Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dhá Litir Ghaeilge

Title
Dhá Litir Ghaeilge
Author(s)
Ó Floinn, Donnchadh,
Compiler/Editor
de Brún, Pádraig
Composition Date
1804
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1967-1968)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

1
An tAthair Pól ua Briain cct. an 12 lá de'n deachmhadh mhídh,
1804



A chara gráidhac na Ngaodhal,
marthain uain et séimh-shaoghal
achtím chugad a ndáil gach sonn
go Corcaigh cuanmhur, múr-thonn.



Mílse liom ioná beach air bhládh
startha Gaoidheilge gach nón-trádh;
is binne fós iona cuach air craoibh
luadh ar seanaidh na mór-ghníomh.



Scoilta, Éigse, Eagna árd,
cómhrádh caoimh-ghuth na Mbinn-Bhárd,
ní deónach a mórdhacht do mheas
's ár tteanga oirdheirc da neagmheas.



Uch! nach truadh súd Banba caoigh,
a gnáth-labhartha dá buan-dhígh;
Fódla, Éilge, Éirinn áigh,
go tocht éadmhar a ccómhbháidh!



Cumairc orinne a bhfír-chlann
do naisgaid ge cian anbhfann
teinte a núrlabhairthe do leas
's an drithle déighionnach air lag-theas.



Is truadh dá léigfeidh air lár
fómhbhar líonmhur na ttrom-bhár
do chnuasaidh gach snuadh-fhile rómhain
gan chomhal coimseach d'ar ttoil-dheóin.



Re mílseacht fuaime, réim ar snas
re binne céime agas séimh-bhlas
do bheir an Ghaodheilge buadh go beacht
air theangaibh Eóirp uile 'néinfheacht.



Anois ga iongnadh libhse an fádh
tré ar mhóidis léithse mo mhór-ghrádh,
fádh fós do dháimh leithe sinn
"guth ar sinnseir da aon-bhroinn".


L. 87


Gluaisim beanacht do gach sliocht
d'Éigse Mumhan na léighionn-bhliocht;
bean-acht buadhghach céad thar thrídh
chum Gaodhail ghaodhal-mhianach Chorcaigh.




A ghein ghrádhach m'iontíre -
Ní re neamhshuim an do bhriathra fáilteach do bhidhis go
trádhsa mo thocht, gan grádh fhreagradh do dheónadh chugad;
acht dochar imshníomhach inntinne fa dhubrón eaga mo dhearbh-
rathar; ionnas gor b'iad so na céad linnte do scríobhas uadh an am
sin gus an tansa. Is ró mhianmhur liom searc et suarcas carad do
ghnáth-fhaicse san cclódh Ghaodhalach. Uime sin gluaistar uaibh
go minic briartha bríghmhura binnbhlasda (d'an tsamhuil dhéan-
ach) d'ar ndáil; agus is mór-fháilteach an t-árus do gheabhaid a
Maghnuada, an feadh do bheis mise ann, aig comhruinn teanga díon-
thuilteach, síth-ghothach, árd-chéimamhuil na sean-ngaodhal; aig
a bhfuilid anois anso breis et 80 Óg-Eaglais dá díon-fhoghluim. Is
mise féin do bhrosdaigh Vall.y chum an Fhocalóir air ar labharrais
d'fhágbháil a lámhaibh an Chlódh-Cheárdáin, ionas go bhfoil-
seochaidh go luath nuadh-dheilbh de; acht ní ar bféidir fós a churr
a Ngrinneal tre luighiod a lucht cosanta, méid a chostaise, et
gainne na Ndearbhscríobhnóir. - Tamsa mar an ccéadna aig
olamhdha Broinn-Fhréimh .i. gramair na teangasa, et do dheóin
DÉ, chífeidhir é nios teirce iná siltear bládh lonnrach na adh-
bhliaghaine. - Scríobh chugam uadh am go am; agus gheabhair
comhluadar croidh-pháirteach an einfheacht re cion-bheannacht
uadh do shearc-shearbhfhóghantaidh etc..
Pól O Brian.



Gach nídh is áil leat, a shár-mhic, a luadh fuidh chóim
cuir gléasta re éadach na Ndraoidhthe cróim;
deas eólach air Ogham thu spéisamhuil grinn
budh bheól-mhilis liom Fódla air mhéin Ó Floinn.



2
Ag so am dhiagh mur leanas canamhuin Dhonnchadh ui Fhloinn,
chum an Athar Póil ui Bhriain, go Coláisde Mhaghnuada


L. 88


A aodhaire chliste an tréada,
mo chaomhna grádhach deighmhéineach,
a threóir na macaomh a ccéim na sean
sad lorg féin bhus áilgean,
Ní heagal dóibh, do'n óg-chléir,
an t-Oide ionnraic a ngaois ghléir
ó bhundhús oirdhearc go críoch gach goin,
an Diadhaire séimh do leanmhuin.



