaidh, ata lán rochmus ó ithe putog agus rapog, griscin agus
dreasann. Ni hionnan agus sinne, óir ní bfuil aon aguinne gan clann
mháodh óg gan treóir gan mhéisnigh aige, agus ma chailltear sinne
ris an áinmhidh allta ud rachaidh air mna agus air cclann a
d'íaraidh déirce."
9 "Hob, hob", air Tádhg Mór Ó Fudarlaigh, "na géill agus na
creid, Aodh Mhic Goireachtaidh, do chládhracht no do chritheagla
Dhomhnaill no Cháoilte, agus dar smior ruition Iosa bríste, ní
chúalais agus ní fhacais éacht no cumas ag aon don dream da bfuil
siad dhíobhtha da dhéanamh aríamh; agus coirridh do mhasladh
agus do mhithchliú air an mbeathach bharbartha mhionairtheach
úd."
10 Atas agus líonas confadh agas mormheisneach an Aodh
Mhac Goireachtaidh agus adubhairt: "Gach aon dair mían leis cliú
no cosgar na sealga so do bheith air féin no air íarsmadh 'na dhiaigh,
leanadh sé mise go lúath agus déanadh gach ní da bfaicfidh agamsa
da dhéanamh. A chonairt úasal", air Aodh, "freastalaidh go luath
fiochmhar feargach an bocan gabhair ud air an ccreig agus rúagaidh
air an ráeiteach amach (5) on ccreig chugamsa é, agus, a dhaoine
maithe", ar Aodh, "tugaidhse suígheamh sealga oruibh féin ionnas
gibe táobh da rachaidh an bocan, go stopfam an tslighe sin fair".
11 Do rinneadh amhlaidh sin leó agus do thug conairt Áodh
sgríb lúath réatha go ttanaic go bon na creige agus do bhádar ag
taffan suas air an mboc. Gidheadh nior chosgraidh agus nior chor-
raidh an boc leis sin. Is annsin do bheir Glon sgríb a ttimchioll na
creige agus tiontoghas an boc aige féuchaint na cona agus bheir
Glamradh léim luthmhar aigeantach súas a mullach na creige agus
rug air iosgad coise deighridh air an mboc. Agas leimeas an boc gus
an áit a bfacaidh Glon agus togbhas da bhalluibh air barr ádhairce
é agus léimeas sios don ccreig agus tuiteas Glamradh 'na dhíaigh
anúas ris an ccreig. Agus glúaiseas an boc roimhe gan moran prainne
agus Glon air barr adhairce leis agus leanas Glamradh fona
dhiochalt é.
12 Nochtas Áodh é fein ach a léine amhain agus nochtas cách go
hiomlán íad fein, amhuil adubhairt se leo roimhe sin, agus do
leanadar an boc agus an chonairt. Agus niorbh fhada no gur
cháill Aodh amharc na sealga agus a bhuidhne 'n einfheacht ionnus
nar bfios dó cía taobh don ccrích ann air gháibheadar. Agus iar
tteacht air an taobh eile don tulach dhó, do chonairc bruighean
cheannárd chlogasach a ngar dó agus do ghabh rabhairt íota é
agus rinne d'ionsuighe na bruigheana agus do fúair geataidh agus
fuinneogadh an dúnadh fosluicte roimhe agus do chúaidh asteach
innte. Agas is amhlaidh do fúair Áodh teaghlach na bruighne mun
am sin .i. fear gearr íosall leathan talcanta ceannmhór cnaimhreamhar
borb iniargulta 'na shuídhe air bord ann, agus bean bhláith bhuidhe
chaolshrónach dearg-ghruaidheach bhinnbhríathrach shotalach 'na
suídhe air an dara táobh don mbord agus fithchioll eotorra (6) da
himirt; agus óganach óg deismir deaghghrúagach 'na shuídhe a
ccáthaoir ag ceann an bhuird agus cruit cháointéadach cheóilbhinn
aige da fraissheínm go binnghothach; agus maighdean óg geal-
chnamhach dheaghmhaiseach agus folt fada órbhuídhe go slinnea-
nuibh leithe 'na suidhe ag an dara ceann don mbord agus fluit aice
da seinm; agus tríar oganach 'na seasamh aige feathamh ortha air
aon mhéad agus air aon ndéanamh; agus tríar maighdean air an
ccás cheadhna; agus do bhí murar agus seirbhisigh air fud an toighe
ó sin amach.
13 Beannuigheas Áodh dhóibh go faghalta imshnimheach.
Do fhreagadarsan an einfheacht é agus d'fhearadar fíorcháoin
failte ó gach áon dhíobh re hAodh Mhac Goireachtaidh.
"Air ghrádh h'oinigh agus h'úaisle, oigmhaighdean", air Áodh
"tabhair deoch dhamh féin, oir atá tart mór orram."
