Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Two Poems on Diarmaid Ó Conchubhair

Title
Two Poems on Diarmaid Ó Conchubhair
Author(s)
Ó Neachtain, Seán,
Compiler/Editor
Risk, M. H.
Composition Date
1728
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1967-1968)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



i
I n-aghaidh Dhiarmuid uí Chonchabhair.
Seaán ua Neachtuin cecinit.



Conach úr gidh gur gábhadh
is tuar támha don eallach,
a ghoil ghuineach ní baoghulach
seal a bhímsi im bheathadh.



Luibh leighis agus íceadh
ar ghuin thaodaigh na péiste
agamsa i mbarr mo pheannadh
tá, gan easbhuidh gan éara.



Dart beag géar do mo bholgán
marbhthach iomlán a neimhe;
neach teann mise nach claoidhte
i n-aghaidh an daoithe ar mire.



ii
Seaán Ó Neachtuin ar an Diarmuid céadna.



d'innis m'aislinn dhamh aréir -
chím nach bréag do rinnigh an guth -
dá mhéad meang san tsionnach ruadh
gur lia cluain san tsionnach dubh.



Sionnach ruadh ní chanann olc;
ní bhíonn a ghob ionn gach sgéal;
ní chuireann cluiceóg ar neach -
'measg na gcearc mun' gcastar é.



Ní mar sin don tsionnach dubh;
iomdha olc iona ghníomh;
mealltóir meabhlach an saith;
puinn don mhaith níor chleacht ariamh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services