As loinneach linn an uimhir sin Gaodhal
a déanamh díolaim air bhláth an léighinn
a cnuasach a ndiosgáin a lubhghort Eóghain
's a claoidh an ainbhfiosa dá ttoildheóin.
Uime sin is dual air ball
a mbeith na TTaoisig air Naoimh-Cheall
nó iona nAodhairídhe iodhainn sonn
sa bhfonnsa a freasdal Éirionn.



A Dhiadhaire ró-ionmhuin mo tháin-dúthchais -



Ó dheónais mo scríbhinn
do chur a suim roimhesi, budh déarsgnaithe mo shoilbhireacht iar
nglacadh tfreagra acht gur dhoilfe mo ghnaoi air bhfághail tásg
torchradh do dhearbh-bhráthar ionmhuin ríomhtha ann, do chur
do réir nádúra, ceó dorcha air t'ínntinn et is fíor air do shonsa
go ttáinidh diamhairnéul ós mo chionn féin air léaghadh an bhróin-
sgéil sin damh. Guidhim sáimhrígh suthain dá anam.



Is úrgháirdeachus liom mé air m'áiriomh a measg do cháirde
et do thréada; et ó aobhdhais sin ad líntibh sulbhaire a meádhon
t-eolchaire, is airghean dearbhtha damh é go bhfuaras fabhar et
fasgadh ad ghean, gé neamh-dhiongmhála mé, et is dearbhtha nách
bhfuil congra budh soilbhire rinn d'fhághail ó Laighnibh ná
cloisdin uait go minic, ag altroma et ag frithchéadfaidh an teas-
ghrádh cumain sin do dheonais do chroidhe ceangal le mo chómh-
dearóil-si do chlannaibh fíor Gaodhal. Aitchim tú a chreidiomhuin
uaim nách air ceal d'imthigh an seagh so, acht go bhfuil a ttaisge
go frithsearcach a ccisde mo chléibh. Sirim ort tabhair mo bhean-
nocht do'n tseasgad ógchléire sin agad dá bhfollamhnúghadh a
ngaois na n-ollamhan, et a ttreartha na sláinte síorruidhe, et
guidhim dóibh sin áthas gan aithis 'sna ceimibh oirdheirce sin.
Uisiaraim maitheamhnus ort a ttaobh gach nídh inbhéime do bhí
ioná a tá am sgríbhinn chugad, óir admhuim go leirte dhuit nach
da'm aonta atáid acht d'easbadh eólais. Guidhim tu tabhair fios


L. 89


dam cianos nó an féidir dam do ghramadach féin d'fhághail air ar
labhrais ann do litir chugam, óir is ró mhian liom é d'fhaicsin.
Do scríbh cló-bhualtóir Valancy chugam a mbliaghna dá rádh gur
chómhsamhuil go bhfágfaidh an caithmíle sin a dhuadh obair
léighionnta .i. an Focalóir, ag an ccoláisde, acht ní feas damh an
i Coláisde Mhaghnuada nó na Tríonóide. Ná fúig me air seachrán
san nídh si.



Atá seann leabhar meambruim anois am sheilbh do sgríobhadh
le Giolla Phádraig Ó Hiceadha san mbliaghain 1179 thráchtas air
liaghus sláinte an choirp. Is ró bhríomhar an toideas atá ann, et
uime sin, is mian liom, le cungnamh Dé é d'athnuadha. Do thógras
leabhar beag eile do sgríobhadh chum sláinte an anama et gairm
do An tslíghe go Neamh; as láimhleabhar úrnuighthe é so, et is
tiomarga ó leabhraibh diadha é, nóch is mian liom do cheangal ar
aon-toirt; et atá mo dhóthchus beódha, mádh tá a ndán damh tu
theacht gus an CCathairse go bráthach go ndéanfair a ndeagh-
maisiúghadh, mádh díol iad, re'd tainim.



An bhfuilid aon chuid do na sean leabhraibh agaibh a
Maghnuada?



Créad iad na néulta diamhraso ós árd, et ós cionn tíre bhrutais a
préamhughadh gach eang dá ttig? An é gurab iad so cómharthadha
apthach nó amhgair na nUaibhreach, do budh ró oscach ós cionn
chách, et do rug bár basail air thíorthaibh na Cruinne? Nó an é go
ttáinig an treabhaire go ceann an iomaire, nó an eiriceacht go
críoch a téarma? Is feas,



Nach bhfaghaid aoin eirr do dhéanfadh díon dóibh,
Ní'l eachtra adhmhar air muir 'ná air tír leó.


L. 90


Ní feas cá háit de'n mhuir bhraonaidh ina bhfuil mac Eibhlín
ná a choltach. San mhionca do sgríobhfair chugam chóimh minic
et sin do dhéanfair ionnshorcúghadh céadfaidhe et intinne,
Do sheirbhísig
grádhach
Donnchadh Ó Floinn
A CCorca an 30 lá d'Iúil
1805
Chum an Athar Póil ui Bhriain
A CGoláisde Mhaodhnuada,
A CCoige - Laighionn
Pádraig de Brún



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services