"Éirghe go tapuidh, a chaillinn", air maighistreas an toíghe, "agus
tabhair bíadh agus deoch a d'Áodh Mhac Goireachtaidh, ó b'annadh
leis teacht da íarruigh orruibh."
d'éirghe an caillinn agus do chuir eadach air an mbord táobha
agus tug a leordhóthcháin bídhe agus díghe dhó. Do ghaibh seort
meisnidh agus croídhe é iar ccaitheamh an bhídhe agus air ccosg a
tharta dhó. Is annsin ro fhíadhfruighe fear an toighe dhé:
"Go dé an mearughadh slígheadh no an t-aimsioghadh draoígh-
eachta do sheól annso thú, Áodh Mhic Goireachtaidh?" agus "Dob
anamh fear h'eóluis chum an dúnagh so romhad".
"Ní miste;" air bean an toighe, "ta failte ag Aodh Mhac Goire-
achtaidh anso anocht, agus is maith an chuideachta agus an tion-
tuigheach é."
14 Do fhreagair Áodh dhóibh agus as é dubhairt: "Seilg
do rinneadh linne aniú air Shliabh Sioin agus duisgeadh bocan
allmhura gabhair linn agus ceithre comhlacha rinneacha géarra
fair agus ní fionnamh mar gach gabhar eile do bhí fair ach croiceann
gráinoige no shamhuilt. Agus air an ccead ligint tugamar don
chonairt air, do phill ortha agus do (7) mharbh go hiomlán iad.
Ansin do sgaoilis mo íallchon fein ris agus do thóg cú dhíobhtha air
bharr ádhairce air an ordughadh sin. Agus tá an chuid eile aige
tóruidheadht air; agus do nochtais me fein ach mo léine agus do
leanais iad agus do chaillis a radharc air an taoibh eile don tulaigh
so agus ní bfuil fhios agam go dé is úighe dhóibh. Agus ma tá tinne
agaibh, air ghrádh Dé léigidh mise do mo ghorradh, oir atáim
nochtaidh agus atá fúacht mór orram."
15 "Éirghe, a ghiolla", air fear an toighe, "agus tabhair an
brocht dearg dhó uime."
d'éirghe an búachaill agus tug an brocht dó. Agus ní lúaithe do
chas Áodh an brocht uime, no d'eirghe agus d'íarr purt damhsa do
sheinm dó.
"Nar dhubhairt mise libh", air bean an toíghe, "go ndeanamh
Áodh cuideachta dhaoibh?"
Freagras an fear ceóil é, agus síonas Áodh air dhamhsa. Agus gach
úair da ttigeadh thart no da ttógadh a choss, do chuirfeadh lán na
leise do gach áon bhroim as agus ní chluinfeadh féin íad, ach le
tiontadh cliste da ttug air cuireas an tatarara ro-úathbhasach as no
go ccúalaidh féin é agus tug sgiorradh suidhe air go hamhalta, agus
tanaic oibreadh purgoide air go ccuirtheadh sé muillionn thart an
sruth do bhí ag imtheacht uadha air lár urlair na bruíghne. Is an-
nsin a d'éirghe Áodh go tapuidh agus teilgeas an an brocht dhé
agus adubhairt gur do mhiorrbhuillidh an bhruicht no na díghe a
d'ól ó chíanuibh a tanaic an sgaoileadh sin fair agus "Air gradh
h'oinigh, oigmhaighdean", air Áodh, "tabhair deoch bhaine
reamhair dhamhsa."
"Ní fusa dhí deoch eile thabhairt chugad no sin", air bean an
toighe agus "Éirghe, chaillín, agus tabhair deoch a bhíos reamhar go
maith chuige."
16 D'éirghe an caillín agus tug boicin baine d'fhios Áodh
agus siosal agus farcha.
"Cread dob áill leat don uirnis?" air Aodh.
"Ionnus go ngearfadhsa agus go mbrisfeadh an baine leo", air an
caillin.
"Nach feidir ól gan sin?" air Áodh.
"Ní feidir", air sisi.
Is annsin do ghaibh Aodh an siosal (8) agus an farcha ann a láimh
agus ghaibh ag túairneadh agus ag smiolcadh an bhaine no gur
thochoill dóideacha móra dhé agus gabhas forc, amhuil a bhíos ag
na huaisle aige caitheamh bidhe, agus tógbhas ailp don bhaine agus
cuireas ann a bhéal é agus tuiteas thart agus do bhí agha theachtamh.
Is annsin a d'éirghe óganach luthmhar gasta do na seirbhísidh 'na
sheasamh agus búaileas dorn lántapaidh idir an dá shlionnan air,
agus cuireas an ailp agus prachtaigh sionnaigh amach air bhrághaid
Aodh air urlar na bruíghne a bfíaghnuise cháich go hiomlán. Agus
sginneas ann sionnach amach air dhoras na bruíghne agus níor fhan
creatur astoigh idir óg agus ársuigh, cú, giolla no gádhar, nar lean é,
ach Aodh Mhac Goireachtuigh agus bean an toíghe.
