Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Shaorbhreathach Mhág Cárthaigh

Title
Ar Shaorbhreathach Mhág Cárthaigh
Compiler/Editor
de Brún, Pádraig
Composition Date
1694
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1969-1970)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AR SHAORBHREATHACH MHÁG CÁRTHAIGH



Do chuala gol ban i gcéin,
is mairg dhom do chluin an gháir,
a' caoine Shaorbhreathaigh na lann,
ceathrar dhíobh cé binn atáid.



Gol mná ó Chorcaigh na gcuan,
gol aduaidh ó Fhormaoi,
gol ó Bhéilinse na mbárc,
is bean ó Chionn tSáile a' caoi.



Adhbhar a nguil faríor is trua,
Tighearna cródha Caisil cháidh
do thuit in arm Laoise Mhóir,
aon chú chúnta chríche Fáil.



Péarla na hÉireann is posta na Mumhan,
Phoenix shleachta Éibhir dob oiriric clú,
'tá in' aonar i ngéibheann na cloiche seo fút,
Saorbhreathach éachtach mac Donncha an Chúil.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services