17 Is annsin do labhair sise agus as é dubhairt: "Dair mo
chúbhaise, Aodh Mhic Goireachtaidh, is fada grádh éagmhais agam
féin duit, cía nach bfuair me úain aimsire air aidmheal dhuit go
nuige so". Agus "Freasdail an fhoill atá do lathair agad." Éirgheas
Áodh go társanach amhuil Chaiptin Murchaidh aige fágbhail an
bhaile, agus do chúaidh sise do seomra agus luígheas air a leabuighe
athláimh ann agus air ttogbhail a choise 'steach san leabuighe do
Áodh, tig fear an toighe 'steach agus fíafruigheas: "Car ghaibh
teaghlach an duinse?" air sé.
"Té 'steach san tshimleoid sin thall, Áodh", ar sise, "go labhradsa
ris an bfear úd". Do chuaidh Aodh san tsimleoid agus do fhreagair
bean an toíghe aige rádh.
"Do leanadar uile (an) sionach", air sí.
"Nior lean Aodh Mhac Goireachtaidh é," air seisean.
"Do lean go deimhin", air sise.
"Thugais th'eathach, a dhrochbhean", air seisean, "agus is dóigh
liomsa go bfuil se sa tseamra agadsa".
"Ni bfuil, go dimhin", air sise. Éirgheas fear an toighe go prab
agus cúartaigheas an seomra go mion agus go mórárd agus ní bfuair sé
Áodh ann.
18 Annsin do shocraidh fhioch agus fhearg agus adubhairt
gurbh íongnamh leis nach bfacaidh Áodh muráon ris an teaghlach a
ttóruidheacht an tsionaigh; agus "Éirgheise", air sé, "agus tabhair
deoch dhamh, oir atá tart mór orram a ndiaigh mo reatha agus mo
shiúbhail".
D'éirghe sise iar sin agus tug flaigin (9) beoracha dhó agus do
ibh seisean deoch lanmhór as an ccorn agus do ghaibh crith fúachta
taireis na dighe sin é, agus d'íar punan aitne do thabhairt chuige go
lúath go ndéanamh a ghorramh. Éirgheas sise go stadach agus do bheir
sin dó. Lasas an gruagach an phunan san tsimleoid ionnas go
ttug gáir fo tholl do Áodh Mhac Goireachtaidh.
19 Leis sin tig an fómhaire farranta fíorghrána fir asteach air
urlar na bruíghne agus do bhí ceann mór claglom cruinneadanach
air an fheithide sin; budh reamhar a mhailighe, budh mhion máoigh-
shilteach a ghleannshuile, budh tana a leaca aige tuiteam go
teanghaidh, budh éagcoram rinneach a dhéad; agus cúarbhéol
fionnfach fadliobrach aige, sgadmhuineal garbhaltach gormchuis-
leanach ag iomchar an drochchinn sin. Agus budh cosmhuil le paca
lanmhor olla airna dhinneadh go maith ann tronc teann treabhair
díanchuirp do bhí ag an iolphíast sin. Agus budh mó é don leith
thúas no Méadhbha Chrúachain don taobh thíos agus do bhí tuiteam
fada farranta fearga leis idir a dhá shlíasaid síos go béul iosgaide.
Budh chorrach chriothloim chuairghleannach a ghlúine agus a
luirgne fada fanncháola iasg iomdha faoí na glúine sin da n-iomfhu-
lang súas agus troighthe fada camshálach féaghloma uitionacha
spaidmhéarach drochíngneach faoí na slimluirgne sin. Agus go madh
duibhe no snúadh an doirbhdháoil a ghnúis agus a dhreach agus do
bhí scúab cosfhada cheanntrom cuillinn leis ann a dheaslaimh.
20 Agus iar tteacht do lathair dó, ní beannughadh do chách do rinne,
ach síothadh sanntach solámhaidh do thabhairt fon tinnidh
léna sgúab agus múchas a cceartúair í.
"A bhodaigh", air sé, ag labhairt ris an ghrúagach, "ó nach áill
leatsa sgúabaire súthoighe budh measa no mise do bheith agad chum
na simleoide so do ghlanadh, ata le fada gan ghlanadh aige múchadh
agus aige mórtheachtadh an teaghluidh uile agus seacha cách aige
múchadh na mná maithe sin agadsa. Agas anois is éigin dhamhsa
féin a theacht da furtacht ó nach bfaiceam áon eile dá dhéanamh".
"Dob (10) úras damhsa m'eit", air an grúagach, "an uair atá
fuígheal feise gach amhlodhair na mnaoí agam; agus muna beith
cuman cleithe agas miochuman idir tusa agus ise, ní thiocfadh
'steach don ccur-sa ann a seomra gan fíos no fáisnéis do chur ort
da furthacht as gach éigin da bfuil urthaidh do lathair anois".
21 Agus airna rádha sin don ghrúagach, éirgheas 'na sheasamh
agus búailleas an t-arachta do dhornn go foirtil farachair agus ní mó
no gur ráeigh a bhúalladh air an imlinn. Leis sin tiontoghas an
t-arachta air an ngrúagach agus tug sgiorradh cromaidh air agus
labhras a ghúta agus búailleas an grúagach do bhroim a cceartlár
an éadain; agus muráon ris an mbroim cuireas monkey as, budh mó
go mór no bufalo. Agus éirgheas an monkey air a chossa deirrigh
'na sheasamh, cuireas a dhá choiss tosaidh fo ghuaillidh fhir an
toíghe agus a dhroim le gliadh na talmhan agus ceanglas go dáor
dosgaoilte é. Agus áirna cheanghal mur sin cuireas air a ghúalluinn
é agus fágbhas 'na luighe mur sin é ttoigh na muc. Agus seasmhas
féin an ionad doirseora a ndoras na bruighne agus níor thúailing do
neoch teacht asteach da steach dá aimhdheóin san mbruíghean.
22 Is annsin tug an t-arachta lamh fona sgúaib agus búailleas
aige rusgadh na simleóide don leith astoigh ris an ccuilleann go
hainíarmartach, ionnus nar fháig méad áon orlaigh da chorp Aodh
Mhic Goireachtaidh, ó bhonn go báis, gan foirdeargadh do dhéanamh
air ris an ccuilleann sin, ionnus gur ghoir Áodh na huile ghártha
géarchaointe os áird as agus as é dubhairt: "A Thrionoid, is crúaidh
an ceannach air ghrádh mna gan chiontughadh é." Agus, "Nior
chreidis eachtra no crúadhchás na ttreanfhar do thaoibh a ngráidh
do na mná go nuige seó." Agus, "Is trúagh", air Áodh "nach aige
mo sheanchailligh bhíg fein san mbaile air mhalaidh Shléibhe Sioin
do tharlaídh mé iar tteacht don mbruighean (11) mhillte mhalluighe
seo atá síabhartha seachranach agus da mo aice, budh sleamhuin
slán fan am so mé".
23 Leis sin beireas ann fear mór air ghreim coisse air Aodh agus
do róis leis anúas fríd an tshimleoid é agus do labhair le hÁodh a
mBearla aige rádha: "I believe, young man, you are sick". Agus mur
nar thréightheach Áodh air an mBearla, do fhreagair dó: "Ní mise
d'íarr an phit urthaidh ach í féin da furraill orram."
"This is no time to confess", air an taidhbhse.
"Dair Día dúileach", air Áodh, "ní dearna mise feis léithe aríamh
go fóill".
"You are a foolish fellow", air an geósta.
"Múin féin do chaile", air Áodh.
"Huish, huish", air an geósta.
"Ni roibh ach mo leithchos idir a dá chois" air Áodh.
"Hold your tongue and give over", air an fear mór.
"Do pheacadh orram, ma tá fhíos agam cia haca tá sí tanaidh
nó réamhar", air Áodh.
"Do you know whether she is a woman or a maid?" air an genie.
"Tá an grúagach air buile liomsa ag éud", air Áodh.
"Say no more than that, or I'll leave you in thraldom" air an
sgúabhaire.
"Atá fhios agam féin go bfuil breall orram", air Áodh.
"Is measa liom an té ag a bfuil fhíos anois go mór" air an t-arrachta,
".i. bean an ghrúagaidh, agus dúil aice thusa a bheith air feis laimhe
agus air luíghe leaptha aice féin anocht an íoc a bfúarais féin agus íse
a d'olc agus a d'imshníomh on ngrúagach aniódh".
24 "Dair an annam a bhí ccorp Ghilldomhnuidh Bolltun", air
Áodh, "cía nach dídean orramsa brígh na mionna 'na dhíaigh sin,
da mbéadh gan áon mhnaoí air chlár tuinne na talmhan ach íse
amháin 'na húadh agus 'na haonar, ar a bfuil do néamhuinnibh an
áibhnibh agus an innbhiriobh an bheatha, cía nach iomdha míanach
dob annsa liom aríamh no íad, ní rachainse san ngúais chéanna no
ann a shamhuíl eile leithe go bráth".
"Fóill", air an t-áitheach, "do dhéanadsa forchoimhead na
haoídhche anocht da mur n-imdhídean air gach olc agus air gach
aimsioghadh (12) da bfuil mur cceann go maidin".
"Da ndéantasa sin", air Áodh, "budh dóigh liomsa go madh
súbhach soimheanmnach an inghean faoí mhaidin ó gach sásadh
cuirp agus collanna da bfuígheadh úamsa do thaisg na haoídhche
anocht ach muna beith méad an anruchta agus an amhguir a
bfuileam anois .i. m'fholt agus m'ulcha maile lem' innleathar
uile do dhóthadh san tshimleóid ó chíanuibh, agus m'fhuil agus
m'fheoil do chréachtadh ris an ccuilleann agus fós, boladh an
tsúithe orram go mór".
25 Iarna chlos sin don fhear mhór beireas leis é bfód fo leith
agus búailleas a chos air an talamh go teann tinnisneach gur bhris
leathad a leabharbhuinn síos dhé gur ling tiobraid fhairsing fíoráluinn
fíoruisge an ionadh na preibe. Agus beireas air Aodh gan fuireach
agus fotharcas go maith ann é. Agus tre mhíorrbhuillidh an uisge sin
budh sleamhuin slán a cceartúair é.
"Dar liom féin", air an fear mór aige féachaint idir dhá chois
Áodh, "is tarcuisneach agus is deireoil an tuiteam sin agadsa fein,
Áodh Mhic Goireachtaidh, agus budh náir a dhol do lathair leis,
no le falcuire an tinntein eile da sheórt, an iomghaidh no 'n árd-
leabaidh baintighearna, do réir bharamhla, chleacht seirbhiseach
dob fhéar no an sgibirlinn gearchroicneach bunchaol ceanntrom
sin agadsa".
26 Agus airna rádh sin don fhear mhór, cuireas féad choirmhéir
ass. Leis sin tig an siorraide síobhartha snúathdúbh sliomcháol
buidhe sginneadach sgathmhar sgadmhuinnealach aige búirfidh
agus aige béicfidh amhuil tairbh aige rochmuis le hucht coimh-
ghleice da tháobh na foraise budh coimhneasa dhóibh agus as é
dubhairt, ag labhairt ris an fhear mhór: "A thighearna, cread dob
áil leacht do ma thabhairt as m'ionadh comhnaidh agus codhlata,
agus méad m'astair agus m'imtheacht aig freastal do mhórchumh-
achtasa?"
27 "Cionnas do críochnughadh do thuras", air an fear mór, "no
cía híad na maithe no na móruaisle tá chum teacht os gach áird do
chomóradh na bainfheise?"
"Ann misde fhiafraigh cía hí an bháinfheis í?" air Áodh Mhac
Goireachtaidh.
"Ní miste", (13) air an genie ".i. do thriúr ingheansa is mían liomsa
do phósadh issan aoídhche 'márach le trí díorfaidh Thír an Ámhguir
.i. Tonn gan Bhríste Ó Tarnochtaidh agus Béul gan Rún Ó Cráos-
fhíaclaigh agus Túathal Tútach Ó Tótfaidh a n-anmanadh; agus
ainm n-oile dhoibh .i. an Slugaire agus an Sladuire agus an Sgiobaire.
Agus atáid búadha iomdha air na fearaibh sin; an Slugaire .i. Tonn
gan Bhrístidh, is da bhuadhaibh gurbh ionann leis an bíadh a
d'fághail amh agas bruighthe agus gur chuma leis cía haca bhiadh
an deoch tanna no reamhar agus gurbh ionann leis breith air chuid a
charad agus a námhad. An Sladuire .i. Béul gan Rún, is da
bhuadhaibh go nguidfeadh an uth on churr agus an chorr fein fo
dheireagh; agus is cuma leis do chléir no do thúaigh, do thréan no
da thrúagh, cía air a leagfuidh a lámh. Gidheadh, ni lúth búadha an
treas macaimh .i. Túathal Tútach Ó Tótfaidh, dair comhainm an
Sgiobaire mor-ghreamannach faddheochannach agus is tirim
teithbheadaigh an duine úasal é, oir nior bféar leis 'na luíghe a
bfíabhras na leaptha no bheith air thús agus air dheireagh gach
fleaighe agus gach féasta da ndeantar fo cheithre foghailrannuibh an bheatha. Is liosta
leimneach agus is grúama greanntostach agus is grána gleannrosgach an
tríar óganach íad sin. Agus ag sin túarasgbhail na ccleamhna taoí
agamsa dhuitse, Áodh Mhic Goireachtaidh", air an genie.
28 "Beir buadh agus beannacht, a charaid ionmhuin", air Aodh,
"is diongbhala na céileadh iad sin don triúr maighdean filiod agamsa.
Agus ni hiongnamh liomsa thusa a bheith air síth mo leassa oir atá
móran do da chosmhulacht le cuid do mo chairde iomnhuinne féin".
"Innis damh", air an fear mór, "na cáirde sin agadsa da bfuil mo
chosmhulacht leó".
"Air ttús," air Áodh, "is cosmhuil do shúile agus do shrón le
Doctuir Toirdhealbhach Mhac Íomhair; agus is ro-chosmhuil do
mhuineal, do ghluine agus do luirgne le Féilleagan Shléibhe Guillionn
.i. Brían na Súl Moiseach Ó Néill; agus dair liom féin, nior niomh-
chosmhuil do liobar le Péter Blyke; is cosmhuil (14) do cheól agus
do ghiorrac le Cléireach a' Chreagain; is dimhin fós gurab cosmhuil
suígheadh cuirp Nedy Ui Ghairmleoghaidh san tSráidbhaile le do
chorpsa; agus an méad is aithne dhamhsa dod' chaillidheacht, is
cosmhuil do shochmuidheacht agus t'fhéile le Caiptín Murchaidh;
agus budh cosmhuil úaighneas do shíansa le hÉamon Óg Mhac
Naosa; is cosmhuil deismearacht h'aineasa agus h'agallamh le
Toirdhealbhach Ó Murchaidh, mac Néill Óig; agus níor neamh-
chosmhuil an tonnbhromantuis a thig ionnad air úairibh ris na
suinnsidh sáirniachta sonnbhorba sin Eóghain Uí Néill, mhic
Áirt Óig air mbeith a bfad a bféagmhais súain agus sárchodhlata
dhó, tairéis a sháith uisge bheatha d'ól; agus dair liom budh
cosmhuil t'fhíatacht agus do fhrithre le hArtuir Siriff; agus
budh cosmhuil an lánstaic bhríoghmhar bhunramhar bharchaol sin
agadsa le bod mór Fhóirdhealbhaigh Mhic Eóghain".
29 "Na roibh rath orramsa", air an fear mór, "mas fada go
mbeith tusa cosmhuil lumsa san ccás dhéighionach sin". Agus le sin
cromas air an talamh agus togbhas luibh chosfháda chluaisdearg
agus cuimleas a ngabhal Áodh Mhic Goireachtuidh í, agus le brígh
na luibhe d'fhás ball fada féidhreamhar foirteal féamláidir idir
dhá chois Áodh, budh reamha no túairnighin tailcdheanta cuillinn,
ccomh fada lena shlíasaid go nuige a ghlún, agus uraid cruinnmh-
easgain da mhéad do bhrill air. Agus leis, cuireas an teachtaire uadha
gan fhíos do Áodh. Ach, atá ní ceadhna, bearas Áodh leis asteach
san mbruíghean gur fhág a seomra na baintighearna é agus tug cornn
comhdaighthe ceartdhéanta ann a láimh dho agus adubhairt: "Is
íad búadha an chuirnn sin", air sé, "o mhéad do ibhthear as, go
bfághthar lán a cceartúair é. Agus ní neoch ní da dheacraidh da
ndéanaidh taireis na díghe sin a d'ól; maille le hiliomad búadha eile
nach áirbhiom anois. Agus gach uair da sguirfidh tusa do mhnaoí
an ghrúagaidh go maidin, ol deoch as agus budh féarr gach úair dá
éis thú (15) no an chead úair".
30 Airna rádha sin don fhear mhór, fágbhas Áodh air luidhe
láimhe agus air feis leaptha aige bean an ghrúagaidh ó shoin go
maidin airna mhárach. Is annsin a tanaic an fear mór agus do gheibh
Áodh ag rádha na laoidhe so síois mur leanas:
"Áirdrígh nimhe lear cumadh súd tír is tráighe,
bheir bláth duille agus luibhe gach díthríbh lán,
nach trúagh an annis so bhí dom chlaoídh do ghnáth
lear fágadh mise aige siorraide beag slíogthaidh mná.
Acht is deimhin nach ttilleamsa urthaidh arís go bráth
's gurab mo is faide liom air chaitheas dom' sháoghal a ngráin.
Ó fúarais cumain ó innir na máothchroibh mbreágh,
bíad ag imirt fona fuirreann is ni baoghal damh cáin.
Da mbeadh gan agamsa ach ise san ríoghbhrúth sáimh,
is fior nach ccuirfinse go deimhin an sáoghal a ccás;
ach cead imeartha an gheamain agas aon go lá,
mile ainnis orramsa mur ccaithfinn an trí go lár,
agus, dá n-abruinn, go bunn fós.
Cuiream slán feasta dom assal beag slíocaidh sáimh
agas slán do na patuighean a bhín a tothailt le sáothar mo lamh;
narab slán ddon chailligh lear chaitheas mo shaoghal go ttrást
ach slán deasuigh dhuit, is freasdail so shíos mo dháil",
aige tionntadh go tapuidh furachair air mhnaoí an ghrúagaidh, agus
aige athnúghadh a charthanacht dhí.
31 Do haithle na laoidhe agus an ghniomha sin do Áodh, íaras
an genie air éirghe go luadh agus go madh tráth dhóibh dlús do chur
le hollmhughadh na bainfheise réumhráidhte. Agas gabhas culaidh
d'éideagh an ghrúagaidh agus deasuigheas Aodh innte agus beireas
leis é. Agus gabhad aige siobhal na forraise clúthmhara seimhe
somhaisidh do bhí ngar don mbruíghean. Agus sinneas an genie a
bhúabhall géimcheangal guthbhinn go madh clos fo thuathuibh
iomchíana fearainn an sgaill aibhseach do (16) bháin don
mbúillestuic sin.
32 Is ansin a tanaic an siorraide réumhráidhte go séitreach
sárluath do lathar a thighearna agus fochtais an genei sgéala dhe
an athúair. Freagras an teachtaire dhó ag rádha: "Iar n-imtheacht
dhamh, a thriath agus a thighearna, do chúadhais go réimdhíreach
go Dún Sobhairce, agus thugais do litireacha láimh thighearna an
dúin sin .i. Geannan Gruadhsholais, mhac Cathfuidh Draoí; agus is
deimhin go ttiocfaidh da mur ccomóradh don ccur-sa muraon le
tromthoightheastal eile muráon ris. Do chéimnioghais as sin go
ndeachais go Dún Bolbhain agus budhlúathghaireach rómham
Déaghaidh Déidgheal, mhac reachtaire an bhrogha, do thuit a
riocht tuirc le Díarmuid Ó Duibhne. Agus níor lúth le Dorchaigh
inghean Mhanain é, oir do thiocfaidh si féin agus móran da mhai-
thibh Thúatha Dé Danain do chum na fleaighe sin. Agus do chúadhais
as sin go Cuimir na tTrí nUisge agus ghlúaiseis as sin go Carnn
Chrúachna agus go Caraidh na Mart. Agus tiocfaidh as sin ann
Lúathchosach agus Tréan na nÚathfas agus Sgorradh Sginnshúileach,
maille lena ttoightheasdal. Agus tiocfaidh ann fós ann Síogaidh
Sáobhchruthach agus Bolg air Breóthagh agus an deamhan annshíar
ó bhun Crúaiche Pádruicc. Ach ge táim ris, níor fhagbhais ráth no
dún, beann no síothbhrúgh faoí chíabhracht chiothbhraonach na
bflaitheas don leith dheis a d'Éighrinn gan chúartughadh gan
síobhal; agus níor eimhghe neoch trúagh no tréan mé, gan tríall do
chómoradh na bainfheise don ccur so. Agus tiocfaidh ann fós
Díarmuid Ó Duibhne as Dún Rachluinn".
33 "Go mbainidh an námhuid an stéic bhrághada asamsa", air
Áodh Mhac Goireachtaidh, "ma thig Díarmuid annso, mur bféadam-
sa beannacht do chur le mnaoí an ghruagaidh, oir is cúis deimhin go
rachaidh Díarmuid fárrthaidh amhuil agus do rinne le gach mnaoí
budh féar no chéile, dar chas 'na líon aríamh go fóill. Ach, a charaid
ionmhuin", air Áodh, "ni bfuil mo chostas féin coimhfhreagarthach
do mhéad mo mheanmuin chum ríaradh na n-úasal neamhghnái-
theach (17) sin ata triall do chomóradh na mórbhainfheise sin do
tionsgnadh leatsa le grádh agus le caradradh dhamhsa; agus fós
go bfuileam a ccéin a bfad óm' fhárus cinte comhaithis féin .i.
Slíabh Sioin. Agus móighdeam, da mbeín an m'ionadh féin anocht,
da ccailfinn go foircheann an bheatha an t-asal a fúarais do cheann
m'eadhlana ó Dhudly Blyke, go ttaisbeanain me féin a bfíadhnuise
mo núadhchleamhnaibh amhuil agus do ghníodh mo cháirde romham.
Ach ó thárla mise bféagmhais mo lucht comóraidh ach tusa amháin
at' aonfhar agus gur fiosach mé go bfuilir tréightheach an ilchearda
gach glanghaisgidh, is dimhin liom da nduisgfidh an bocan allmhurra,
do sháruidh mo choimhthional agus tug uilc agus uirleach mo chonairt
air an mhagh ráoidh ro-fhairsing so leacht, gur cúis dhimhin go
ttorcartaidh leacht é. Agus da ndeantaidh amhlaidh sin leat, do
shaibhealta an náire agus an iomshniomh atá orramsa an alt na húaireise,
oir is dhearbh liom go sáiseachadh an lánbhoc úd na
maithe 'ta gealladh chúgain go léir. Mur an ccéadhna, achtuím ort air
ghrádh h'oinidh agus h'úaisle gan bhean an ghrúagaidh léiginn air
amharc Mhic Ui Dhuibhne, oir is dearbhtha go ttiocfaidh críoch mo
bheatha agus gur lúaithe fo thrí le m'anam aige tréigint a charcaire no
leis an tshionnach lúathchosach do sginn tair mo bheulsa, lear
claoídheadh sárchonart agus úasaltheaghlach na deághbhruíghne so
do dhruim reatha agus rinnlúais, ma thig do neach dar ginneadh a
grádh do chláochlodh."
34 Annsin sinneas an genie a bhuabhall clochordha agus le fúaim
an bhinnbhúabhaill sin d'fhéach Áodh úadha agus do chídh paca
gadhar budh bhinne no orgainn da chaoímhe agus budh lúaithe fo
thrí le gach gadhar dhíobhtha no sgríb a' Chearnaoidh Cháol
Ríabhaigh an tan do mhárbh sé dearbhchomhalta righ Laighean,
agus gan aon ghadhar dhíobhtha níos mó no an madragh muinilte
is lúgh aige Maigheistreas Beg. Sroitheas agus sgáoileas an genie na
madraigh (18) bheaga lúathchosacha chorpgheala chlúaschorcra
sin fon ghleann chluthmhar glanchoilleadh bhí ngoire dhóibh, no
gur dúisgeadh leó go hathlaimh an bocan réumhráidhte agus hailbhin
lánmhór gadhbhar muráon fris. Agus do marbhadh an boc maille le
móran éile do na gadhbhar leó gan fhuireach, agus beirid leó don
mbruighean íad as a haithle.
35 "Is maith atáthar aguinn", air Áodh, "da mbeadh air ndíol
da chócaire aguine".
"Cia he an cócaire budh mían leacht do bheith agad?", air an
genie.
"Maire na Fraince Ní Goirc", air Áodh, "oir budh mór an ghlóir
agus an onóir an ghoic Fhrancach do chuirfeadh urthaidh fein aige
toirbhirt a ccoda do chách".
Airna rádha sin do Áodh, sinneas an genie an búabhall fraisbinn
ollghothach an dara feacht agus tre dhraoigheachta an fhir mhóir
do chí Áodh an cháolbhean cheannbheag choiréadrom chlag-
shúileach thrúaghbheolach da n-ionsaidh go direach san magh gach
ndíreach.
"Fáilte dhuit, a chaoimhinghean", ar Áodh, "is maith linn do
theacht don ccur so", air sé.
"Loquntur francum sallutum sibhse", air Máire.
"Ó nach bfuil Fraincis agamsa, go madh saoghalach thusa", air
Áodh, "agus éirigh asteach san mbruíghean, agus gabham do
chumairce um freastal agus um frítheoileadh na bainnse do ghlacadh
ort fein anocht".
"Gabhamsa air mo láimh sin do dhéanamh", air Máire, "agus do
réir m'uidis agus m'eóluis, agus ni shaoíghlim go mb'fhuras duitse
sin do thabhairt do neoch budh cliste san cceird sin no mé".
36 Gabhad lucht freastalaidh agus fritheolaidh an genie ag
casguirt agus ag díansgaoileadh gach feólmhach da roibh aca agus
ghaibh Maire ag deanamh sóop a d'ionar agus a d'abach na ngadh-
bhar. Sinneas an genie an búabhall an treas úair aige toghairm chaich
don mbruighean. Leis sin tigid na maithe réumhráidhte agus na
mórúaisle as gach ionadh agus as gach áit da ccúalabhar agus fós
tromthoigheastal Áodh Mhic Goireachtaidh féin (19) go húile agus
go hiomlán. Agus fos tanaic ádhbhar cleamhnaidh Áodh Mhic
Goireachtuidh do lathair agus do pósadh íad fein agus tríar inghean
Áodh ré chéile. Ach atá ní céadhna, suigheas an choimhthional mhór
mhaith sin agus tugadh bíadha sáora sochaimhthe agus deocha garga
gabhaltacha dhóibh. Agus gach úair da ttigeadh Maire Ní Goirc da
lathair do chuirfeadh frasa fúamhartha Fraincis aiste agus budh
cosmhuil gach casadh crúaidhbheólach cnaimhghíallach da ccuir-
feadh ann a geic le gach ruige da mbíodh a ttoin seanchirce guir
da cur air biorr. Gidheadh ní bhfuil úain aimsire da bhfághadh
Áodh óna chuideachta féin, nach labhradh ris an genie ag íarraidh
air Díarmuid Ó Duibhne do choimhead air mhnaoí an ghrúagaidh.
37 Gidheadh mur is gnáth a ndeireadh gach morfhéasta le
hiomad ól da gach biotailte is brioghmhuire no chéile agus go
spesialta an bhéoir da ngoirread cách uisge beatha, mur an ccéadhna
don ccoimhthional mór mhaithse; an tráth do chúaidh a ccíall chum
seachrainn, ro eirghe úaill na bfeárr ionnas go ttanaic siosma
eotorra féin, agus da thairbhe sin gur márbhadh caogad air thrí
chéad dhíobhtha, don ruathar sin.Taireis sin colas an méad do
mhairr dhíobhtha, agus do thuit táimhnéull codhlata air Áodh Mhac
Goireachtaidh féin agus is amhlaidh do fúair é fein air maidin airna
mhárach air a leabuidh fein le taoibh a chaillighe bige féin air
mhallaidh Shléibhe Sioin. Gurb é sin Eachtra Áodh Mhic Goir-
eachtuidh go nuige sin. FINIS.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11